William O’Domhnuill New Testament of 1602; 1817 edition
Caibidil I
1 Do bhrígh gur ghabhadar mórán do láimh sdair do
sgríobhadh air na neithibh agá bhfuil a sáirfhios aguinne,
2 Do réir mar
thugadar na dáoine do chonnairc lé na súilibh rein ó thús, agus do bhí ag
miniosdrálachd na bréithre, dhúinne íad;
3 Do chonncas damhsa mar an gcéudna,
a Theophilus ro oirdheirc, ar bhfagháil feasa iomlan gach uile neithe ó na
bhfíorthosach dhamh, a sgríobhadh chugadsa a nórdughadh,
4 Do chum go mbía
deimhin na mbriathar, do múineadh dhuit agad.
5 Re linn Iorúaith, rí thire
Iúdaighe, do bhí sagart airighe dár bhainm Sacharías, do sheal Abía: agus a
bhean dingheanuibh Aaróin, agus, Elísabet do baimn dhi.
6 Agus do bhádar a
ráon nit ndáoinibh fíreanta a bhfíadhnuisi Dé, ag siobhal go neimhchiontach ann
uile aitheantuibh agus órduighthibh an Tighearna.
7 Agus ní raíbh, sliochd
orrtha, do bhrígh go raibh Elisábet aimrid agus go raibh áois mhór aca ar áon.
8 Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh oifige an tsagairt a bhfiadhnuisi Dé
ann a sheal féin,
9 Do réir ghnáthuighthe oifige an tsagairt, go ráinic dhó
an túis do losgadh tar éis dul a sdeach go teampoll an Tighearna dhó.
10 Agus
do bhí coimhthionól an phubail uile ag déanamh úrnuighe a muigh a naimsir na
túise.
11 Agus do taidhbhreadh dhó aingeal an Tighearna na sheasamh ar an
dtáoibh ndeas daltóir na túise.
12 Agus ar na fhaicsin do Shacharías, do bhí
sé ar na bhúaidhreadh, agus do ghlac eagla é.
13 Achd a dubhairt an taingeal
ris, Ná bíodh eagla ort, a Shacharías: óir do héisdeadh húrnuighe; agus béaruidh
do bhean Elisábet mac dhuit, agus do bhéara tú Eóin mar ainm air.
14 Agus
budh gáirdeachus agus lúathgháire dhuit é; agus biaidh lúathghaire ar mhóran fa
na bhreith.
15 Oir bíaidh sé na dhuine mhór a bhfíadhnuisi an Tighearna, agus
ni íobha sé fíon na deoch láidir; agus fós bíaidh sé lan don Spiorad Náomh, ó
bhroinn a mháthar.
16 Agus fillfidh sé mórán do chlannuibh Israél chum an
Tighearna a Ndía féin.
17 Oir géubhaidh seisean roimhesan a spioraid agus a
shubháilce Elías, dfilleadh chroidheadh na naithreach chum na cloinne, agus na
neasumhal chum gliocuis na dáoine gcomhthrom; agus dullmhughadh phobuil
dhiongmhálta don Tighearna.
18 Agus a dubhairt Sacharías ris an aingeal,
Cionnas bhías a fhios so agamsa? óir a táim um dhuine arsuidh, agus a tá áois
mhór ag am mhnáoi.
19 Agus ar bhfreagra don aingeal a dubhairt sé ris, Is
misi Gabríel, sheasas a bhfíadhnuisi Dé; agus do cuireadh mé do labhairt riotsa,
agus dinnsin na núaidheachd maith so dhuit.
20 Agus, féuch, bíaidh tú gan
úrlabhra, agus ní bá héidir leachd labhairt, go soithe an lá an a dtiocfaid na
neithe so chum críche, do bhrígh nár chréid tu dom bhríathraibhsi, noch
coimhlíonfuighear na nam féin.
21 Agus do bhí an pobal ag fuireach ré
Sacharías, agus do biongnadh léo an fad do fhan sé sa teampoll.
22 Agus ar
ndul a mach dhó, nír bhéidir leis labhairt ríu: agus do aithnigheadar go
bhfacaidh sé taidhbhsi sa teampoll: óir do sméid sé orrtha, agus do fhan sé
balbh.
23 Agus tárla dhó, an tan do coimhlionadh laéthe a mhiniosdrálachda,
go ndeachaidh sé dhá thigh féin.
24 Agus tar éis na laethesi, do toirrcheadh
Elísabet a bheansan, agus do fholaigh si í féin ar feadh chuig mios, ag rádh,
25 Oír is mar so do rinne an Tighearna rium ann sna laethibh an ar fhéuch sé
oram, do thógbháil mo neimhcheana dhiom a measg na ndáoine.
26 Agus an sa
seisiodh mí, do cuireadh an taingeall Gabríel ó Dhía go cathruigh don Ghalilé,
dár bainm Násaret,
27 Dionnsuighe óighe ar a raibh ceart ag fear do thigh
Dháibhí, dár aínm Ióseph; agus do bé do bainm do nóigh, Muire.
28 Agus ar
ndul a sdeach dá hionnsuighe do naingeal, a dubhairt se, Dia do bheatha a ógh
roghrásamhuil: a tá an Tighearna maille riot: is beannuighe thú eidir na mnáibh.
29 Agus an tan do chonnairc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na
bhriathraibh, agus do bhí sí ag smúaineadh créd an ghné bheannughtheaso.
30
Agus a dubhairt an taineal ría, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire: óir fúair tú grása
ó Dhía.
31 Agus, féuch, bíaidh tú torrach ad bhruinn, agus béaraidh tú mac,
agus do bhéara tú IOSA dainm air.
32 Bíaidh se mór, agus goirfidhear Mac an
té is Airde dhe: agus do bhéura an Tighearna Día caithír Dháibhí, athar féin
dhó.
33 Agus bíaidh sé na righ ar thigh Iácob go bráth; agus ní bhía deireadh
ar a ríoghachd.
34 Agus a dubhairt Muire ris a naingeal, Cionnas bhías so,
óir ní bhfuil fios fir agamsa?
35 Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se
ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as
Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe.
36
Agus, féuch, Elisabet do shiur, a tá sisi leis torrach air mhac ann a
hárrsuigheachd: agus is sé so an seisiodh mí don mhnáoi úd, dá ngoirthear bean
aimrid.
37 Oír ní bhía ní ar bith doidhéunta do Dhia.
38 Agus a dubhairt
Muire, Féuch, banóglach an Tighearna; teagmhadh dhamhsa do réir do bhréithrisi.
Agus do imthigh an taingeal úaithe.
39 Agus an tan do éirigh Muire ann sna
laéthibh sin, do chúaidh sí go dheíthneasach chois sléibhe, go cathraigh Iúda;
40 Agus do chúaidh sí a steach go tigh Shacharías, agus do bheannaigh si
Délisabet.
41 Agus tarla, mar do chúalaidh Elisabet beannughadh Mhuire, gur
bhíog an náoidheanán ann a broinn; agus do bhí Elisábet air na líonadh don
Spiorad Naomh.
42 Agus do éigh sí do ghuth mhór, agus a dubhairt si, Is
beannaighthe thú eidir na mnáibh, agus is beannaighthe toradh do bhronn,
43
Agus cionnus do éirigh so dhamsa, go dtiocfadh matháir mo Thighearna féin
chugam?
44 Oir, féuch, comhlúath is tháinic fúaim do bheannaighthe am
chlúasaibh, do bhíog an náoidheanán lé gáirdeachus ann mo bhroinn.
45 Agus is
beannaighthe an bhean do chreid: óir coimhlionfuidhear na neithe do gheall an
Tighearna dhi.
46 Agus a dubhairt Muire, Adhmolaidh manam an Tighearna,
47
Agus do ní mo spiorad gáirdeachus a Ndía mó Shlánuightheóir.
48 Do bhrígh gur
fhéuch sé ar úmhla a bhanóglaighe féin: oír, féuch, ó so súas goirfid na huile
chine beannuighthe dhíom.
49 Oir do rinne an té a tá cumhachdach neithe móra
dhamhsa, agos is náomhtha a ainm.
50 Agus a tá a thrócaire ó dhíne go díne
don dréim ar a bhfuil a eagla.
51 Do rinne sé gníomh láidir lé na láimh; do
spréigh sé na dáoine úraibhreacha a smúaintighe a gcroidheadh féin.
52 Do
tharruing sé na dáoine cumhachdacha as a gcaithiribh, agus do árduigh sé na
dáoine umhla.
53 Do líon sé na dáoine ocracha lé, neithibh maithe; agus do
chuir sé úadh na dáoine saidhbhre folumh.
54 Do thóg sé súas Israél a
shearbhfhoghantuidhe féin, do chuimhniughadh ar a thrócaire;
55 (Mar do
labhair sé ré ar naith-reachuibh, Abraham, agus ré na shíol go bráth.)
56
Agus do fhan Muire na fochair timcheall thrí míos, agus do fhill sí dhá tigh
féin.
57 Agus táinic ionbhuidh Elísabet ion ar mhídhid dhigh breath; agus rug
sí mac.
58 Agus do chúaladar a comharsain agus a dáoine gáoil, gur fhoillsigh
an Tigh¬earna a thrócaire mhór féin di; agus do rinneadar gáirdeachus má ráon
ria.
59 Agus tárrla, go dtangadar air a nochdmhadh lá do chum go ndéanaídís
an náoidhe do thimcheallghearrádh; agus do ghoireadar Sacharias de, do reir anma
a athair.
60 Achd ar bhfreagra dhá mháthair a dubhairt sí, Ni hámhluidh
bhías; achd Eóin goirfidhear dhe.
61 Agus a dubhradar ría, Ní bhfuil
éannduine dod chineadh dá ngoirthear an tainmsi.
62 Agus do rinneadar
comhartha dhá athair, créd an tainm bá mían leis do thabhairt air.
63 Agus ar
níarruidh cláir sgriobhtha dhosan, do sgríobh sé, ag rádh, Is Eóin is ainm dhó.
Agus do ghabh iongantus íad uile.
64 Agus ar an mball do hosgladh a bhéulsan,
agus a theanga, agus do labhair sé, ag moladh Dé.
65 Agus do ghabh eagla a
gcomharsuin uile: agus do haithriseadh na neithe so uile chois tsléibhe thíre
Iúdaighe uile.
66 Agus gach uile dhuine dhá gcúalaidh sin, do chuireadar a
dtaisgidh an a gcroidh¬thibh féin iad, ag rádh, Créd é an sórt leinibh bhias so!
Agus do bhí lámh an Tighearna maille ris.
67 Agus do bhí Sacharías athair,
lán don Spíorad Náomh, agus do rinne sé faidheadóireachd ag rádh,
68 Go madh
beannaighe au Tighearna Día Israel; ar son gur fhiosruigh sé agus gur fhúasgail
sé a phobal féin,
69 Agus do thóg sé súas adharc na sláinte dhúinne a dtigh
Dháibhi a shearbh¬fhoghantuidhe féin;
70 Do réir mar do labhair sé tré bhéul
a fháidheadh náomhtha féin, do bhí ann ó thús an domáin:
71 Ga gcuimhdéochadh
sé sinn ó ar ¬naimhdibh, agus ó láimh gach uile dhuine agá bhfuil fúath dhuinn;
72 Go ndéanadh sé trócaire air ar naith¬reachuibh, agus go gcuimhnéochadh sé a
thiomna náomhtha féin;¬
73 Agus ar an mionna lé a dtug sé móid Dábrahám ar
nathairne, go dtiubhradh sé dhúinn,
74 Go mbémís gan eagla air ar sáoradh ó
láimh ar námhad do chum seirbhisi do déanamh dhó féin,
75 A náomhthachd agus
a bhfíréantachd na fhíadhnuisiséan, a laéthibh ar mbeatha uile.
76 Agus tusa,
a leinibh, goirfithear diot faídh an té as Airde: óir rachuidh tú roimh aghaidh
an Thighearna dullmhughadh a shligheadh;
77 Do thabhairt éolus na sláinte dá
phobal tré mhaitheamhnus na bpeacadh,
78 Tré thrócaire ro mhóir ar Ndia féin;
lér fhiosruigh sé sinn ag éirghe ón ionad árd,
79 Do thabhairt soillsi don
droing do bhí na suidhe a ndorchadas agus a sgáile ¬an bháis, agus do dhíorghadh
ar gcos a slighe na síothchána.
80 Agus do fhás an leanabh, agus do
neartuigheadh é a spíoruid, agus do bhí sé ar na fásuighibh go soithe an lá an
ar fhoillsigh sé é féin Dísraél.
Caibidil II
Beirthear Críosd, 13
moladh na naingil, 28 agus Sinmeon, 36 ré fáigheadoireacht Anna.
1 Agus
tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh áithne ó Shéasar Augustus, an domhan
uile do mheas,
2 (Ag so an céudmheas do rinneadh an tan do bhi Sirénius na
úachdarán ar Shíria.)
3 Agus do chúadar eile dhá meas, gach áon fá leith dhá
chathruigh féin,
4 Agus do chúaidh Ióseph mar an gcéudna súas ón Ghalilé, as
an gcathraigh Nasarét, go tír Iúdaighe, go cathruigh Dhaibhi, dá ngoirthear
Bétleem; do bhrígh go raibh sé do thigh agus do shliochd Dháibhí:
5 Ionnus go
measfuigh é maille ré Muire do bhi ar na ceangal ris mar mhnáoi, ar mbeith dhi
torrach.
6 Agns tárla, ar mbeith dhóibh ann sin, go dtangadar laéthe a
hionbhuidhsean.
7 Agus rug sí mac a céudduine cloinne, agus do chuir sí
giobuil cheangail na thimcheall, agus do chuir sí na luighe a mainséur é; do
bhrígh nach raibh ait aca sa tigh ósda.
8 Agus do bhádar áodhairidhe sa
dúithche sin na gcomhnuidhe a muigh, agns ag déanamh faire oidhche ar a dtréd.
9 Agus, féuch, do sheas aingeal an Tighearna láimh léo, agus do shoillsigh
ghlóir an Tighearna na dtimcheall: agus do ghabh eagla mhór íad.
10 Agus a
dubhairt an taingeal riú, Na bíodh eagla oruibh: óir, feuch, a táim ag
soisgéulughadh dhíbh gáirdeachus mór, noch bhías do gach uile phobal.
11 Oír
rugadh an Slánuightheoir dháoibh a niu, (éadhon Críosd an Tighearna,) a
gcathruigh Dháibhí.
12 Agus ag so comhartha dhíbh; Do ghéubhtháoi an leanabh
ceanguilte a ngiobluibh, na luighe a mainnséur.
13 Agus do bhí go hobann
cuideachda mhór do shlúagh neamhdha a bhfochair an aingil ag moladh Dé, agus ag
rádh,
14 Glóir do Dhía ann sna hárduibh, agus síodhcháin ar an dtalamh,
deaghthoil do na dáoinibh.
15 Agus tárla, mar do imthigheadar na haingil
úatha ar neamh, go ndubhradar na háodhairidhe ré chéile, Imthigheam anois don
Bhetléem, agus féucham an ní so do rinneadh, noch do fhoillsigh an Tighearna
dhúinn.
16 Agus tangadar go deithneasach, agus fuaradar Muire agus Ióseph,
agus an náoidhe na luighe a mainnséur.
17 Agus an tráth do chonncadar sin, do
aithriseadar an ní a dubhradh riú a dtimcheall an leinibhsin.
18 Agus na
huile dháoine da gcúalidh so do ghabh iongantus íad fá na neitheibh a dubhradar
na háodhairidhe ríu.
19 Achd do thaisgidh Muire na bríath¬rasa uile, dá
mbreathnughadh ann a croidhe.
20 Agus do fhilleadar na háodhairidhe, ag
tabhairt glóire agus ag moladh Dé tré gach ní da gcúaladar agus da bhfacadar,
mar a dubhradh riú.
21 Agus an tan do coimhlíonadh ochd lá chum an leinibh do
thimcheallgherradh, tugadh' IOSA mar ainm air, éadhon an tainm do ghoir an
taingeal de suil do gheineadh a mbroinn é.
22 Agus an tan do coimhlíonadh
laéthe glanta Mhuire do réir reachda Mháoisi, rugadar léo go Hiarusaléim é, da
thaisbéanadh don Tighearna;
23 (Mar a tá scriobhtha a reachd an Tighearna,
Gach céudghein mhic thuismeas brú bíaidh sé náomhtha don Tighearna;)
24 Agus
do thabhairt ofrála, do réir mar a dearthar a reachd an Tighearna, Cúpla
turtair, nó dha gheirrceach coluim.
