Oír rugadh an Slánuightheoir dháoibh a niu, (éadhon Críosd an Tighearna,) a gcathruigh Dháibhí.

 

 Lucas 2:11

An Bronntanas Nollag is Fearr…

 An bhliain seo, nar mhaith leat dearmad a dhéanamh ar na h-ionaid siopadóireachta plódaithre, na siopaí bréagáin, agus catalóig na Nollag? Tá bronntanas saor in aisce ag fanacht leat an Nollaig seo! Seo bronntanas a féidir dul amú i deifir na Nollag! Is é seo Slánú agus ní féidir le héinne déanamh gan é!

 Is é an bronntanas grá é. I gcúl na gceann againn, tá a fhios againn go bhfuil sé ag baint le grá, ach cé leis an grá?

 “Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éinghein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nach rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.” Eion  3:16

 Is é an bronntanas maithimh é. Tá an iomarca croí briste brúite faoin lód pheacaigh an ama chaite.

 “Ar a nadhbharsin bíodh a fhios agaibh a fhir agus bhraithreacha, gur trés an bhfearso foillsighthear dhíbh maithfeachus na npeacadh.”  Gniomha 13:38

 Is é an bronntanas beatha é. Níor tháinig an Tiarna Íosa chun reiligiún a chur ar bún. Tháinig Sé chun beatha fhairsing a bhronnadh orainn!

 “Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharthanach aige, agus ní thiocfá sé chum damnuighthe; achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.”  Eoin 5:24

 Sé an bronntanas gairdis. Corraíonn slánú an croí, mar pháiste ar mhaidin na Nollag!

 Agus a dubhairt an taingeal riú, Na bíodh eagla oruibh: óir, feuch, a táim ag soisgéulughadh dhíbh gáirdeachus mór, noch bhías do gach uile phobal.  Lucas 2:10

 Is bronntanas na bhFlaitheas iad féin é. Nár mhaith leat na Flaitheas a bheith in áirithe dhuit nuair a fhaigheann tú bás?

 “As iomdha tíaghais a dtigh Matharsa: agus múna mbeith, dinnéosuinn dháoibh é. Atáim ag dul dullmhughadh áite dháoibh. Agus ma imthighim dullmhughadh áite dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agudgéubhuidh mé sibhsi chugum féin.” Eoin 14:2,3

 Ach, ní gach éinne atá ag iarraidh an bhronntanas seo.

 “Agus do sheas an pobal ag fhéachain air. Agus do rinneadar na húachdarain leis fonómhad fáoi maille ríusán, ag rádh, Dfóir sé ar dháoinibh eile; fóireadh sé air féin, mas é so Criosd, do thogh Día.” Lucas 23:35

 

Is é an bronntanas amháin atá de dhith ort an Nollaig seo ná bronntanas Aonmhac Dé, Íosa Críost

“Oír níor chuir Día a Mhac féin air a tsáoghal do chum go ndaimnéochadh sé an sáoghal; achd do chum go sláinéochaidh an sáoghal thrid.” Eoin 3:17

 Tóg an bronntanas saor beatha shíoraí -- Íosa!

 “Oír asé as túarasdal don phéacadh bás; achd asé tabhartus Dé an bheatha mharthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.” Romhanach 6:23

 Ní féidir leat an bronntanas seo a thuilleadh: glacann tú leis trí chreideamh i ngealltanas síorchinnte Dé, “Oír gidh be duine ghuidhfeas ainm an Tighearna, slainéochthar é.” Romhanach 10:13

 Ní bhraitheann an tsíoraíocht ar do ghníomhartha reiligiúnta, ach go gcreideann tú go bhfuair Íosa Críost bás ar son do pheacaigh go léir, agus gur féidir leis d’anama a shlánú! Iarr air i nguí anois go maithe Sé do chuid peacach, go sábhála Sé d’anam ar an Ifreann, agus go dtuga Sé dhuit an bronntanas beatha shíoraí! Geallann Sé dhuit é!


Má saolaíodh arís thú mar gheall ar an mbilleog seo a léamh, má tá Bíobla de dhith ort, nó má tá uait cúrsa Bíobla saor, cuir fios ar:

Eaglais Bhíobla Bháisteach Bhlárna
Bible Baptist Church of Blarney

Dé Domhnaigh 10:30 AM agus 6 PM sa

TA Hall, Bóthar an Stáisiúin, Blárna

Nó cuir litir chun, 29 Westcourt Hghts,

Ballincollig, Cork.  Fón: (021) 4871234

Ar an Idirlíon: www.biblebc.com

Ríomhphost: biblebc@gmail.com 

To view this tract in English, Click Here