25 Agus, féuch, do bhí duine a
Níarusaléim, dár bhainm Símeon; agus do bhí an fearso comhthrom diadha, agus a
shúil ré comhfhurtachd Israel: agus do bhí an Spíorad Náomh ann,
26 Agus do
fhoillsigh an Spiorad Náomh dhó, nach bhfaicfeadh sé bás, nó go bhfhaicfeadh sé
Criosd an Tighearna,
27 Agus táinic sé maille ré tréoir na Spioraide don
teampoll: agus an tan thug a athair agus a mháthair an leanabh Iósa, do chum go
ndéanaídis ar a shon do réir gnáthuighthe an dlighe,
28 Ann sin do ghabh
seision chuige ann a uchd é, agus do mhol sé Día, agus a dubhairt sé,
29 A
Thighearna, a nois leigeas tú dod shearbhfhoghantuidhe imtheachd a síodhchain,
do réir tfhocail féin:
30 Oir do chonncadar mo shúile do shlánughadhsá,
31
Noch do ullmhuigh tú a bhfíadhnuisi na nuile phobal.
32 Solus do dhéunadh
soillsi do na Cineadhachuibh, agus glóir do phobail féin Israél.
33 Agus do
ghabh iongantus Ióseph agus a mháthairsion fá na neithibh a dubhhradh na
thimcheall.
34 Agus do bheannuigh Símeon íad, agus a dubhairt sé ré Muire a
mhathairsion, Féuch, a tá sé so ar na órdughadh do chum tuitme agus eiséirghe
mhóráin a Nisraél; agus na chomhartha agá gcuirfithear na aghaidh;
35 (Agus
fós, rachaidh cloidh éamh tré thanamsa mar an gcéudna,) do chum go nochdfuidhe
smúaintighthe as mórán do chroidhibh.
36 Agus fós do bhí Anna, banfháidh,
inghean Phánuel, do threibh Aser: do bhi aois mhór aiceso, tár éis seachd
mblíadhna do chaitheamh dhi ag fear a ndiáigh a maighdeannis;
37 Agus ar
mbeith na baintreabhuigh a dtinicheall cheithre mblíadhan agus cheithre tichid
dhi, níor fhág sí an teampoll, achd ag déunamh seirbhísí do Dhía do ló agus
doidhche le trosgadh agus lé húrnuighthe.
38 Agus táinic so do láthair ar an
úair gcéudna agus dadmhuigh sí na thimcheall ré gach áon agá raibh súil ré
fúasgladh an Iarusaléim.
39 Agus mar do chríochnuigheadar gach uile ni do
réir reachda an Thighearna, do fhilleadar don Ghalilé, da gcathruigh féin
Násarét.
40 Agus do fhás an macaomh, agus do neartuigheadh é a spioraid, agus
do bhí sé lán deagna: agus do bhí grása Dé maille ris.
41 Agus do
ghnáthuigheagh a athair agus a mháthair dul gach a blíadhna go Híarusaléim a
sollamuin na cásg.
42 Agus ar mbeith dhá bhliadhan déug dho, do chuadar suas
go Híarusaléim, do réir ghnáthuighthe na sollamna.
43 Agus are geríochnughadh
na, láetheadh sin, an tan do fhilleadarsan, dfan anleanabh Iósa a Níarusaléim;
gan fhios do Ióseph ná dhá mháthair.
44 Agus, an tan do shaóileadar go raibh
sé na gcuideachda, do shiobhladar asdar laoi; agus diarradar é a measg a ndaoine
gaoil agus aitheanta.
45 Agus an tan nach bhfúaradar é, do fhilleadar arís go
Híarusaléim, dhá iarruigh.
46 Agus tárla, trí lá dá éis sin, go bhfúaradar é
ann sa teampoll, na shuidhe a measg na ndoctúireadh, ag éisdeachd ríú, agus ag
cur cheasd ortha.
47 Agus do ghabh iongnadh gach uile dhuine dá gcúalaidh é
fá na thuigsin agus fá na fhreagarthaibh.
48 Agus ar na fhaicsin dóibh, do
ghabh úathbhás iad: agus a dubhairt a mháthair ris, A mhic, créd fá ndearna tú
mar so rinn? Féuch, do bhí misi agus dathair lán do dhobhron dod lordaireachd.
49 Agus a dubhairt seision ríu, Créd fá rabhabhair dom lorgaireachdsa? An né
nach raibh a fhios agaibh gur bhéigin damhsa bheith ag déanamh ghnódhaighthe
Mathar?
50 Achd níor thuigeadarsan na briathra do labhair se ríu.
51 Agus
do chuáidh sé léo síos, agus táinic sé go Násaret, agus do bhí sé umhal dóibh:
agus do thaisgidh a mháthair na briathra so uile an a croidhe.
52 Agus dó bhí
Iósa ag fás an eagna, agus a naóis, agus a ngean ag Día agus ag daóinibh.
Caibidil III
Seanmoir agus teasdas Eóin um Chriosd,
21 teasdas Dé nime: 23 agus a shinnsiorrachd thaoibh Ioseph.
1 Agus
an-cuigeadh bliadhan déug dimpireachid Thibérius Séasar, ar mbeith do Phonsius
Phioláid na úachdarán a ttir Iúdáighe, agus Ioruáith na théatrarc sa Ngalilé,
agus Philip a dhearbhrathair na théatrarc air Ituréa agus air chrích
Thrachonítis, agus Lísánias na thetrarch air Abiléne,
2 An tan do bhí Annas
agus Caiphás na nárdshagartuibh, tháinic bríathar Dé chum Eóin mhic Sacharías
san bhfásach.
3 Uime sin tháinic sé ar feadh na dúithche a dtimcheall Iórdan,
ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe chuin maithmbeachuis na bpeacadh;
4 Mar a
tá sgríobhtha a leabhar comhráidhteagh Esaías fáidh, a deir, Guth an té
éighmheas ar an bhfásadh, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasáin
díreach.
5 Líonfuidhear gach uile ghleann, agus ísleochthar gach uile sliabh
agus chnoc; agus béid na neithe cama díreach, agus na slighthe garba mín;
6
Agus do chífi gach uile fheoil slanughadh Dé.
7 Uime sin a dubhairt sé rís a
tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisdfeadh seisean íad: A shliochd na
naithreach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd?
8 Ar a nadhbharsin tabhraidh tórrtha bhus iomchubhaidh don naithrighe úaibh,
agus ná tionsgnaidh a rádh ionnaibh féin, A tá Abraham na athair aguinn: oír a
deirimsi ribh, Gur ab éidir lé Dia clann do dhúsachd as na clochmibhse féin
D’abraham.
9 Agus a tá an tuáigh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann:
ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dtabhair toradh maith gearrthar é, agus
teilgthear sa teinidh é.
10 Agus do fhíafruigh an slúagh nile dhe, ag rádh,
Ar a nadhbharsin créud do dheunam?
11 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé
ríu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil; agus gidh bé
agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna.
12 Agus tangadar na puibliocáin
mar an gcéudna ionnus go mbaisdfidhe íad, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir,
créud do dhéunáimné?
13 Agus a dubhairt seision ríu, Na déunuidh ní sa mhó ná
do horduigheadh dhaóibh.
14 Agus do chuireadar na saighdiúirígh fós ceisd
air, ag rádh, Agus créad do dhéunuimne? agus a dubhairt seisean ríu, Ná déunaidh
foiréigean ar dhuine ar bith, agus ná hagraidh duine ar bith go heugcórach agus
go madh lór libh bhur dtúarasdal féin.
15 Agus ar mbeith ag feitheamh don
phobal, agus ag smúainiughadh dhóibh uile an a gcroidhthibh a dtimcheall Eóin,
nar bheisean Chríosd,
16 Do fheagair Eóin, ag rádh ríu uile, Baisdeamsa sibh
go deimhin lé huisge; achd a tá neach is nearthmhuire ná misi ag teachd, ag nach
fiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfidh seision sibh leis an Spiorad
Náomh agus lé teinidh:
17 Aga bhfuil a chríathar an a láimh, agus glanfidh sé
a urlár féin, agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin; achd
loisgfidh sé an cháith lé teine nách eidir a mhúchadh.
18 Agus ag teagasg
mhóráin eile fós dó do mhinigh sé an siosgéul don phobal.
19 Agus ar gcur an
aghaidh Iórúaith an Téatrarca dhó, fá Heródias bean Philip a dhearbhrathar, agus
fá gach uile olc dá ndearna Iorúaith,
20 Do chuir sé so leis do bhárr ar gach
ní, gur dhúin sé ar Eóin a bpríosún.
21 Agus tárla, an tan do baisdeadh an
pobal uile, agus do bhí Iósa agá bhalsdeadh, agus ag déanamh úrnaighthe, gur
bosgladh neamh,
22 Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair
chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac
grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.
23 Agus do bhí Iosa féin a
dtimchioll a dheichmblíadhan fichead dáois, ar mbeith (do réir bhreathnuighthe
na ndáoine) na mbac ag Ióseph, mhic Héli,
24 Mhic Matthat, mhic Lébhi, mhic
Melchi, mhic Ianna, mhic Ioseph,
25 Mhic Matatías, mhic Amos, mhic Náum, mhic
Esli, mhic Nagge,
26 Mhic Máat, mhic Matatías, mhic Sémei, mhic Ióseph, mhic
Iúda,
27 Mhic Ioanna, mhic Résa, mhic Sorobábel, mhic Salatíel, mhic Néri,
28 Mhic Melchí, mhic Addi, mhic Cósam, mhic Elmodam, mhic Er,
29 Mhic Ióse,
mhic Eliéser, mhic Iórim, mhic Matthat, mhic Lébhi,
30 Mhic Siméon, mhic
Iúda, mhic Ióseph, mhic Iónan, mhic Eliácim,
31 Mhic Meléa, mhic Mainán, mhic
Matata, mhic Nátan, mhic Dháibhi,
32 Mhic Iessé, mhic Ohéd, mhic Boós, mhic
Salmon, mhic Náasson,
33 Mhic Aminadab, mhic Aram, mhic Esrom, mhic Pháres,
mhic Iúdah,
34 Mhic Iácob, mhic Isaac, mhic Abraham, mhic Tará, mhic Náchor,
35 Mhic Sáruch, mhic Rágu, mhic Phálec, mhic Héber, mhic Salá
36 Mhic Cáinan,
mhic Arphcsad, mhic Sem, mhic Noé, mhic Lámedh,
37 Mhic Matúsala, mhic Enoch,
mhic Iáred, mhic Maleléel, mhic Cáinan,
38 Mhic Enos, mhic Séth, mhic
Adhaimh, mhic Dé.
Caibidil IV
Troiscthe Chríosd, 13
bhúadhaigh sé ar an deamhan lámh ar láimh. 14 A sheanmóir, 41 agus admhil na
ndeamhan féin nime.
1 Agus ar mbeith Diosa lán don Spiorad Náomh, do
fhill sé tar a ais ó Iórdan, agus do tréornigheadh leis an Spioruid ar an
bhfásach é,
2 Feadh dhá fhichead lá an díabhal ag cur chathuighthi air. Agus
níor ith sé uí ar bith ann sna laéthibh sin: achd ar na gcríochnnghadh, ann sin
do ghabh ocras é.
3 Agus a dubhairt an Díabhal ris, Más tú Mac Dé, abair ris
an gcloichsi bheith na harán.
4 Agus do fhreagair Iósa é, ag rádh, A tá
sgríobhtba, Nach lé harán a mháin mhairfios an duine, achd lé gach uile
bhréithir Dé.
5 Agus an tan do thréoruigh an díabhal é, ar shlíabh árd, do
thaisbén sé ríoghachda na talmbum uile dhó moimeint daimsir.
6 Agus a
dubhairt an diabhal ris, Do bhéara misi na cumhachda so uile dhuit, agus a
nglóir: óir do tugadh dhamshsa í; agus do bheirim í don tí as toil leam.
7 Ar
a nadhbharsin má adhrán tusa dhamhsa, budh leachd íad uile.
8 Agus ar
bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, Imthigh úaim, a Shátain: óir a tá sgríobhtha,
Do dhéana tú do Thighearna Día féin dadhradh, agus is dó na áonar do dhénna tú
seirbhís.
9 Agus do thréoruigh sé é go Híarusalím agus do shuighidh sé é ar
bheinn an teampoill, agus a dubhairt sé ris, Mas tú Mac Dé teilg thú féin síos
as so:
10 O’ir a tá sgriobhtha, Do bhéura sé áithne dhá áinglibh ad
thimcheall, thusa do choimhéud:
11 Agus toigéubhuid eidir a lámhuibh thú,
deagla go mbuailfea do chos fá chloich úair ar bith.
12 Agus ar bhfreagra
Díosa a dubhairt sé ris, A dubhradh, Ni chuirfe tú cathughadh ar an Dtighearna
do Dhía féin.
13 Agus ar ccur críche ar a chathuighthibh uile don díabhal,
dtág sé eisean ar feadh tamuill.
14 Agus dó chas Iósa maille ré cumhachdaibh
na Spíoruide don Ghalilé: agus do chúaidh a chlú ar feadh na tire na thimcheall.
15 Agus do theaguisg sé ann a síonagógaibh súd, ag fagháil glóire ó gach uile
dhuine.
16 Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleagh é: agus, do chúaidh sé
a steach mar budh gnath leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éirigh sé na
sheasamh do leughthóireachd.
17 Agus tugadh leabhar Esáias fáidh dhó, agus an
tan do osgail sé an leabhar, fuair se an tionad an a raibh sgríobhtha,
18 Ta
Spíorad an Tíghearna oramsa, tré gur ong sé mé do chuir sé úadh mé do sheanmóir
an tsoisgél do na bochdoibh, do shlánughadh na ndáoine agá bhfuilid croidhthe
brúidhte, do sheanmóir fúasgalta do na braighdibh agus do da dalluibh aisioc a
radhairc, agus do tabhairt sáoirsi don mhuinntir a tá ar na gcombrúghagh,
19
Do sheanm; óir bhadhna fhorbháiltigh an Tighearna.
20 Agus ar ndúnagh an
leabhair dhó, agus ar na tabhairt arís don ghiolla, do shuidh sé. Agus do bháda
suile a raibh ann sa tsínagoig uile ag féachain air go géur.
21 Agus do
thionnsgain sé a rádh ríu, niugh a tá an sgiobtúirso ar na choimhlíonadh an bhur
gclúasuibhsi.
22 Agus do rinneadar uile fiadhnuisi leis, agus do bhí
iongantus aca ann sna combráitibh grásamhla do thigeadh as a bhéul. Agus a
deirdís, An né nach é so mac Ióseph?
23 Agus a dubhairt sé ríu, Déara sibh
rium gan ambarus an seanfhocalsa, A líagh, leighis thú féin: leitheid na
neitheadh do chúalamar do rinne tú a Gcapernáum, déana mar an gcéudna ann so ad
dhúithche féin íad
24 Agus a dubhairt seision, A deirim ribh go deimhin, Nách
bhfuil cion ar fháidh ann a thír féin.
25 Achd go fírinneach deirimsi ribh,
Go rabhadar morán baintreachach a láethibh Elias a Nísraél, an tráth do bhí an
fhiormámeint druite trí blíadhna agus sé mhí, ionnas go raibh gorta mhór ar
feadh na talmhan uile;
26 Achd níor cuireadh Blías dionnsoighe áon aca, achd
go Sarepta na Sidonia, chuan mná do bhí na baintreabhaigh.
27 Agus do bhádar
morán lobhar a Níseaél ré linn Eliséus an faidh; agus níor glanagh éin neach
aca, achd Náaman an Sirianach.
28 Agus do líonadh a raibh ann sa tsíonagóig
dfeirg, an tan do chúaladar na neithesi,
29 Agus ar néirghe na seasamh
dhóibh, do theilgeadar as an gcathruigh a mach é, agus rugadar léo é ar mhaluidh
an tsléibhe ar a raibh a gcathaire ar na togbháil, do chum go dteilgfidis síos a
ndiaigh a chine é.
30 Achd ar ngabháil dosan tré na lár, do imthigh sé,
31
Agus do chúaigh sé síos go Capernáum, cathair don Ghalilé, agus do bhiodh sé dhá
dteangasg ann sna sabboidibh.
32 Agus do bhí úathbhás acasan an a theagasg:
óir do bhí a comhrádh maille ré hughdarrás.
33 Agus do bhí neach ann sa
tsionagóig, ann a raibh spiorad deamhuaighe neamhghlan, agus do éigh sé do ghúth
mhór,
34 Ag rádh, Uch; créud í an bhúain atá aguinne riot, a Iósa Nasardha?
an dár sgrisne tháinic tú? a tá a fhios agumsa cia thú, Neach Náomhtha Dé.
35
Agus do imdhearg Iósa é, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as. Agus do
imthigh an deamhan as, ar na thrasgairt go lár, gan díoghbháil ar bith do
dhéanamh dhó.
36 Agus do ghabh crith cách uile, agus do labhradar ré chéile,
ag rádh, Créud é an níse! go náithingheann sé do na spiorádaibh go neamhghlana
lé cumhachdaibh agus lé neart, agus go dtigid siad a mach.
37 Agus do chúaidh
a thúarasghbháil an gach uile ionard don tirsin tancheall.
38 Agus an tan do
éirigh Iósa as an tsínagóig, do chúaidh sé a steach go tigh Shímóin. Agus do bhí
fiabhrus romhór ar mháthair mhná Shimóin; agus do chuireadar impidhe airsean air
a son.
39 Agus ar seasamh dhosan ós a cionn, do imdhearg sé an fiabhrus; agus
dfag an fíabhrus í: agus ar néirghe dhisi do lathair do rinne sí friotholamh
dhóibh.
40 Agus ar ndul don ghrein faoi, gach áon ága rabhadar dáoine
eagcrúaidh ó thinneasaibh éugsamhla tugadar chuigesean íad; agus ar gcur a láimh
dhósan ar gach áon díobh, do shlánuigh sé íad.
41 Agus fós do imthighid ís na
deamhain as mórán, ag éighmhe, agus ag rádh, Is tusa Críod Mac Dé. Achd dá
nimdheargadh dhósan ní léigheadh sé dhóibh a rádh: go raibh a fhios aca gur bhé
féin Críosd.
42 Agus ar néirghe don lá, do imthigh sé a mach, agus do chúaidh
sé a nionad fasamháil: agus do bhí an slúagh agá lorgaireachd, agus tangadar
chuige, agus do bhádar dá chonghbhail, do chum nách achradh sé úatha.
43 Achd
a dubhairt seision ríu, Go firinneach is éigin damhsa flaitheas Dé do sheanmóir
do chaithreachaibh eile leis: óir is chuige so do cuireadh mé.
44 Agus do
bhíodh sé ag deanamh seanmóra a síonagogaibh na Galilé.
Caibidil
V
Déis mirbhuilte an tachtair éisc, 10 do lean Siomon, Séumas agus
Eóin, Criosd.
1 Agus tárla, an tau do ling an pobal air déisfeach ré
bréithir Dé, gur sheas seision láimh ré loch Ghenesaret,
2 Agus do chonnairc
sé dhá luing do bhí ar an loch achd do imthigheadar na híasgaireadha asda, agus
do bhíadar ag nighe a líontadh.
3 Agus ar ndul dósan a loing dhíobh, do budh
lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suidhe dhó do theagaisg sé
an pobal as an luing.
4 Agus mar do sguir sé do labhairt, a dubhairt sé ré
Símón, Déunuigh romhaibh ar an ndubhaigéun, agus leigidh sios bhir líontagh chum
gabhála.
5 Agus ar bhfreagra do Shímon a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, do
thuirrsigheamar sinn féin feadh na hoidhche uile, agus níor ghabhamair éin ní:
achd cheana ar do bhreithir se cuirfe mé síos an líon.
6 Agus an tan do
rinneadar so, do íadhadar ar iomarchuigh éisg: ionnus gur briseadh a líon.
7
Agus do sméideadar ar a gcompánachuibh, do bhí ann sa luing eile, do chum go
dtiocfaidis chuca do thabhairt chunghnamh, dhóibh. Agus thangadarsan, agus do
líonadar an dá luing, ionnus go rabhadar a niunmhe a mbáidhte.
8 Agus an tan
do chonnairc Símon Peadar so, do shléuchd sé ag giúinibh Iósa, ag rádh, Imthigh
úaim a Thighearna; óir is duine peacthach mé.
9 Óir do ghabh eagla é féin,
agus a raibh na fhochair uile, ar son na gabhála éisg do ghabhadar:
10 Agus
mar an gcéadna Séumas, agus Eóin, clan Shebedei, do bhí na gcompánachuibh ag
Simon. Agus a dubhairt Iósa ré Símon, Na bíodh eagla ort; as so a mach bíaidh tú
iasgaire ar dháoinibh.
11 Agus an tan tugadarsan a ienga chum tire, ar
bhfagbháil an uile neither dhóibh, do leanadar eisean.
12 Agus tárla, an tan
do bhí sé a ccathruigh áirighe, fénch óglach lán do lubhra: agus ar bhfaicsin
Iósa dhó do leig sé é féin síos ar aghaidh, agus do ghuidh sé é, a rádh, A
Thighearna, más toil leachd é, is éidir leachd misi do ghlanadh
13 Agus ar
sineadh a láimhe, do bhean sé ris, ag radh, As toil: bí glan. Agus dfag an
lubhra é ar an mball.
14 Agus do aithin sé dhe gan a innisin do dhuine ar
bith: achd imthigh, taisbéin thú féin don tsagart, agus íodhbair ar son do
ghlanta, mar do aithin Máoisi, mar fhíaghnaisi dhóibh.
15 Achd is móide do
leathnuighe a thúarasghbháil sin: agus do chruinnigh slúagh mór déisdeachd ris,
agus dfagháil fóiríghne a dteinneas úadh.
16 Achd do chúaidh seisean fá leith
ar an bhfasach, agus do rinne sé urnuighe.
17 Agus tárla go raibh sé lá
áirighe, ag teagasg, agus go rabhadar na Phairisínigh agus doctúirí an dlighe na
suidhe a láthair, noch tháinic as gach uile bhaile don Ghalilé, agus do thir
Iúdaighe, agus ó Jerusaléim: agus do bhí cumhachda an Tighearna chum a
slánuighthe.
18 Agus, féuch, do íomchradar dáoine a leabuidh oglach do bhí a
bpairilis: agus do íarradar a thabhairt a sdeach, agus a chur na
fhíadhnuisisean.
19 Agus an tráth nach bhfuaradar cáoi ar a thabhairt a
sdeach tré mhéud ná cuideachda, do chúadar súas ar a tigh, agus do léigeadar é
féin, agus a leabuidh sios tríd an slinnteach ar lár, a bhfíaghnuisi Iósa.
20
Agus ar bhfaicsin a gcreidimh dhósan, a dubhairt sé ris, A dhuine, a táid do
pheacuidh ar na maithleamh dhuit.
21 Agus thionnsgnadar na sgríobuidhe agus
na Phairisinigh diosbóireachd do dhéanamh, ag rádh, Créd é an fearsa labhras
blaisphéimighe? Cía fheúdus peacuigh do mhaitheamh, achd Día ná áonar?
22
Achd ar naithne a smúaintighe Díosa, do fhreagair sé, agus a dubhairt sé ríu;
Créd é an ní so smuaintighthísi an bhur gcroidhthibh?
23 Cia is usa, a rádh,
A táid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit; ná a rádh, Eirigh agus siobhail?
24 Achd do chum go mbeith a fhíios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine,
peacuidh do mhaitheamh ar an dtalamh, (a dubhairt sé ré fear na pairilisi,) A
deirimsi riot, Eirigh, tóg do leabuidh, agus imthigh dod thigh.
25 Agus ar
néirghe dhósan ar an mball an a bhfiadhnuisi, do thóg an leabuidh an raibh sé na
luighe, agus do chuaidh sé dhá thigh fein, ag moládh Dé.
26 Agus do ghabh
úathbhás cách uile, agus do mholadar Día, agus do líonadh deagla íad, ag rádh,
Do choncamair neithe doichreidte a niugh.
27 Agus tar éisi so do chúaidh Iósa
a mach, agus do chonnairc sé puibliocán, dár bháinm Lébhi, na shuidhe ag bord an
chusduim: agus a dubharit séris, Lean misi.
28 Agus ar bhfágbháil gach éin
neithe dhósan, déirigh sé, agus do lean sé eisean.
29 Agus do rinne Lébhi
féusda mór dhó an a thigh féin: agus do bhí cuideachda mhór phuibliocán agus
dáoine eile do shuidh na bhfochair.
30 Agus do rinne cuid díobh do bhi na
sgríobuidhibh agus na Bhphairisíneachuibh monabhar a naghaidh a dheisciobalsan,
ag rádh, Creud fá niththísi agus fá nibhthí a bhfochair na bpuibliocán agus na
bpeacthach?
31 Agus ag freagra a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil ríachdanus
leágha ar na dáoinibh slána; achd ar na dáoinibh tinne.
32 Ní tháinic misi do
ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacthach chum aithrighe.
33 Achd a
dubhradarsan ris, Créud fá dtroisgid deisciobail Eóin go minic, agus créd fá
ndéunuid síad urrnaighe, agus mar an gcéudna deisciobail na Bhphairisíneach;
achd ithid agus ibhid do dheisciobailsi?
34 Agus a dubhairt seision ríu, An
bhféadtáoisi a thabhairt air chloinn tséomra an fhir núa phósda trosgadh do
dhéunamh, an feadh bhías sé féin na bhfochair?
35 Achd tiocfaid na láethe an
tan bhéurthar an fear núa phósda úatha, ann sna láethibh sin do dhéunuid síad
trosgadh.
36 Agus a dubhairt sé fós tré chosamhlachd ríu; Ní chuireann neach
ar bith preabán éuduigh núa air sheanchulaidh, nó, brisidh an téudach núa é,
agus ní thig an preabán núaéuduigh leis a tseinéudach?
37 Agus ní chuireann
duine ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh; nó brisfidh an fíon núa na buidéil,
agus dóirtfidhear an fíon agus rachuid na buidéil a múgba.
38 Achd fíon núa
is cóir do chur a mbuidéuluibh núadha; agus béid síad aráon slán.
39 Agus ní
bhfuil duine ar bith ibheas seinfhíon lér ab áill fíon núa ar ball: óir a deir
sé, Is é seinfhíon is folláine.
Caibidil VI
Fúascaltá
na ceisde um na sáoire, 20 le searmóin um shonuis agus anrath, 27 agus ghrádh
dar neascairdibh.
1 Agus tárla ag ghabháil trí ghortuibh dhósan, an dara
sábboid taréis an cheud gur bheanadar a dheisciobáil déusa, agus tar éis a
gcunnealta eidir a lámhuibh dhóibh, dúadar íad.
2 Achd a dubhradar cuid do na
Pharisineachuibh ríu, Créd fa ndéuntáoi ní nach indéanta ann sa tsáoire?
3
Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An né nár leughabhuirsi an ní so, do
rinne Dáibhi, an tan do bhí ocrus air féin, agus ar an mhuinntir do bhí na
fharradh;
4 Cionnus do chúaidh sé a sdeach go tigh Dé, agus do ghlac sé arán
na fiaghnuisi agus a dúaigh sé é, agus tug sé fós don mhuinntir do bhí na
fhochair é: noch nár choir ithe achd do na sagurtuibh amháin?
5 Agus a
dubhairt seisean ríu, As Tighearna don tsábboid féin Mac an duine.
6 Agus
tárla fós a sábbóid eile, go ndeachuidh seisean a sdeach don tsinagóg agus gur
theaguisg sé: agus do bhí óglach ann sin agá raibh a lámh dheas ar na seargadh.
7 Agus do bhí coimhéud ag na sgríobuidhibh agus ag na Pharisineachuibh airsean,
dá fhéuchuin an ndéanadh sé leigheas ann sa tsábbóid; do chum go bhfuighidís
adhbar gearáin air.
8 Achd daithin seisean a smúaintighthe, agus a dubhairt
sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthuigh, Eirigh, agus seas a lar cháich.
Agus do éirigh seision agus do sheas sé.
9 Ann sin a dubhairt Iósa ríusan,
Fíafróchaidh misi dhíbhsi ní áirighe An cóir maith do dheanamh, nó olc dhéanamh
sá tsábbóid? anum do shábháil, nó do sgrios?
10 Agus an tan do fhéuch sé
orrtha uile na thimcheall, a dubhairt sé ris a nóglach, Sín amach do lámh. Agus
do rinne seisean mar sin: agus do haiseagadh a lámh slán mar an lámh eile.
11
Agus do líonadh íadsan do chuthach; agus do lúaidheadar ré a chéile créd do
dheunaidis ré Híosa.
12 Agus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh
seisean amach ar shlíabh do dhéunamh úrnaighe, agus do chaith sé an oidhche ag
guidhe Dé.
13 Agus ar néirghe don lá, do ghoir sé a dhesiciobail chuige: agus
do thogh sé dhá fhéar dhéug asda, dár ghoir se absdail;
14 Simon, dár ghoir
sé fós Peadar, agus Aindrías a dhearbhráthair, Séumas agus Eóin, Philip agus
Bartoloméus,
15 Matha agus Tomás, Séumas mac Alphei, agus Simon da ngoirthear
Selótes.
16 Iudás deatbhráthair Shéumuis, agus Iudás Iscariót, (an té fós do
bhráth eision).
17 Agus táinig sé a núas léo, agus do sheas sé ar mhachuire
réidh, agus a choimhthionól deisciobail, agus mórán mór do phobal ó thír
Iúdaighe uile agus ó Ierusalem, agus ó chois fairrge Thírus agus Shídon, noch
tháinig deisdeachd leisin, agus dfagháil leighis ar a neasláintibh;
18 Agus a
raibh ar ná gciorrbhadh ag spioraduibh neamhglana, agus do leighiseadh íad.
19 Agus do bhí an slúagh uile ag íarruidh cuimealta ris: óir do bhídh subhailce
ag dul úadh, agus do shlánuidh sé iad uile.
20 Agus are dtógbháil a shúl súas
dósan air a dheisciobluibh, a duiubhairt sé, As beannaighthe sibhsi a dháoine
bochda: óir as libh flaitheas Dé.
21 As beannaighthe sibh a dháoine atá
ocrach a nois: óir sáiséochthar sibh. As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois:
óir do dhéuntáoi gáire.
22 As beannaighthe bheithí, an tráth fhúathóchuid
dáoine sibh, agus chuirfid siad as a gcuideachda sibh, agus imdheargfuid sibh,
agus chuirfid bhur nainm amach mar olc, ar son Mhic an duine.
23 Déunnidh
gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór
bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na
faibhibh.
24 Achd as anáoibhinn dáoibhsi a dháoine saidhbhre! óir atá bhur
sólás aguibh.
25 As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá sáitheach! óir biáidh
ocras orúibh. As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá a gáirighe a nois! óir
cáoifidhe agus goilfidhe.
26 As anáoibhinn dáoibh, an tráth a déuruid na
huile dháoíne mith ribh! óir as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na
fáidhibh fallsa.
27 Achd a deirim ribhsi atá ag éisdeachd, Grádhuighidh bhur
námhuid, déunuidh maith don dreim air ar fúadh sibh,
28 Tabhruidh bhur
mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na
muinntire do ní bhur ndíoghbháil.
29 An té bhúaileas tú air a ngíall iompó
chuige an gíall eile; agus an té bheanus do chlóca dhíot ná bac dhe do chíota
fós a bhreith leis.
30 Agus tabhuir do gach neach íarrus ort; agus ón te
thógbhás do chuid úait ná híarr air ais é.
31 Agus mar as toil libh dáoine do
dhéunamh dhíbh, deunuidhsi mar an gcéudna dhóibhsin.
32 Oír má tá grádh
aguibh don mhuinntir ghrádhuigheas sibh, créud é an buidheachus bhías oruibh?
óir grádhuighid ná peacthuigh féin na dáoine ghrádhuigheas íad.
33 Agus má
níthí maith don mhuinntir do ní maith dhíbh, créud é an buidheachus bhías
oruibh? óir do níd na peachtuidh féin an gcéadna.
34 Agus dá dtugtháoi
áirleagadh dona dáoinibh ó a sáoltí a fhagháil a rís, créud é an buidheachus
bhias oruibh? óir do bheirid na peachthaidh áirleagadh do na peachthachaibh, do
chum go bhfuighdís a leitheid a rís.
35 Ar a nadhbharsin grádhuighidh bhur
námhuid, agus déunuidh maith, agus tabhruidh áirleaghadh úaibh, gan súil ré
héinní arís; agus budh mór bhur lúaideachd, agus beithí bhur gcloinn ag an té as
Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoinibh dombuídheacha agus saithe.
36
Ar a nadhbharsin bíthísi trócaireach, mar atá bhur Nathuir trocuireach.
37
Agus ná beiridh breath, agus ní bhéurthar breath oruibh: ná damnuighe, agus ní
daiméontar sibh: maithidh, agus maithfithear dháoibh:
38 Tabhruidh úaibh,
agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith,
dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi,
toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh.
39 Agus do labhuir se cosamhlachd ríu, An
bhféudann an dall dhall eile dothreorigheadh? an ne neach duitdfid aráon sa díg?
40 Ní bhfuil an deisciobal ós cionn a mhaighisdir: achd gidh bé neach bhus
diongmhála, bíaidh sé mar a mhaighisdir.
41 Agus créud fa a bhfaiceann tú an
broth beag a súil do dhearbhráthar, agus nach dtugair dod aire an tsail atá ad
shúil féin?
42 Nó cionnus as éidir leachd a rádh réd dhearbhrathair, A
dhearbhrathair, léig dhamh an broth atá ad shúil do bháin aisde, agus nách
bhfaiceann tú an tsail atá ad shuil féin? A fhir an dhúarchrábhuidh, ar tus
teílg amach an tsail as do shuil féin, agus an sin bhus léir dhuit, an broth atá
a súil de dhearbhráthar do bhúain aisde.
43 Oír ni maith an crann iomchras
drochthoradh; agus ní holc an crann iomchras toradh maith.
44 Oír is ó a
thoradh aitheantar gach uile chrann. Oír ní chruinnighid dáoine fígidhe do
dheilgneach, na cáora fineamhna do dhriseach.
45 Do bheir an duine maith ní
maith as cisde maith a chroidhe féin; agus do bheir an droch dhuine droch ní as
droch chisde a chróidhe fein: oír is as iomarcuidh an chróidhe, labhrus an béal.
46 Achd créud fá ngoirthísi, A Thighearna, a Thighearna dhíomsa, agus nach
déuntáoi na neithe a deirim?
47 Gach uile neach thig chugamsa, agus éisdeas
rém bhríaththruibh, agus do ní dhá reir, foillséochuidh mé dháoibhsi cía ré ar
cosmhuil é:
48 As cosmhuil é ré neach do thóg a thigh, agus do thochail, agus
do chúaidh go domhuin a dtalumh, agus do chuir a shocrughadh ar charruig: agus
mar tháinig an tuile, do bhúail an sruth go fíochmhar fán dtigh úd, achd níor
bhéidir leis a chorrughadh: óir do bhí sé socrughthe ar charruig.
49 Achd
gidh bé chluin, agus nach deun, as cosmhuil é ré neach do thóg a thigh air
thalamh gan socrughadh; air ar bhúail an tuile go fíochmhar, agus do thuit sé do
láthair; agus ba mór tuitim an tighe sin.
Caibidil VII
Sáruighthe an caiptin pagnnach na Hiuduighe a ccreideamh. 36 Bí Criosd
na charaid don pheacthach úirisil.
1 Agus an tráth do chríochnuigh sé a
bhríathra uile a néisdeachd an phobail, do chúaidh sé a sdeach go Capernáum.
2 Agus do bhí óglach caiptin áirighe, go bréoite, a riochd bháis, air a raibh
cion mór aige.
3 Agus an tan do chúaluidh sé tuarasgbháil Iósa, do chuir sé
sinnsir na Níuduighe chuge, ag íarruidh air teachd agus a shearbhfhoghantuidhe
shlánughadh
4 Agus an tan thangadar so chum Iósa, díarradar air go
díthcheallach, ag rádh, Gur bhfíu é so do thabhuirt dó:
5 Oír atá grádh áige
dar gcineadhne, agus do thóg sé sionagóg dhúinne.
6 Agus do chuaidh Iósa léo.
Agus an tan do bhí sé a ngar don tigh, do chuir an caiptín a cháirde chuige, ag
rádh ris, A Thighearna, Ná cuir búaidhreadh ort féin: óir ní fíu misi go rachfá
a sdeach fá chléith mo thighe:
7 Ar a nadhbharsin níor mheas mé gur bhfíu mé
féin dul ad ionnsuighe: achd abhuir a bhfocal, agus bíaidh móglach slán.
8
Oír as duine misi féin atá faoi chumhachdiabh. Aga bhfuilid saighdíuirigh fum,
agus a deirim ris an bhfearso, Imthigh, agus imthighe sé; agus ré fear eíle,
Tárr, agus thigh sé;
9 Agus ar ná gcloisdin so Díosa, do bhí iongnadh aige
ann, agus ar bhfilleadh dhó, a dubhairt sé ris a tslúagh do lean é, A deirim
ribh, Nach bhfuair mé a Nisrael féin, a chomhmór se do chreideamh.
10 Agus ar
bhfilleadh a steach, do na teachduiribh do cuireadh chuige, fúaradar an
searchfhoghantaidh do bhí tinn slán.
11 Agus tárla an lá na dhiáigh sin, go
ndeachaidh sé don chathruigh dá ngoirthear Náin; agus do chúadar mórán dá
dheisciobluibh leis, agus buidhean mhór.
12 Agus an tan tháinig sé a ngar do
dhoras na caithreach, fénch, do bhí duine marbh agá bhreith amach, do bhí na áon
mhac agá mháthair, agus í na baintreabhaigh; agus do bhí coimhthionól mór ón
chathruigh na fochair.
13 Agus ar na faicsin don Tighearna, do ghabh trúaighe
mhór dhi é, agus a dubhairt sé ría, Na guil.
14 Agus táinic sé agus do bhean
sé ris an gcomhraidh: (agus do sheasadar an luchd do bhí agá iomchar) agus a
dubhairt sé; A ógánaigh, a deirim riot, éirigh.
15 Agus déirigh an duine
marbh na shuidhe, agus do thionnsgain sé labhairt. Agus tug sé dhá mháthair féin
é.
16 Agus do ghabh eagla íad uile: agus tugadar glóir do Dhía, ag rádh,
Déirghe fáidh mór an ar measg; agus, Dféuch Día ar a phobal féin.
17 Agus do
chúaidh an túarasgbháil so amach air féadh thíre Iúdaighe uile, agus air feadh
gach éintíre timcheall.
18 Agus dinnseadar a dheisciobail na neithe so uile
Déoin.
19 Agus are ngairm Deóin deisi áirighe dá dheisciobluibh chuige do
chuir sé dionsuighe Iósa íad, ag rádh, An tusa an té do bhí chum teachda? nó an
bhfuilmid ag feathamh ré neach eile?
20 Agus an tan thangadar na firsi
shuigesean, a dubhradar, Do chuir Eóin Baisde sinne chugad, ag rádh, An tusa an
té do bhí chum teachda? nó an bhfuilmid ag feathamh ré neach eile?
21 Agus ar
an uár sin fein do chlánuigh seisean mórán dáoine ó easláintibh agus ó
phláighibh, agus ó dhroch spioraduibh; agus thug sé á radharc do mhórán dall.
22 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Ar nimtheachd díbh, innisidh Deóin
na neithe do chonncabhair agus do chúalabhair; go bhfaicid na daill, go
siubhlaíd na bacuidh, go nglantar na lobhair, go gchimid na bodhair, go néirghid
na mairbh, go bhfuil an soisgéul dá sheanmóir do na bochdaibh.
23 Agus as
beannaighthe an té, nach bhfuighe oilbhéim ionnumsa.
24 Agus an tráth do
imthigheadar teachdairighe Eóin, do thionnsgoin seison a rádh ris an bpobal a
dtimcheall Eóin, Créud é an ní agá ndeachabhair dhá fhéuchain amach ar an
bhfásach? An giolcach ar na bhogadh ag an ngaoith?
25 Achd créud é an ní agá
ndeachabhair amach dá Chéuchuin? Duine atá ar na éudughadh a néuduighibh mine?
Féuch, an luchd bhíos a néudaighibh onóracha, agus a saimhe, is a bpálásuibh na
ríogh bhíd said.
26 Achd créd é an ní agá ndeachubhair amach dhá fhéuchuin?
Fáidh? A deirim ribh go firinneach, agus ní as mó ná faidh.
27 Ag so an te,
ar a bhfuil sgríobhtha, Féuch, cuirim mo theachdaire romhad, oillmhéochus do
shlighe romhad.
28 Oir a deirim ribh, Nach bhfuil éidir chlannuibh na mban
faidh as mó ná Eóin Baisde: Achd cheana an té as lugha a rioghachd Dé as mó é na
eisean.
29 Agus ar na gcloisdin so, do mholadar an pobal uile, agus na
puibliocáin, Día, do bhí ar na mhaisdeadh ré baisdeadh Eóin.
30 Achd tugadar
na Phairsínigh agus an luchd dlighe tarcuisne ar choinhairle Dé na naghuídh
féin, gan a bheith ar na mhaisdeagh úadhsan.
31 Agus a dubhairt an Tighearna,
Cía ré saimhéola mé daóine an chinidh so? agus cía ré ar comshuil íad?
32 As
cosmhul íad re leanbuibh na suidhe ar áit an mharguidh, agus éighmheas ar á
chéile, agus a deir: Dó rinneamair píobaireachd dhaóibh, agus ní dhearnabhair
damhsa; do rinneamair caoí dhaóibh, agus ní dhearnabhair gul.
33 Oír tháinig
Eóin Baisde ní ag ithe aráin ná ag ol fíona; agus a deirthísi, Atá deamhan ann.
34 Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól; agus a deirthí, Feuch an duine
cráosach, fioníobhaighe cara na bpuibliocán agus na bpeachthach!
35 Achd atá
an eagna ar na sáoradh ó na cloinn féin uile.
36 Agus do íarr duine áirighe
do na phairisíneachaibh air, bíadh ithe na fhochair. Agus ar ndul a sdeach go
tigh an phairisínigh dhó, do shuidh sé sios chum bídh.
37 Agus, féuch, an
tráth fúair bean don chatbraigh, do bhí na peachthach, a fhios go raibh sé na
shuidhe ag bíadh a dtígh an phairisinigh, tug si bocsa ola lé,
38 Agus ar
seasamh agá chosuibh don táobh shiar dhe ag gul, do thionnsgain sí a chosa
dionnladh lé na déuruibh, agus a dtiurmughadh lé gruáig a cinn, agus do phóg sí
a chosa, agus do ong sí leis an ola íad.
39 Agus an tan do chonnaire an
phairisineach tug an cuirteadh dhósan sin, smuáin sé na inntinn, ag rádh, Dá
madh fáidh an fearso, daithnéochadh sé cía agus gá bionnus an bheanso bheanus
ris, óir as peacthach í.
40 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé rís, A
Shiomóin, atá ní agam ré rádh riot. Agus a dubhairt seision, A Mhaighisdir,
abuir romhad.
41 Do bhádar días dfeitheamhnuibh ag fear áirligthe: do dhligh
sé cúig chéad pighinn dfior aca, agus cáogad don dara fear.
42 Agus an tráth
nach raibh díolaigheachd ag ceachdar díobh ré na thabhairt dó, do mhaith sé
dhóibh aráon. Uime sin ínnis damhsa, cia aca léir ab annsa é?
43 Agus ar
bhfreagra do Shímón a dubhairt sé, Measuim gur leis an té, dár mhaith sé an
tsuim as mó Agus a dubhairt seision is, As maith an bhreath rug tú.
44 Agus
ar bhfilleadh dhó chum na mná, a dubhairt sé ré Síomón, An bhfaicean tú an bhean
so? tháinic misi a sdeach dod thighsi agus ní thug tú uisgi chum mo chos
díonladh: achd do nigh an bhean so mo chosa le na déuruibh, agus dé thiormuigh
sí íad le grúaig a cinn.
45 Ní thug tusa póg dhamh: achd ó tháinig mé a
sdeach níor choisg sisi do phógadh mo chos.
46 Níor ong tú mo cheann lé hola:
achd do ong an bhean so mo chosa ré huinnement.
47 Ar a nadhbharsin a deirim
riot, Go bhfuilid a hiomad peacaidh, ar na maitheamh dhi; air sin as mór a
grádheas sí. Achd gidh bé dá maithtear beagan as beag grádhuigheas sé.
48
Agus a dubhairt sé ría, Atáid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit.
49 Agus do
thionnsgnadar an lion do bhí na suidhe na fhochair air an mbórd, a rádh ionnta
féin, Cía an fear so mhaitheas na peacuidh mar an gceadna?
50 Agus a dubhairt
sé ris an mnáoi, Do shlánuigh do chréideamh thú; imthigh a síothcháin.
Caibidil VIII
Na mna do chaith a maóin re Criosd, 4 le
cosamhlacht um an tsíoladoir, 22 agus mirbhuileadh Iósa Mhic Dé.
1 Agus
tárla na dhiáigh so, gur shiobhuil seisean tré gach cathair, agus gach baile, ag
seanmórughadh, agus ag siosgéulughadh ríoghachda Dé: agus an dá fhear dhég na
fhochair,
2 Agus mná áirighe, do leigheasadh ó dhroichspioraduibh agus ó
easláintibh, Muire dá ngoirthí Mhagdalén, as a ndeachadar seachd ndeamhain,
3
Agus Ioanna bean Chúsa feadmannuigh Iorúaith, agus Susanna, agus mórán eile, do
chaith risean dá máoin féin.
4 Agus an tan do chruinnigh buidhean mhórr, agus
trangadar as gach uile chathruigh chuigesion, do labhair sé a gcosamhlachd riú:
5 Do chúaidh síoladóir áirighe amach do chur a shíl féin: agus ag cur an tsíl
do, do thuit cuid de chois na sligheadh; agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid
de chois na sligheadh; agus do brughadh fá chosaibh dáoine é, agus dithadar
énlaith a naiéir é.
6 Agus do thuit cuid eile ar charraic; agus ar bhás dó,
do shearg sé, do bhrígh nach raibh taisleach aige.
7 Agus do thuit cuid eile
a measg deilguigh; agus ar bhfas don deilgneach a náoinfheachd ris, do
thachdadar é.
8 Agus do thuit cuid eile a dtalamh mhaith, agus an tan do fhás
sé, tug sé toradh céadach úadh. Agus ar na rádh so dhó, do éigh sé, Gidh be agá
bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.
9 Agus do fhiáfruigheadar a
dheisciobuil de, ag rádh, Créd é an chosamhachdsin?
10 Agus a dubhairt
seisean, Is dáoibhsi tugadh rúndiamhra rioghachda Dé daithniughadh: achd do
chách eile a ccosamhlachduibh; ionnus ag faicsin dóibh nach bhfaicdís, agus ag
cluinsin dóibh nach dtuigfidís.
11 Ag so an chosamhlachd: a sé an síol
bríathar Dé.
12 Agus an dream úd chois na sligheadh a siad éisdeas; na
dhiáigh sin tig an díabhal, agus tógbhuidh sé an bhriáthar as a gcróidhe, deagla
go gcreidfidís agus go slánéochtháoi iád.
13 Agus an dream úd air an
gcarruic, noch an tan do chluinid, gabhuid chuca an briathar maille lé
gáirdeachus; achd ní bhfuil fréamh aca so, noch chreideas feadh tamuill, agus
fhilleas ar a nais a naimsir an chathaigthe.
14 Achd an ní úd do thuit a
measg na ndeilbneach, a siad so do éisd, achd ar nimtheachd dóibh, muchtar íad
lé cúram agus lé saidhbhreas agus lé saímhe na beatha, agus ní thabhruid toradh
úatha.
15 Achd an ní do thuit ann sa talamh mhaith, a said súd éisdeas ris an
mbreithir, agus chungmhas é a gcroidhe shocraidh mhaith, agus do bheirid toradh
úatha a bhfoighid.
16 Achd ní bhfuil neach ar bith, Iasas coinneall, fholchas
fáoi shouightheach í, ná chuireas fáoi leabuidh í; achd cuiridh sé a gcoinnleóir
í, do chum go bhfaicfheadh an luchd théid a sdeach an solas.
17 Oír ní bhfuil
éin ní foluightheach, nach déuntar follas; na secréideach, nach bhfuighthear a
fhios agus nach dtiocfaidh chum soillsi.
18 Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur
naire ribh cionnas éisdeas sibh: óir gidh be neach agá bhfuil, is dó do
bhéarthar; agus gidh bé neach ag nach bhfuil, béarthar úadh an ní fós sháoiltear
do bheith aige.
19 Agus tangadar a mhathair agus a dhearbhraithreacha chuige,
agus níor bhéidir leó dul a ngar dhósan ón tslúagh.
20 Agus so hinniseadh
dhó, ag rádh, Atá do mhathair agus do dhearbhraithreacha na seasamh a muigh, ag
iarruidh tfáicsin.
21 Agus are bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, a siad so
mo mhathairse agus mo dhearbhráithreacha noch éisdeas bríathar Dé, agus do ní dá
réir.
22 Agus tárla lá áirighe, go ndeachaidh seisean agus a dheisciobuil a
luing: agus a dubbhart sé riú, Déanam ar an táobh úd a nunn don loch. Agus do
sdiúradar rompa.
23 Agus ag luingseórachd dóibh do thuit a chodladh airsean:
agus do éirigh sdoirmgháoithe ar an loch; agus do líonadh súas íad, agus do
bhádar a ngábhadh.
24 Agus ar ndol cuigesean dóibh, do dhúisgeadar é, ag
rádh, A Mhaighisdir, a mhaighisdir, a támaoid ar fágbháil. Agus ar neirghe
dhósan do bhagair sé ar an gaoith agus ar thonnghail a nuisge: agus do
choisgeadar, agus tainic ciuinas ann.
25 Agus a dubhairt sé ríu, Cáit an a
bhfuil bhar gcreideamh? agus ar mbeith le heagla dhóibhsion do ghabh iongnadh
íad, ag rádh ré chéile, Cia be so! a deir ris na gáothaibh agus ris a nuisge fós
bheith na dtochd, agus úmhluighid said dó.
26 Agus do rinneader loingscórachd
go crich na Ngadarénach, atá as comhair na Galilé a nunn.
27 Agus ar ndol a
dtír dhósan, tárla óglach áirighe as an gcathruigh air, ann a rabhadar deamhuin
re haimsir fhada, agus ag nach bíodh éadach uime, agus ní comhnuigheadh sé a
dtigh, achd an sna tuámaidhibh.
28 Agus ag faicsin Iósa dhó, agus ag éighmhe,
do theilg sé é féin siós aga chosaibh, agus a dubhairt sé do ghuth ard, Créd é
mo chuidsi dhiót, a Iósa, a Mhic Dé ro áird? Iarruim ort, gan mo phiánadh.
29
Oir do aithin sé don spiorad neamhghlan dol as an duine. Oír is iomdha uáir do
bheireadh sé siothadh air: agus do cheangluidh le slabhraidhibh agus dp
cpimhéaduibh le géimhleachuibh é; agus ar mbriseadh na gcuibhreach dhósan, do
thiománadh an deamhan fá na fasaighibh e.
30 Agus dfiafruidh Iósa dhé, ag
rádh, Créd is ainm dhuit? Agus a dubhairt seision, Leighión: do brígh go
ndeachádar mórán deamhan a sdeach ann.
31 Agus diárradar air gan a chur
dfiachaibh ortha dul ann sa dubhaigen.
32 Agus so bhí tréd mór muc ann sin ag
inghilt ar a tslíabh: agus diárradar air a léigean doibh dul ionnta. Agus
dfulaing seísion sin dóibh.
33 Agus ar ndul do na deamhnuibh as an duine, do
chúadar ann sna mucaibh: agus do rith an tréd muc ris a nail ann sa loch, agus
do múchadh iád.
34 Agus an trath do chunncadar a háodhairidhe an ní do
rinneadh an, do theitheadar, agus ar nimtheachd dóibh dinnseador sin ann sa
chatruigh agus ar na machairibh.
35 Agus do chúadarsan amach dféachain an
neith do rinneadh; agus tangadar dionnsuighe Iósa, agus fúaradar an duine, as a
ndeachadar na deamhuin, a na éadughadh, agus é ar deaghcheill, na shuidhe ag
cosaibh Iósa: agus go ghabh eagla íad.
36 Agus an dream do bhí dhá fhéachain
dinnsigheadar dhóibsion cionnas do slánaigheadh an tí iona rabhadar na deamhuin.
37 Agus diárradar luchd chríche na Ngadarenach uile airsion imtheachd úatha; oír
do bhí eagla ro mhór orrtha: agus ar ndol dósan ann sa luing, dfill sé tar ais.
38 Agus díarr an fear as a ndeachadar na deamhuin air, é fein do bheith na
fhochair: achd léig Iósa úadh é, ag rádh,
39 Fill dod thigh féin, agus innis
meúd na neitheann do rinne Día dhuit. Agus do imthigh seision, ar feadh na
caithreach uile ag innisin créd íad na neithe do rinne Iósa dhó.
40 Agus
tárla, an tan do fhill Iósa tar ais gur ghabh an sluagh chuca é: óir do bhádar
uile ag feitheamh ris.
41 Agus, féuch, táinic neach áirighe dar bhainm
Iáirus, do bhí na úachdarán ar a tsinagóig: agus an tan do shléuchd sé ag
cosaibh Iósa, diárr sé dathchuinghidh air dul leis dá thigh féin:
42 Do
bhrígh go raibh éinghein inghine aige, timcheall a dá bhliadhan dég, agus í
fagháil bhais. Achd ar mbeith ag imtheachd dhó do bhí an sluagh dha bhrughadh.
43 Agus bean do bhí a bhflucsa fola dá bhliadhuin dég, agus do chaith a raibh
aice le leaghaibh, agus nar béidir le héinneach a leigheas,
44 Do chúaidh sí
táobh shíar dheision, agus do chumail sí ré himeal a bhruit: agus do sguir a
dórtadh fola ar an mball.
45 Agus a dubhairt Iósa, Cía so do bhean rium? Agus
ar na shéana do chách uile, a dubhairt Peadar agus an dream do bhí na fharraidh,
A Mhaighisdir, atá an slúagh ad bhrughadh agus ad phluchadh, agus a nabair tú,
Cía bhean rium?
46 Agus a dubhairt Iósa, Do bhean duine éigin riom: oír do
mhothuigh mé subhailce dul asam.
47 Agus an tráth do chonnairc an bhean gur
hairigheadh í, táinic si ar crith, agus ag sléuchdain dósan, dfoillsigh sí dhó a
bhriadhnaisi an phobuil uíle créd é an tádhbhar far chumail sí ris, agus cionnus
do leigheasadh í ar an mball.
48 Agus a dubhairt seisean ría, Bíodh mainighin
mhaith agad, a inghean: do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh romhad a
sióthcháin.
49 An feadh do bhí seision ag labhairt, táinic neach áirige ó
úachdarán na sinagóige, da rádh ris, Fúair binghean bás; ná cuir buaidhreadh ar
an Mhaghisdir.
50 Agus ar na chluinsin so Díosa, do fhreagair sé é, ag rádh,
Na bíodh eagla ort: créid amhain, agus sláineóchthar í.
51 Agus ar ndul a
sdeach don tigh dhó, níor fhuiling sé neach ar bith do dhul a sdeach, achd
Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus athair agus mathair an chailín.
52 Agus
do bhádar cách uile a gul, agus dá cáoineadhsa: achd a dubhairt seision, Ná
guilidh; ní bhfuil sí marbh, achd na codladh.
53 Agus do rinneadarsan
fonomhad faoi, tré go raibh a fhios aca go raibh sí marbh.
54 Agus ag cur
cháich uile amach dhósan, agus ad breith ar a láimh, do éigh sé, ag rádh, A
chalín, éirigh.
55 Agus táinic a spiorad a rís innte, agus déirigh sí ar an
mball: agus do aithin sé bíadh do thabhairt dí.
56 Agus do ghabh úathbhás a
hathair agus a mathair: gidheadh do áithin seision díobh gan an ní do rinneadh
dinnísin do dhuine ar bith.
Caibidil IX
Uír na nccos
do chrathadh anaghaidh dhaoine do theagaisc. 51 Gan bhéith dioghaltach. 57 Agus
gan Chríosd do leanmhuin ar scáth sceimhe, nó arson éadala agus onoir.
1
Agus ag gairm a dhá dheisciobal deg dhó, tug sé neart agus cumhachda dhóibh art
na huile dheamhnuibh, agus ar easláintibh do leigheas.
2 Agus do chuir sé iád
do sheanmoír ríoghachda De, agus do leigheas na ndáoine easlán.
3 Agus a
dubhairt sé riú, Ná beiridh ní ur bith libh chum na sligheadh, bataighe, ná
tiach lóin, ná arán, ná aírgead ná biodh dhá chóta ag cách.
4 Agus gidh bé ar
bidh teach an a rachtáoi a sdeach, gur ab ann sin fhanfáoi, agus gur ab as
rachtái amach.
5 Agus gidh bé nach géubhuidh chuca sibh, ar bhfagbháil na
caithreachasin dáoibh, craithidh fós an lúathbreachán dá bhur gcosnibh mar
fhíadhnuisi na naghaidh.
6 Agus do imthigheadarsan, trís agus do ghabhadar na
mbailtreach, ag déanamh seanmóra agus ag leigheas ann gach uile bhall.
7 Agus
do chúaluidh Iórnáith an Tetraren gach uile ní dá ndeamuidh seision: agus do bhí
sé a namharus, do brigh go ndubhradar dáoine áirighe, gur éirigh Eóin ó
mharbhuidh;
8 Agus dáoine eile, Gur fhoillsigh Elias é féin; agus dáoine
eile, Gur eirséirigh faigh éigin do na seanfháighibh.
9 Agus a dabhairt
Iorúaith, Do bhean misi a cheann Deóin: agus cia hé so, ar a gcluinim a leithéde
so? Agus diarr sé eision dfaicsin.
10 Achd ar bhfilleadh do na habsdalnibh,
dinnseadar dhósan gach ní dhá ndearnadar. Agus ar na mbreith leis do, do chuáidh
sé fá Leith ar fhásach na ciathreacha dá ngoirthear Betsáida.
11 Agus an tan,
do aithin an pubal sin, do leanadar é: agus ar na ngabháil chuige dhó, do
labhair sé ria a dtimcheall rioghachda Dé, agus do shlánaigh sé an chuid díobh
ar a raibh úireasbhuide leigbis.
12 Agus do bhí an lá ag dol thárrsa, agus
trangadar an dá fhear dhég chuigesion, agus a dubhradar ris, Léigh uáit an
slúagh, ionnus go numéochaidis fa na bailtibh agus fan tír do leathnughadh, agus
go ccomhnuidhid, agus dfaigháil bídh: óir a tamáoid ann so a náit fhásamhuil.
13 Achd a dubhairt seision riú, Tabhruidhsi ní lé na ithe dhóibh. Agus a
dubhradarsan, Ní bhfuil ní is mó aguinn ná cúig aráin agus dá iásglachsd mona
dteímis do cheannach bidh don phobal so nile.
14 Oír do bhádar a dtimcheall
chuig míle fear. Achd a dubhairt seisión ré na dheisciobluibh, Cuiridh na suidhe
iád na gcaogadaibh.
15 Agus do rinneadarsan amhlaidh, agus do chuireadar na
suidhe iád nile.
16 Agus ar ngabháil na gcúig narán agus an dá iásgdhósan,
agus ar bhféachain sias ar neamh, do bheannuigh sé iád, agus do bhris sé, agus
tug sé dhá dheisciobluibh iád do chum go gcuirfidís a bhfiadhnuisi an phubail
iád.
17 Agus a dithadar, agus do sasaigheadh iad uile: agus do tógbhadh dhá
chlíabh dhég do bhíadh bhrisde do bhí dfhuighioll aca.
18 Agus tárla, an tan
do bhí sé na áonar ag déanamh urnuighe, go rabbadar a dheisciobuil na fhochair:
agus gur fhíafruidh sé dhíobh, ag rádh, Créd a deir an slúagh cía misi?
19
Agus do fhreagradarsan agus a dubhradar, Eóin Baisde; agus cuid eile, Elías;
agus cuid eile, gur éighe fáigh éigin do na seanfháighibh a rís.
20 Agus a
dubhairt seision riú, Achd cred a deárthaoisi cía mé? agus ar bhfreagra do
Pheadar a dubharit sé, Criosd Dé.
21 Agus ar ndeanamh bagiar orrtha dhó, do
aithin sé íad gan so dinnisin do dhuine ar bith;
22 Ag rádh, Gur ab éigin do
Mhac an duine mórán dfulang, agus a dhinltadh ó na sinnsearnibh agus ó
úachdaránnibh na sagart agus ó na sgriobuidgibh, agus bás dfulang, agus éirghe
an tres lá.
23 Agus a dubhairt sé riá uile, Madh áill ré héinneach misi do
leanmhuin, díultadh sé dho féin, agus toghbadh sé a chros gach láoi agus leamadh
sé misi.
24 Oír gidh bé lér ab aill an anam do shlánaghadh caillfidh sé é:
agus gidh be chaillfeas a anam ar mo shousa, a sé so shláineochas é.
25 Oír
créd a tharbha do dhuine, dá ngnoghuigheadh sé an domhan uile, agus go
gcaillfeadh sé, nó go léigfeadh sé a mugba é féin?
26 Oír gidh bé le budh nár
misi agus mo bhriathra, budh nár le Mac an duine eision, an tráth thiocfas sé
ann a ghloír fein, agus Athar, agus na naingeal náomhtha.
27 Agus a déirim
ribh go firianeach, Go bhfuilid cuid don mhuintir ata á láthair ann so, nach
blaisfidh bás, nó go bhfaicfid rioghachd Dé.
28 Agus tárla a dtimcheall ochd
lá tar éis na mbriatharsa, ar mbeith Pheadair agus Eóin agus Shéamuis leis, go
ndeachaidh sé súas ar shlíabh do dhéanadh urnuighe.
29 Agus tárla ag deanamh
urnuighe dhó, gur hathruigheadh fioghair a aighthe, agus go ndearnadh a éadach
geal dealruigheach.
30 Agus, féuch, do bhádar días fear ag comhrádh ris, mar
atá Máoisi agus Elías:
31 Noch do chomcas a nglóir, agus dfoillsigh an bás,
do fhuilcongadh sé a Niarusalem.
32 Agus do bhí codladh trom ar Pheadar agus
ar a ndroing do bhí na fharradh, agus an tan do dhuisgeadar, do channcadar a
ghloírsion, agus an dias fear do bhí na seasamh na fhochair.
33 Agus tárlá,
agá fhagbháil doibh, go ndubhairt Peadar réllíosa, A Mhaighisdir, is maith sinne
do bheith ann so: agus déanam trí botha; both dhuitsi, agus both do Mháoisi,
agus both Dhelías:gan fios aige créd a dubhairt sé.
34 Agus an tan a dubhairt
sé só, táinic néull, agus do theilg sé agáile orrtha: agus do ghabh eagla
iásdsan an tan do chuádar ann sa néull.
35 Agus táinic gith as a néull, ag
rádh, Ag so mo Mhac gradhachsa: éisdigh ris.
36 Agus ar teachd don ghuthsin,
do fríoth Iósa na áonar. Agus do bhadarsan na dtochd, agus nior innisiodar
dáonduine ann sna laéthibhsin ní ar bith dhá bhfacadar.
37 Agus tárla, an lá
na dhiáighsin, ar ndul síos don tslíabh dhóibh, do dtárla slúagh mór airsion.
38 Agus, féuch, do éigh neach don tslúagh, ag rádh, A Mhaighisdir, iárruim ort,
feuch ar mo mhac: oír a sé méinghein é.
39 Agus, féuch, beirídh an spiorad
air, agus éimhigh sé go hobann; agus tairrngidh sé as a cheile é ag cur cubhair
amach, agus is ar éigin fhágfas sé é tar éis a chomhmbrúghadh.
40 Agus diárr
mé ar do dheiscioblaibhsi a chur as; achd níor fhéadadar.
41 Agus ar bhfreaga
Díosa a dubhairt sé, A chineadh míchreidmheach cláon, ga fad fós bhiás mé
eadruibh, agus fhuileongas mé sibh? Tabhair do mhác leachd an so.
42 Agus ad
teachd chuige dhó, do bhúail an deamhan síos é, agus do tharruing sé as a cheile
é. Achd do imdhearg Iósa an spiorad neamhglan, agus do leighis sé an leanabh,
agus thug sé dhá athair fein é.
43 Achd do ghabh úathbhás cách uile trí
mhórchumhachd Dé. Agus ar mbeith ag déanamh iongantus doibh uile ann gach uile
ní da ndearnuidh Iósa, a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh,
44 Taisgidh na
bríathrasa ann bhur gcluasaibh: óir tiofuidh chum chríche go dtiobharthar Mac an
duine a lámhuibh na ndaóine.
45 Achd níor thuigeadarsan an comhrádhsa, agus
do bhí sé ar na fholach úatha, ionnas nar airigheadar é: agus do bhí eagla
orrtha ceisd do chur airsion a dtimcheall an chomhráidh sin.
46 Agus déirigh
diospóireachd eatarra, cía dhíobh féin budh mhó.
47 Agus ar bhfaicsin
smuaintighe a gcroidhe, Díosa, do ghabh se leanabh chuige, agus chuir sé na aice
féin é.
48 Agus a dubhairt sé riú, Gidh bé ghéubhas chuige an leanabh so a
mainmsi is misi ghabhas se chuige: agus gidh bé ghéubhas misi chuige, gabhuidh
sé chuige an té do chuir uádh mé: óir gidh bé is lugha eadruibhsi uile, bíaidh
se mór.
49 Agus ar bhfreagra Déoin a dubhairt sé, A Mhaighisdir, do
chunncamairne duine áirighe ag teilgean deamhan a mach ad ainuisi; agus do
thoirmeasgamar é, ar son nach leananu sé dhínne.
50 Agus a dubhairt Iósa ríu,
Ná toirmeasuidh é: oir gidh bé nach bhfuil ar naghuidh atá sé linn.
51 Agus
tárla, an tan do coímhliónadh laéthe a nglacfaidh súas é, gur chuir sé roimhe go
daingion dul go Hiárusaléim.
52 Agus do chuir sé teachdairighe róimhe: agus
ar nimtheachd dóibh, do chúadara sdeach a mbaile na Samáritánach, do chum go
ndéanaidís ullmhaghadh roimhesion.
53 Achd niór ghabhadársan chuca é, ar son
go raibh a agháidh mar bhiagh sé dul go Hiarusalém.
54 Agus an tráth do
chuncadar a dheisciobuilsion Séumas agus Eóin so, a dubhradar, A Thighearna, a
naill leachd go nabramáois teine do theachd a núas ó neamh, dá losadh síad, mar
do rinne Elías leis?
55 Agus ar gcasadh dhó, do imdhearg sé iad, agus a
duibhairt sé, Ní bhfuíl a fhios aguibh créd é an spiorad dár dhe sibh.
56 Oír
ní thaínic Mac an duine do sgríos anmann na ndáoine, achd dá slánughadh. Agus do
chúadar as sin go bhaile eile.
57 Agus tárla, ar nimtheachd dóibh san
tslíghe, go ndúbhairt neach áirighe rision, Leanfuidh misi thú gidh bé háit ann
a racha tú, a Thighearna.
58 Agus a dubhairt Iósa ris, Ataíd fúachaisighe ag
na sionnchaibh, agus neíd ag éanlaith a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an
duine ann a gcurfeadh sé a cheann.
59 Agus a dubhairt sé ré neach eile,
Leansa misi, Achd a dubhairt seision, A Thighearna, leigh dhamh imtheachd ar
túís agus mathair daghlacadh.
60 Achd a dubhairt Iósa ris, Leíg do na
marbhuibh a mairbh féin daghlacadh: achd imthighsi, agus déana rioghachd Dé do
sheanmóir.
61 Agus mar an gcéadna a dubhairt neach eile, Leanfuidh misi thú,
a Thighearna; Achd leigh dhamh ar tús mo chead do ghabháil, ag am mhuinntir.
62 Achd a dubhairt Iósa ris, Gidh bé neach chureas a lámh ar an gcéuchd, agus
fhéachas na dhíaigh, ní bhfuil se iomchubhaidh do ríoghachd Dé.
Caibidil X
Na mna do chaith a maóin re Criosd, 4 le cosamlacht um an
tsíoladóir, 22 agus mirbhuileadh Iósa Mhic Dé.
1 Agus na dhiaigh so
dórduigh an Tighearna mar an gcéadna deithneabhar agus trí fichid eile, agus do
chuir sé na ndís agus na ndís roimhe féin iád dá gach uile chathruigh agus
ionnad, ann a raíbh a theachd féin.
2 Ar a nadhbharsin a dabhairt sé ríu, Is
mór an foghmhar, achd is beag an luchd oibre: uime sin guidhidh Tighearna an
fhoghmhuir, luchd oibre do chur amach chum a fhóghmhair.
3 Imthighidh: féuch,
ataimse dá bhur gcur úaim mar úana a measg mhadradh allta.
4 Ná hiomchruidh
sbarán, na tiach loín ná bróga: agus ná beannaighidh do neach ar bith sa
tslighe.
5 Agus gidh bé tigh iona rachtáoi a sdeach, abruidh ar tús, Go raibh
sióthcháin don tighse.
6 Agus má bhionn Mac na sióthchána annsin, do
dhéannidh bhur sióthcháinsi comhnuighe air: achd muna raibh, fillfidh sí
chugaibh féin a rís.
7 Agus fanaidh an sa tighsin, ag ithe agus ag ól na
neitheann atá aca: óir is fiú an toibrigh a thuárasdal. Ná himighidh ó thigh go
tigh.
8 Agus gidh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus go ngéubhaid siád
sibh, ithidh na neithe chuirid siád ann bhur bhfiadhuisi:
9 Agus slánaghaidh
na heaslaín bhias innte, agus abruidh riú, Do dhruid rioghachd Dé ribh.
10
Agus gibh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus nach génbhuid siád sibh, ar
nimtheachd dáoibh amach ar na sraídibh, abruidh,
11 Craithmíd dhínn bhur
naghaidh, go fiú an luaithridh do lean dínn, as bhur gcathruigh: achd cheana
bíodh a fhios so aguibh, gur dhruid rioghachd Dé ribh.
12 Agus a deirím bhur
ribh, Go madh socamhluighe do na Sodomachaibh an lá úd, ná don chathraighsin.
13 Is anáoibhinn duit, a Chorásin! as anáoibhinn duit, a Bhetsáida! oir dá madh
a Dtírus agus a Sídon, do dhéantáoi na miorbhuile do rinneadh ionnaibhsi, is
fada ó da dhéanaidís aithrighe, na suidhe a néadach roín agus a luaithreagh.
14 Ar a nadhbharsin budh socamhluighe do Thírus agus do Shídon ann sa
bhreitheamhnus, na dháoibhsi.
15 Agus tusa, a Chapernáum, atá ar do thógbháil
súas go neamh, teilgfidhthear siós go hifearnn thú.
16 Gibh bé éisdeas ribhsi
is riomso éisdeas sé; agus gibh bé bheir neimhchion oruibhsi, is oramsa do bheir
sé neimhchion; agus gibh bé bheir neimhchion oramsa is ar an té do chuir úadh mé
do bheir sé neimhchion.
17 Agus do fhilleadar an deithneabhar agus trí fichid
maille lé gáirdeachas, ag rádh, A Thighearna, ataíd na deamhuin féin fá smachd
aguinne tréd ainmsi.
18 Agus a dubhairt sesion ríu, Do chonnairc mé Sátan
marr theinnteach ag tuitim ó neamh.
19 Fénch do bheirim dhíbh cumhachda
saltairt air na haithreachaibh nimhe agus ar na scorpiónuibh, agus ar uile neart
namhad: agus ní ghoirteochaid éin ní sibh.
20 Achd cheana na bíodh
gáirdeachas oraibh, ar son go bhfuilid na spioraididhe fá bhur smachd; achd go
madh mó bhiás gairdeachas oruibh fá go bhfuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar
neamh.
21 Ar a núairsion do ghabh gáirdeachas iona spioraid Iósa, agus a
dubhairt sé, Do bheirim buidheachas duit a Athair, a Thighearna neimhe agus
talmhan, trí gur fholuigh tú na neithesi ó dháonibh eagnuidhe agus glioca, agus
gur nochd tú iad do naoidheanánuibh: a seadh, a Athair; tré gur ab mar sin do
budh toil leachd féin é.
22 Atáid na huile neithe ar na dtabhairt dhanhsa óm
Athair: agus ní bhfuil a fhios ag éinneach ciá hé an Mac, achd ag a Nathair;
agus ciá hé an Tathair, achd ag an Mac, agus an té dá dtiúbhradh an Mac a
nochdughadh.
23 Agus ar bhfilleadh chum a dheiscíobal, a dubhairt sé fá leith
riú, is beannaighthe na súile do chí na neithe do chithísi:
24 Oír a deirim
ribh, Gur ab iomdha fáighe agus righthe lér mhián na neithe do chithisi
dfaicsin, agus ní fhacadar: agus na neithe do chluintí do chluinsin, agus ní
chúaladar.
25 Agus féuch, déirigh fear dlighe áirighe na sheasamh, ag cur
chathaighthe airsion, agus ag rádh, A Mhaighhisdir, créd do dhéana mé ionnus go
bhfuighinn an bheatha mharthannach doighreachd ?
26 Achd a dubhairt seision
ris, Créd a tá sgríobhtha ann sa dligheadh? Cionnas léaghas tú?
27 Agus ar
bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do
chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da
smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin.
28 Agus a dubhairt
seision ris, As díreach do fhreagair tú: déanasa so, agus maírfidh tú.
29
Achd ar mbeith dhósan, funnmhar ó a fhiréantachd féin da thaisbéanadh, a
dubhairt sé re Híosa, Maseadh ciá hé mo chomharsa?
30 Agus ar bhfreagra Díosa
a dubhairt sé, Do chúaidh duine áirighe siós ó lérusalem go Iérico, agus tárla a
measg bhiothamhnach é, do shlad e, agus do loit é, agus do imthigh rompa, ar na
fhagbháil leathmharbh.
31 Agus tárla tré chinneamhain gur ghabh sagart
áirighe síos sa tslighe sin: agus ar na fhaicsinsion dó, do ghabh sé thairis don
táobh eile don tslighe.
32 Agus mar an gcéadna Lebhita, a teachd chum a
nionaid sin, ar na fhaicsin dó, do ghábh sé tháiris don táobh eile.
33 Agus
ar mbeith ag gabháil na sligheadh, do Shamaritánach áirighe, tháinic sé mar a
raibh seision: agus ar na fhaicsin, do ghabh truáighe ghér dhó é
34 Agus ar
ndrud ris, do cheangail sé a chneadha, ag dortadh ola agus fióna ionnta, agus ar
na chuir air a ainmhidhe féin dó, rug sé leis go tigh ósda é, agus do ghabh sé
cúram na thimcheall.
35 Agus ag imtheachd dó lá ar na mhárach, do bhean sé
dhá phighinn amach agus tug sé don ósdóir iád, agus a dubhairt sé ris, Bíodh
cúram agad fan fhearso; agus gibh bé chaithfeas tú as a chionn so, an tráth
fhillfeadsa, do bhéara me dhuit é.
36 A nois cía don triúrsa, bhreathnaigheas
tusa, do bheith na chomharsain ag an tí úd thárla a measg na mbiothamhnach?
37 Agus a dubhairt seísion, An tí ud do rinne trocaire air, Ar a nadhbhasin a
dubhairt Iósa ris, Imthighsi agus déana mar an gcéadna.
38 Agus tárla, ag
imtheachd dóibh, go ndeachaidh seision go baile áirighe: agus go rug bean
áirighe dar bhaimn Martá dá tigh fein é.
39 Agus do bhí deirbhshiúr aicesi dá
ngoirthí Muire, agus ar suidhe dhi ag cosaibh Iosa, do bhí si ag éisdeachd lé na
bhríathraibh.
40 Agus do bhí Martá lán do chúram lé hiomad friotholuimh, agus
a dubhairt sí, A Thighearna, an é nach meisde leachd mar dfág mo dheirbhshiúr
misi am áonar ag friotholamb ar a nadhbharsin abair riá cungnamh riom.
41
Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ría, A Mhartá, a Mhartá, atá tú ro
chúramach agus buaidhridh tú thú féin fá mhóran do neithibh:
42 Achd cheana
ein ní a mhaín atá riachdanach: rug Muire an chuid mhaith do roghain, nach
béarthar uáithe.
Caibidil XI
Shéol Crísd do bheith gnathach,
seasmhach a nguidhe. 28 Agus gur coimhead bhriathar De, do ni deannuighthe, agus
nach scáil chrábhoidh.
1 Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh urnuighe
a náit áirighe, mar do sguir sé, go ndubhairt fear áirighe dá dheisciobluibh
ris, A Thighearna múin dúinne urnuighe do dhéanamh, amhail agus mar do mhúin
Eóin dá dheisciobluibh féin.
2 Agus a dubhairt seision ríu, A núair do
dhéantáoi urnuighe, abraidh, Ar nathair atá ar neamh, naomhthar hainin. Tigeadh
do rioghachd. Déantar do thoil, ar an talamh, mar atá ar neamh.
3 Ar narán
laétheamhuil tabhair dhúinn gach láoi.
4 Agus maith dhuinn ar bpeacaigh; óir
maithmídne da gach áon air a bhfuil fiacha aguinn. Agus na leíg sinn a
ccathughadh; achd soar inn ó olc.
5 Agus a dubhairt sé ríu cía agaibhsi agá
mbíadh cara, agus go rachadh sé chuige a meadhon oidhche, agus go naibeóradh sé
ris, A chara, tabhair trí haráin dhamh air iásachd;
6 Oír tháinic cara dhamh
as a tslighe am ionnsuighe, agus ní bhfuil éinni again do chuirfinn na
fhiadhnuisi?
7 Agus go bhfreigeóradh seision a sdigh, agus go naibeóradh sé,
Na cuir búaidhreadh oram: atá an doras dúntí a nois, agus ataíd mo chlann am
fhochair sa tseómra; ní fhéaduim éirghe agus a dtabhairt dhuit.
8 A deirim
ribh, ar néirghe dhó, dá mbeith nach dtiobhradh sé sin úadh, ar son gur chara
dhó é, gidheadh go fírinneach ar son a liosdachda do éiréochadh sé, agus do
bhéaradh sé dhó an mhéid do bhiadh do riachdanus air.
9 Agus a deirimsi ribh,
Iarraidh, agus do bhéarthar dháoibh; lorgairigh, agus do gheabhtháoi; buailidh
an doras, agus oisgéoltar dháoibh.
10 Oír gidh bé iárras glacaidh sé; agus
gidh bé do ní lorgaireachd do gheibh sé; agus oísgéoltar don té bhúaileas an
doras.
11 Agus cía againbhsi athair ar a níarrfadh a mhac arán, do bhéaradh
cloch dhó? Nó dhá niárradh sé iásg, do bhéaradh nathair nimhe a nionad éisg dhó?
12 Nó dá niárradh sé úgh, an dtiobhradh se scorpion do?
13 Ar a nadhbharsin,
más eól dáoibhsi air mbeith go holc, tiodhluice maithe do thbhairt da bhur
gcloinn, an é nach mó ná sin bhéaras bhur nathairse ó neamh an Spiorad Náomh don
during íarrfas air é?
14 Agus do bhí sé ag teilgean deamhain amach, do bhí
balbh. Agus tárla, ar ndul don deamhan amach, gur labhair an balbhán; agus do
ghabh iongnadh an slúagh.
15 Agus a dubhairt dream acasan, Is trí Bheelsébub
prionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhuin.
16 Agus dream eile, ag
cur chathaighthe air, do iárradar comhartha ó neamh air.
17 Agus ar bhfaicsin
a smúaintighthe, dhósan, a dubhairt sé riú, Gach rioghachd bhios roinnte na
haghaidh féin do nithear fasach dhi; agus an tigh bhíos roinnte naghaidh tíghe,
tuitidh sé.
18 Agus mar an gcéada dá raibh Sátan roinnte na aghaidh féin,
cionnas fhanfas a rioghachd na seasamh? oír a deirthísi gur ab trí Bheelsébúb
theilgimsi amach na deamhain.
19 Agus más trí Bheelsebuh sgriosaimsi na
deamhuin, cía tré sgriosaid bhur gelannsa iád? Ar a nadbhharsin héid siádsan na
mbhreitheamhnaibh oraibhsi.
20 Ach cheanna más le méur Dé theilgimsi amach na
deamhain, gan chunntabhairt tháinic ríoghachd De chuguibhsi.
21 An tan
choimhéadas duine láidir armálta a chúirt féin, atá a bhfuil aige a siothchaín:
22 Achd an tráth thig duine is neartmhaire ná é, beiridh sé búaidh air, agus
tóguidh sé leis a uile armaíl ann ar chuir sé a mhuinighinn, agus roinnidh sé a
eadáil.
23 An té nach bhfuil leamsa atá sé am aghaidh: agus gidh bé nach
ccruinnigheann leamsa scabuighidh sé.
24 An tráth imthigheas an spiorad
neamhglann as duine ar bith, imthigh sé trí íonaduibh tiorma, ag iárruidh
suáimhnis; agus an tráth nach bhfaghann sé sin, a deir sé, Fillfidh mé doin
thigh féin ó dtáinic mé.
25 Agus ar dtachd dó, do gheibh sé ar na sgúabadh
agus ar na dheaghmhaisioghadh é.
26 Imthighidh sé an sin, agus beiridh sé
leis seachd spioraide eile is measa ná é fein; agus ar ndol a sdeach dhóibh, do
níd comhnaidhe ann sin: agus is measa deireadh an duine sin ná a thosach.
27
Agus tárla, agá rádh so dhó, gur árduigh bean áirighe don tsluágh a gúth, agus
go nduibhairt sí, As beannaighe an bhrionn do iomchuir thú, agus na cíocha do
dhiughail tú.
28 Agus a dubhairt seision, Achd as beannaighe an dream eisdeas
briáthar Dé, agus choimhéudus é.
29 Agus an tan do chruinnidh an sluágh go
tiúgh chuige, do thionsgain sé a tádh. As olc an cineadh so: iárraidh sé
comhartha; agus ní tiubharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónas fáidh.
30
Oir ambail dó bhí Iónas na chomhartha do mhuinntir Niníve, as mar sin bhiás Mac
an duine mar an gcéudna don chineadhso.
31 Eiréochuidh bainrióghan an aoibhe
ó dheas a mbreitheamhnus maille ré dáoinibh an chinidhsí, agus daimneóchaidh si
iád: oír tháinic sisí ó leithimlibh na talmhan déisdeachd ré heagna Sholaimh:
agus, féuch, atá duine as mó ná Solamh ann so.
32 Eireóchaid luchd Niníve a
mbreitheamhnus maille ris an gcineadhso, agus dainmeóchaid é: oír do
rinneadarsan aithrighe ag seanmóir Iónas; agus, féuch, atá duine as mó ná Iónas
ann so.
33 Ní lasann duine ar bith coinneall, chum a cur a bhfolach, nó faoi
bhaiseúl, achd a gcoinnleóir, ionnus go bhfaichfidis an dream thig a sdeach an
solus.
34 A sí an tsúil solus an chuirp: ar a nadhbharsin a núair bhias do
shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach; achd dá raibh do shúil go holc,
biáidh do chorp mar an gcéadna dorcha.
35 Dá brígh sin tabhair haire riot
nach biáidh an solus atá ionnad na dhorchadus.
36 Ar a nadhbharsin dá raibh,
do chorp uile soillseach, gan éanchuid dhe dorcha, biáidh an tiomlán soillseach,
amhail mar dheallruigheas coinneal thú ré na soillse.
37 Agus ar labhairt do,
do chuir Phairisíneach airighe impédhe air a dhínnér do chaitheamh na fhochair:
agus ár ndul a sdeach dhósan, do shuigh sé chum bídh.
38 Agus an tan do
chonnairc an Phairísineach sin, dob iongnadh leis nár ionnail sé ar tús roimh
dhínnér.
39 Agus a dubhairt an Tighearna rís, Go deimhin do ní sibhse a
phairisineacha an táobh amuigh don chupan agus don mhéis glan; achd atá an táobh
a sdigh dhíbh lán do shracaireachd agus dolc.
40 A dháoine gan chéill, a né
nach é an tí do rinne an táobh a muigh do rinne an táobh a sdigh mar an gcéadna?
41 Ar a nadhbharsin tábhruidh deíre uáibh do na neithibh atá a láthair aguibh;
agus, féuch, bíaidh na huile neitheghan díbh.
42 Achd is anáoibhinn dáoibh, a
phairisíneach! do brígh go ngabhtháoi deachmhaidh an mhiontius agus na ruibhe
agus na uile luibheann, achd gabhtháoithar bhreitheamhnus agus ghrádh Dé: do
búdh cúir iád so do dhéamnamh, agus gan iád súd do leígeann gan déanamh.
43
As anáoibhinn dáoibh, a phoirisneacha! Oír as ionmhuin libh an céud ionad suidhe
ann sna sionagogaibh, agus fáilteadha ar na máruidhibh.
44 As anáoibhinn
dáoibh, a sgriobuidhe agus a phairisíneacha, a lachd a nfúarchrábhaidh! oír
atátháoi marthuámuidhibh nách bhfaicthear, agus nách aithne do na dáoimbh
shiubhlus orrtha.
45 Agus ar bhfreagra do dhuine áirighe don luched dlighe, a
deir sé rís, A Mhaighisdir, agá rádh so dhuit do bhéir tú masa dhuinne fós.
46 Achd a dubhairt seision, As anáoibhinn dáoibhsi leis, a luchd dlighe! oír
curtháoi úaluidhe dóiomchur ar na dáoinibh, agus ní bheantháoi féin ris na
húaladhaibh lé háon da bhur méuraibh.
47 As anáoibhinn daiobh! oír tógtháoi
túamuidhe na bhfáidheadh, agus a siád bhur naithreacha do mharbh iád.
48 Go
deimhin do níthi fiádhnuisi go moltáoi gniómhartha bhur naithreach: oír do
mharbhadarsan iád, agus do níthíse tuamuidhe dhóibh.
49 Ar a nadhbharso a
dubhairt eagna Dé, Cuirfe mé fáidhe agus absdail chuca, agus muirfid siád agus
géarleanfuid cuid diobh:
50 Do chum go leanfuidhe ar an gcinneadhsa, fuil na
bhfáidheadh uile, do dóirteadh ó thús an domhain;
51 O fhuil Abéil go fuil
Shacharías, do marbhadh éidir a naltóir agus an teampoll: go firinneach a deirim
ribh, go leanfuighear é ar an gcineadhso.
52 As anáoibhinn dáoibh, a luchd
dlighe! oír rugabhair libh eochair a néolais, ní dheachabhair féin a sdeach,
agus do thoirmisgeabhair an dream do bhí ag dul a sdeach.
53 Agus a nnáir
dubhairt sé na neithese riú, do thionnsgnadar na sgriobuidhe agus na
Phairisínigh consbóid ghéar do dhéanamh ris, agus a thabhairt air labhairt ar
mhórán do neithibih:
54 Ag luigheachan air, agus ag iárraidh neither éigin do
ghreamughadh as a bhéul, ann a naigeóraidis é.
Caibidil XII
Iarfa Chriosd an fhirinn a theagasc gan fhaitchios, 36 bí deas fa chomhair
buille an bháis, 54 agus gur baoghlach, reiteach agus uáir an ghrás, do
leigheann thort gan tarbha.
1 Fa a námsin, ar mbeith do phubal gan
airmheadh ar na ccomhchruinniufgadh, ionnus go rabhadar ag saltairt ar a chéile,
do thionnsgain sé a radh re na dheisciobluibh ar tús, Comhéaduigh sibh féin ar
laibhin na Bhphairsineach, eadhon an fuarchrabhadh.
2 Oír ní bhfuil einní
foluightheach, nach dtiocfuidh chum sóillsi; ná seicreideach, nach bhfuighthear
a fhios.
3 Ar a nadhbharsin gidh bé neithe do labhrabhair an dorchadas
cluinfidhthear iád satsolus; agus gidh bé ní do labhrabhair a gcluáis a
seómruidhibh uaígneacha do dhéantar a ghairm ós na tighthibh.
4 Agus a deirim
ribhse a chairde, Ná biodh eagla muinntire oraibh mhárbhus an corp, agus na
dhiáigh sin leis nach éidir ní sa mhó do dhéanamh.
5 Achd foillséochaidh mé
dháoibh cía ré a mbia bhur neagla: Bíodh eagla an ti úd oraibh, agá bhfuil
cumhachda tair éis duine a mharbhadh a theilgean go hifrionn; a seadh, a deirim
ribh, Biodh eagla so oraibh.
6 A né nach cceannaghthear cúig gnealbhain ar
dhá fheórling, agus ni bhfuil áon aca ar dearmad a bhfiádhnuise Dé?
7 Achd
fós atá gruág bhar gcinnse uile ar na comhaíreamh. Ar a nadhbharsin na bíodh
eagla oráibh: as fearr sibhse ná morán gealbhan.
8 Agus fós a deirim ribh,
Gidh bé ar bith aidmheóchus misi a bhfiádhnuise na ndáoine, aidmheóchaidh Mac an
duine mar an gcéadna eisean a bhfiadhnari aingeal Dé:
9 Achd gidh bé shéanfus
mise a bhfiadhnuise aingeal De.
10 Agus gidh bé laibheóras focal a naghaidh
Mhic an duine, maithfighthear dhó é: achd ní maithfighear don tí laibheóras
blaisphéime a naghaidh an Spiorad Náoimh.
11 Agus an tan do bhéaruíd said
sibh chum na sinagóig, agus na núachdarán, agus na ndáoine gcumhachdach, na
bíodh ná ro chúram oraibh cionnas no créd fhreagórtháoi, nó créd a déartháoi:
12 Oír múinfidh an Spiorad Náomh dháoibh ar a nuársin féin, na neithe is coir
dháoibh do rádh.
13 Agus a dubhairt óglach áirighe don tslúagh ris, A
Mhaighisdír, abair rem dhearbhrathair, a noighreachd do rionn rium.
14 Agus a
dubhairt séision ris, A dhuine, cia chur misi ós bhur gcionn am bhreitheamh nó
am rannadóir?
15 Agus a dubhairt sé riú, Feachaidh, agus seachnuidh sibh ar a
tsaint: oír ní a níomarcuigh an tsaídhbhris atá ag duine air bith atá a bheatha.
16 Agus a dubhairt sé cosamblachd riú, ag rádh, Tug fearann dhuine sháidhbhir
áirighe toradh mór:
17 Agus do smuáin sé ann féin, ag radh, Créd do dhéana
mé, oir ní bhfuil áit agam ann a gcruinneocha me mo thórthuighe?
18 Agus a
dubhairt sé, Do dhéana mé so: leaghfaidh mé mo sgiobóil, agus toigeabhuidh mé
sgionóil bhus mó ná íad; agus cruimnéochaidh mé mo thórtha nile agus mo mháoin
ionnta.
19 Agus a deara mé réim anam fein, A anaim, ata mórán máoine agad ar
na gcur a dtaisge fa chomchair mhórán bliadhan; fan ad chomhnuidhe, ith, ibh, bí
go súgach.
20 Agus a dubhairt Diá ris, A amadáin, a nochd féin iárfaid said
hanam ort: agus cia bhus leis na neithe so, do sholáthair tú?
21 Is mar sin
atá an té chrunnigheas ionnmhas dó féin, agus nach bhfuil sáidhbhir a Niliá.
22 Agus a dubhairt sé ré na dheisciobhluibh, Uime so a deirim ribhsi, Ná
bidhidh, ro chúramach tá bhur gcorp, créd é an ní íosdáoi umuibh.
23 As mó an
tanam ná an biádh, agus an corp ná an téadach.
24 Tabhraidh dá bhur naire ná
preachaín: oír ní chuirid siás siól, agus ní bhéanuid said; agus ní bhfuili tigh
sdórúis na sgioból aca; agus beathaigh Diá iád: agus a né nach fearr sibhsi go
mór ná na héanlaith?
25 Achd ciá agaibhsi lé na iomad curium fhéadas áon
bhannlamh a mháin do chur air airde féin.
26 Ar a nadhbharsin muna bhfuil ar
bhur gcumas an ní as lugha, créd fa bhfuil cúram na neitheann eíle oraibh?
27
Tabhraidh dá bhur naire na lilidhe ciondus fhásaid said: ní dhéanuid said
sáothar, agus ní shníomhuid said; achd a deirim ribh, nach raibh Solamh féin ann
a ghlóir uile ar na éadughadh mar áon díobh so.
28 Agus má éaduigheann Diá
már sin an fér, atá a niu ar an machaire, agus chuithear a márach ann sa
núamhaifh; a né nach mó ná sin do dhéana sé dhibhse, a luchd an chreidimh bhig?
29 Ar a nadhbharsin, na fiáfruidhidhsi créd iosdáoi, nó créd iobhtháoi, agus na
bíthi amharusach.
30 Oír a said na neithesi uile iárraid cinidheacha an
domhain: achd atá a fhios ag bhur Nathairse go bhfuil a ríachdanas so oraibh.
31 Achd cheanna Iárruidhsi rioghachd Dé; agus teilgfidhthear na neithesi uile
chuguibh.
32 Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag; oir a si toil bhur Nathar an
rioghachd do thabhairt dáoibh.
33 Réacaidh a bhfuil aguibh, agus tabhruidh
déire úaibh; déannidh sparáin dhibh féin nach rachta a narsaidheachd, cisde ar
nach racha caitheamh ar neamh, a náith nach dtig gaduidhe a ngar dhó, agus nach
dtruáilligheann an míol críon.
34 Oír gidh bé aít iona bhfuil bhur ceisde, is
am sin fós bhías bhur bhurgcroidhe.
35 Bíodh bhur leasrach ceangailte
timchioll, agus bhur lóchráinn ar lasadh;
36 Agus sibh féin comhchosmhud ré
dáoinibh ag fuireach ré na dthighearna, gá húair do fhillfeadh sé ón phósadh;
ionnas ar dteachd agus ar mbuáladh an doruis dó, go noisgeolaidis gan fhuireach.
37 Is beannaighe na searbhfhoghantaidhe úd, do gheibh an tighearna ag déanamh
faire an tan do thig sé: a deirim ribh go fírinneach, go gccangalfuigh sé é féin
timchioll, agus go gcuirfidh sé iádsan na suidhe chum bidh, agus ar dteachd
amach dhó go ndéanuidh sé fríothólamh dhóibh.
38 Agus má thig sé sa dara
faire, agus má thig sé sa treas faire, agus go bhfuighe só mar sin iád, is
beannaighe na scarbhfhoghantuighe sin.
39 Achd biodh a dheimhin só aguibh, dá
mbeith a fhios ag fear an tighe cía a núair a dtiocfadh an gaduighe, go ndéanadh
sé faire, agus nach bhfuilcóngadh sé a thigh féin do thollodh thríd.
40 Agus
ar a nadhbharsin fós bithisi ullamh: oír is a núair nach saoiltí thiocfus Mac an
duine.
41 Agus a dubhairt Peadar ris, A Thighearna, an linne a deir tú an
chosamhlachd so, nó fós ré cach uíle?
42 Agus a dubhairt an Tighearna, Cía
atá na fheadhmannach fhírinneach ghlic, chuirfeas a thighearna ós cionn a
mhuinntie féin, ionnus go dtiobhradh sé a miosúr bidh dhóibh na am fein?
43
Is beannaighe an searbhfhoghantuidhe úd, agá bhfuighe a thighearna an tan
thiocfus sé dhá dhéanamh mar sin.
44 Go fírinneach a deirim ribh, Go gcuirfe
sé ós cionn a bhfuill aige é.
45 Achd má deir an seanbhfhoghantuighe úd ann a
chroidhe féin, Cuirfidh mo thighearna a theachd a ríghneas; agus go
dtionnsgónuidh sé gabháil ar na buáchailidh agus ná cailinidh, agus bheith ag
ithe agus ag ól, agus ar meisge;
46 Tiocfa tighearna an tsearbhfhoghantuighe
úd sa lá nach saoileann sé é, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige, agus
dealóchaidh sé úaidh é, agus do bhéara sé a chuid dhó a bhfochair na ndaoine gan
chreideamh.
47 Achd an searbhfhoghantnidhe úd, agá raibh fios tola a
thighearna féin, agus nar ullmhuidh é féin, agus nach dearna do réir a thola,
géubhthar mórán air.
48 Achd an tí úd ag nach raibh a fhios, agus fós do
rinne na neithe do thuill buillidhe, buáilfabhear beagán air. Oír gidh bé dár
tugadh morán, iárrfuidhthear morán a dtaisge, iarrfuidhthear ni sa mhó air.
49 Taínic misi do chur teineadh air an talamh; agus créd eile diárrfuinn, ma atá
sí ar na lasadh cheana?
50 Achd is éigin damhsa mo bhaisdeadh lé baisdeagh;
agus créd a mhéd chuibhrighthear mé no go gcríochnuighthear é!
51 An sáoilti
gur ab chum sióthchána do thabhairt ar an dtalamh tháinic misi? a deirim ribh,
Nach eadh; achd ceannairce:
52 Oír ó so amach, béid cúigear a néintigh ar na
roinn, triúr a naghuidh deisi, agus diás a naghuidh trír.
53 Biáidh an
tathair a naghuidh an mhic, agus an mac a naghuidh a nathair; an mhathair a
naghuidh na hiughine, agus a ninghean a naghuidh na mathara; agus mathair an
fhir phósada a naghuidh a mhná, agus an bhean phósda a naghuidh mathar a fir.
54 Agus a dubhairt sé mar an gcéadna ris an bpobal, An tan do chithi néull ag
éighe ón táoibh a nsiár a deirthí ar ball, Atá cioth ag teachd; agus is amhluidh
bhíos.
55 Agus an tráth do chithí an gháoth ó dheas ag séideadh, a deirthí,
Bíaidh teasmhach ann; agus bí sé mar sin.
56 A luchd an fhuárchrabhuigh, as
éol dáoibh aghaidh neimhe agus talmhan do bhreathnughthí na naimsirse?
57
Agus, créd fá nach breathnuighthí úaibh féin créd is cóir ann?
58 Agus fós an
tan théid tá réd easgcaruid chum a núachdaráin, déana do dhícheall ar slighe,
air thú féin do reíteach úadh; deagla go dtairrngeadh sé chum an bhreithimh thú,
agus go dtiobhradh an bhreitheamh don tsirríam thú, agus go dteilgfeadh an
sirriam thú a bpriosím.
59 A deirim riot, nách dtiocfa tú a mach as sín, no
go nióca tú an fheóirlinn deigheanach.
Caibidil XIII
Sompla ag brosdughadh go aithreachus: 24 agus gur deacrach sáoradh an anum re
fhaghail.
1 Agus fá namsin féin tangadar dáoine áirighe chuige ag innisin
sgéal do tháobh mhuinntir na Galilé, ag ar mheasg Pioláit a bhfuil thríd a
niodhbarthuibh.
2 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé riu, An soiltisí gur
ab mó na peacthaigh na Galiléeanuighsi ná an chuid eile do na Galiléeanachuibh,
ar son gur fhuilngeadar a leithéide só?
3 A deirimsi ribh, Nach mó: achd,
muna ndéantáoisi aithrighe, go sgríosfuidhthear sibh euile mar an gcéadna.
4
Nó an sáoiltí na hochd bhfir deag úd, air ar thúit an tor a Síloam, agus do
mharbh iád, gur mhó na peacthaigh iád ná gach áoin nduine eile dá raibh na
gcomhnuidhe a Niárúsalém?
5 A deirim ribh, Nach ar mhó; achd mona
ndéarntáoisi aithrighe, go sgriosfuidhthear sibh uile mar an gcéadna.
6 Agus
mar an gcendna a dubhairt sé an chosamhlachdsa; Do bhí crann fige ag duine
áirige curtha ann a fhíneamhain; agus táinic sé diárruidh toraidh air, agus ní
fhuáir.
7 Agus a dubhairt sé ris an ngárradóir, Féuch, atáim ré trí
bliádhuibh ag teachd diárruidh toruidh ar an gcrann fígsi, agus ní faghaim: gear
é; cred fá gcungmhann sé an fearann go neamhtharbhach?
8 Agus ar bhfreagra
dhósan a dubhairt sé ris, A thighearna, leíg dhó ar an mbliadhainsi mar an
gcéadna, nó go romhradh mé na thimcheall, agus go gcnire mé áoileach fáoi:
9
Agus má bheir sé toradh, léigfidh tú dhó: achd muna dtuga, géarrfuidh tú tar
éisi sin é.
10 Agus do bhí sé ag teagasg a sínagóig áirighe lá na sábbóide.
11 Agus, féuch, do bhí bean a lathair agá raibh spioraid éagcrúais lé hocd
mblíadhna déig: agus do bhí sí crotach, agus niór bhéidir lé í féin do
dhíoriughadh air éanchor.
12 Agus an tráth do chunnair Iósa í, do goir sé
chuige í, agus a dúbhairt sé ría, A bhean, atá tú sgáoilti ód éagcrúas.
13
Agus do chuir se a lámha uirre: agus do rinneadh díreach ar ball í, agus tug sí
glóir do Dhía.
14 Agus ar bhfreagra dúachdarán na sinagóge ar mbeith
diomghach dhó, fá Iósa do dhéanamh leighis ann sa tsabboid, a dubhairt sé ris on
bpubal, Atáid sé laéthe ann ar coir obair do dhéanamh; ar a nadhbharsin gur ab
ionnta sin thiocfas sibh dá bhur leigheas, agus nar ab a lá na sabboide.
15
Uime sin do fhreagair an Tighearna dhó, agus a dubhairt sé, A fhir an
fhúarchrábhuidh, a né nach sgáoileann gach áon nduine agaibh féin a dhamh nó a
asal ón mhainnsér lá na sabhóide, agus nach beireann sé chum uisge é?
16 Agus
an bheansa, atá na hinghin ag Abraham, noch do chuibhrigh Sátan, a nois le hóchd
mbliadhna dég, a né nar choír a sgáoileadh ón chuibhreachsa a lá na sábbóide?
17 Agus an tan a dubhairt sé na neithesi, do ghabh náire gach áon nduine dá
raibh a cur na aghaidh: achd do bhígáirdeachas ar a tslúagh uile tré gach uile
ní glórmhar dá ndéarmidh seision.
18 Agus a dubhairt sé, Cía lér cosmhuil
rioghachd Dé? agus cia ré samhleóchaidh mé í?
19 Is cosmhuil ré gráinne
musdaird í, do ghabh duine chuige, agus do chuir sé ann a ghárrdha; agus dfás
sé, agus dó rinneadh crann mór dhe, agus do rinneadar éanlaith a naiéir néid ann
a ghéaguibh.
20 Agus a dubhairt sé a rís, Cia ré samhlóchaidh mé rioghachd
Dé?
21 Is cosmhuil í re laibhín, do ghabh bean choice agus dfoluigh sí a dtrí
bheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín.
22 Agus do chúaidh sé tri gach
cathair agus gach baile, ag teagasg, agus ag gábháil na sligheadh go Hiérúsalem.
23 Agus a dubhairt duine áirighe ris, A Thighearna, an beag do shlánuighthear?
Agus a dubhairt seision ríu,
24 Déanuidh bhur ndithcheall ar dhul a sdeach sa
doras chumhann: óir a deirim ribh, Is iomdha dáoine iárrfas dul a sdeach, agus
nach búdh éidir leó:
25 O a nuáir fá néireóchaidh fear an tighe, agus fá a
ndúnfa sé a dhóras, agus thionnsganuidh sibhsi seasamh a muich, agus an doras do
bhuáladh, ag rádh, A Thighearna, A Thighearna, osguil dúinne; agus ar bhfreagra
dhósan a déara sé ribh, Ní bhfuil a fhios agam cía bas dáoibh:
26 Ann sin
toiseóchtháiusu a rádh, Do bhimis ag ithe agus ag ól an fhiadnuisi, agus do
bhiothá ag teagasg ann ar sráidibh.
27 Agus a déaraidh sé, A deirim ribh ní
bhfuil a fhios agam cia bas dáoibh; imthigh úaim, uile a luchd déanta na
béagcóra.
28 An sin bhiás gul agus gíosgán fíacal, a nuáir do chifi Abraham,
agus Isaac, agus Iácob, agus na fáidhe uile, a bhflaitheas Dé, agus sibh féin dá
bhur dteilgean amach.
29 Agus tiocfuid mórán ó nard shoir, agus ó naird
shiár, agus ó thúaidh, agus ó dheas, agus suidhfid síos a rioghachd Dé.
30
Agus, féuch, ataíd dáoine ar deireadh bhiás a dtosach, agus atáid a dtósach
bhiás ar deireadh.
31 An lasin féin tangadar cuid airighe do na
Phairisíneachuibh chuige, ag radh ris, Imthigh amach, agus fág a náitsi: óir is
mian ré Híoruáith do mharbhadh.
32 Agus a dubhairt seision ríu, Ar nimtheach
dáoibh, abruidh ris an tsionachsin, Féuch, teilgimsi deamhain amach, agus dó ním
leigheas a niu agus a márach, agus críochnóchar leam an treas lá.
33 Achd
cheana is éigin damh a niu, agus a márach, agus a noirrthíor a bheith ag
siubhal: oír ní héidir fáigh bás fagháil táobh amuich do Iárusalém.
34 O a
Ierusalém, á Ierusalém, noch mharbhas na fáighe, agus ghabhas do chlochaibh ar
na dáoinibh churthar chugad; gá mhioncachd bá mían leam do chlann do
chruinniughadh, mar chruinnigheas an chearc a gearrcuigh fá na sgiothánuibh,
agus níor bháill libh!
35 Féuch, fágthar bhur dtigh na fhásach aguibh: Agus a
deirimsi ribh go fírinneach, Nach bhfaicfí misi, no go dtí a núair a
naibeórtháoi, Is beannaighe an té thig a nainm an Tighearna.
Caibidil XIV
Leighiosadh an iorupuis; 7 caint bhrioghmhar Chríosd ré
am cuireadh. 26 Agus rabhadh ar bheith aireach trá, cred chosdus a sheirbhis
dúine.
1 Agus tarla, ar dteachd dhó go tighdhuine áirghe dúachdaránuibh
na Bhpairísíneach a lá na sábbóidedo chaitheamh bídh, go rabhadar a coimhéd air.
2 Agus, féuch do bhí duine áirighe a nioropuis ná fhiadhnuisi.
3 Achd ar
bhfreagra Díosado labhair sé ris an luchd dlighe agus ris ná Phairsíneachaibh,
ag radh, An ceaduigheach leigheas do dhéanamh lá na sábbóide?
4 Achd do
thochdadarsan. Agus ar mbreith ar a nóglach dhósan, do leighis sé é, agus do
leig sé úadh é;
5 Agus ag freagra dhóibhsean, a dubhairt sé, Ciá aguibhsi agá
dtuitfaedh a asal nó a ddhamh a ndíg, nach dtoígeabhadh a níos é a lá na
sábboíde?
6 Agus níor bheídir léo freagra do thabhairt air ann sna
neithibhsi.
7 Agus do laibhair sé cosamhlachd ris an muinntir thainic ar
cuireadh, ar na thabhairt dá aire mar do bhádar ag togha an chedionuidshuighe;
ag rádh riú,
8 An tan do ghéabha tú cuireadh ó neach ar bith chum bainnsi, ná
suidh ann sa chéadaít; ar eagla go bhfúair duine as onó ruighe ná thusa cuireadh
úadh mar an gcéadna;
9 Agus go dtiocfadh an tí do ghoir thusa agus eision
agus go naibhéoradhsé riot, Tabhair ionad dó so; agus ann sin do thoiseóchthá
maille le náire suidhe ann sa nionad is ísle.
10 Achd an tan ghoirfidhthear
thú,imthigh agus suidh ann sá nionad is ísle; ionnus an tan thiocfas an títhug
cuireadh ó dhuit, go naiheóradh sé riot, A chara, suidh ní áirde suás ná sin:
Ann sin do gheabha tú onóir a bhfiadhnuisi a mbiá na suidhe maile riot.
11
Oír gidh bé áduigheas é féin ísleóchthar é; agus gidh bé ísligheas é féin,
áirdeóchthar é.
12 Agus fós a dubhairt sé ris an té thug cuireadh dhó,An
tráth do dhéanas tú dInnéir nó suipéir, ná goir do cháirde ná do dhearbhraithre,
ná do dháoine gáoil,ná do chomh arsanna saidhbhre; ar eagla go dtiobhradh
siadsan fós cuireadhdhuitse arís, agus go bhfúoghtheá an chomaom chéadna.
13
Achd an tan do ní tú féasda, goir na bcichd, na dáoine ciorthuimeacha, na
bacaigh,agus na doill:
14 Agus biádh tú beannuighe; do bhrigh nach bhfuil
acfuinn aca an chomáoin cheadna do thabhairt dhuit: ó do bhéarthar a luáidheachd
dhuit a neiséirghe na bhfíréun.
15 Agus an tan do chúalaidh duine áirighe dá
raibh raibh ar áonbhord ris na neithesi, a dubhairt sé ris, Is beannaighe an té
itheas arán a bhflaitheas Dé.
16 Achd a dubhairt seision rís Do rinne duine
áirighe suipéir mhór, agus do ghoir sé mórán:
17 Agus do chuir sé a
shearbhfhoghantaidh a nam suipéir dá rádh ris an muinntir fnáir cuireadh,
Tiagidh: Oir atAid na huile neithe a nois ullamh.
18 Agus do thionnsgnadar
uile dáonghuth a leithsgéul do ghabháil. A ddubhairt an céadduine ris, Do
cheannaigh mé fearann, agus is éigin damh dhul amach agus a fhéachain: íarruim
ort gabh mo leithsgéul.
19 Agus a dubhairt fear eile, Do chéannaigh mécúig
cuingealuigh do dhaimhuibh, agus atáim ag dul dá ndearbh-adhíaruim ort gabh mo
gabh mo leithssgéul.
20 Agus a dubhairt fear eile, Do phós mé bean, ar a
nadhbhairsin ní fhéaduim theachd.
21 Agus ar dteachd don tsearbhfoghautidhe,
dinnis sé na neithesi dhá thighearna. Ann sin ar ngabháil feirge dfear an tighe
a dubhairt sé ré ná óglach, Imthigh go tapuidh fá shráidibh agus tabhair leachd
a sdeach annsona boichd, agus na bacaigh, agus na doill.
22 Agus a dubhairt
an searbhfoghautidhe, A tighearna, do rinneadh mar a duirt, gidheadh atá ann
fós.
23 Agus a dubhairt an tighearna ris a nóglach, imitigh fá ná fálfuibh,
agus coimhéignidh íad do theadh a sdeach, do chum go lionfuidhe mo thigh.
24
Oír a derim ribh, Nach blaifidh, aon nduine do na fearuibh úd fuáir cuireadh dom
shuipéarsa.
25 Agus do bhí slúagh mór na chuideachda: agus ar bhfilleadh dho,
a dubhairt ríu,
26 Gidh bé thig chugamasa, agus nach bhfUathuigheann sé a
athair, agus a mhathair, agus a bhean,agus a chlann, agus a dhearbhraithreacha,
agus a dheirbhsiúreacha, agus fós a anam fein, ní heidir leis bheith na
dheiscipbal agamsa.
27 Agus gidh bé nach iomchrann a chros déin, agus nach
leanann mise, ní héidir leis bheith ná dheisciobal agamsa.
28 Oír cía
agaibhsi duine le madh mian tor do dheanamh, nach suidhfeadh ar tús, do
theilgean cuntais an chosdúis, an mbiadh acfuinn aige chum críche do chur air?
29 Ar eagla, déis na funndameinte do dhó, agus gan chumas aige críoch do chur
air, go dtoiséochadh gach áon nduine dhá bhfaicfeadh é, fonomhad do dhéanamh
faói,
30 Ag rádh, Do thionnsgainn an fearsa obair do chur ar siobhal, agus
fhéd sé críoch do chuir uirrthe.
31 Nó cia an rí rachadh do dhéanamh coguidh
a naghaidh rígh eile, nach suidhfeadh ar tús, do dhéanamh comhairle nar bhéidir
leis le deich míle teagmháil don té thig na aghaidh lé fichthe míle?
32 Nó,
ar mbeith dhósan fós a bhfad úadh, cuiridh sé teachdaireachd chuige,agus
iarruidh sé siothcháith.
33 Mar an gcéadna, gach uile dhuine agaibhsi nach
díultanndhá bhfuil aige,uí héidir dhó bheith na dheisciobal agamsa.
34 Is
maith an salann: achd má bhiónn an salann gan bhlas, créd lé gcuirfidh blás air?
35 Ní bhfuil féidim air chum na talmhon, ná chum a naóiligh; teilid daoine amach
é. Gidh bé agá bhfuilid clusa chum éisdeachda, éisdeadh sé.
Caibidil XV
Cosamhlachta, um an cháora chúaidh a mugha: 8 um an
bhoinn airgid: 11 agus an mac an-caithteach.
1 Agus tangadar na
Puibliocáin uile agus na peacthaigh chuige déisdeachd ris:
2 Agus do
rinneadar na PhairsInigh agus na SgrIobuidhe munmhar, ag rádh, Gabhuidh an
feporso peachtaigh chuige, agus ithidh se bíadh na bhfochair.
3 Achd do
labhair seison an chosamlachd sa riu, ag rádh,
4 Cía agaibhsi duine, agá
bhfuil céad cáora,agus do léigfeadh áon díobh a mugha, nach bhfágann na naói
gcaóiridh déug agus ceithre fichid ar an bhfásach,agus nach dtéid a ndiáigh na c
aorach úd do chúaidh a mugha, nó go bhfafann sé í?
5 Agus ar na fagháil do,
cuiridh sé go luathgháireach, í ar a ghnáillibh,
6 Agus ar dteachd dá thigh
dhó, goiridh se a cháirde agus a chomharsain a geanna chéile, ag rádh rIu,
Déanuidh luathgháireleamsa; óir fuáir mé mo cháora do chuáidh a múgha.
7 A
derim ribh, gur ah mar sin bhias forbhfáilte ar neamh ar son éin pheaochach do
mni is mó na ar son naói bhfréin dég agus fichid, ar nach bhfuil
riachdanasaithrighe.
8 Nó cía an bhean agá mbíadh deich mboinn, agus do
léigfeadh si ááon bhonn diobh a mugha, nach lasadh solas, agus nach
sguaibéochadh an tígh, agus nach íarrfadh go dithcheallach nó go bhághadh si é?
9 Agus ar na fhagháil, goiridh sí a bancháirde agus a banchomharsain a gceann a
chéile, ag radh, Deannidh gáideachas léamsa; óir fuáir mé mo bhonn do leig me a
múgha.
10 Mar an gcéadna, a deirim ribh, Bí gáirdeachas ar ainglibh Dé trí
éin pheacthach amháin do ní aithrighe.
11 Agus a dubhairt sé fós, Do bhádar
días mac ag duine aáirghe:
12 Agus a dubhairt an ti dob oige aca ré na
athair, Athair, tabhair dhamh an chuid roitheas misi dod mhaóin. Aagus do roinn
seision a mhaóin eatorra.
13 Agus tar éis bheagáin aimsire ag cruinniughadh a
choda uile don mhac dob óige, do chúaidh sé air coigcrigh adtalamh imchían,agus
do dhiombail sé ann sin a mhaóin lé na bheathaidh baoth-chaithfigh.
14 Agus
tar éis a choda uile do chaitheamh dho, déirih gorta romhór ann sa tir sin; agus
do thosaigh seision ar bheith a ríachdanas.
15 Agus do imigh sé roimhe agus
do cheangal sé e fein do chaithruightheóir don tír sin; noch do chuir fána
dhúitche a mach é do bhúachuilleachd muc.
16 Agus bá mhian leis a bhlog do
Líonadh do na féithéoguibh do na muca: agus ní thugadh éanduine dhó íad.
17
Agus an ta n do chuimhnigh sé air féin, a dubhairt sé, Gá mhéd luchd túarasdail
matharsa agá bhfúil iomarcaidh aráin, agus misi ag dul a mugha le gorta!
18
Fíréochaid mé agus rachaidh médionnsuighe mathar, agus déaruidh mé ris, A
athair, do pheacaigh mé a naghaidh neimhe agus ad fhíadhnuisisi,
19 Agus ní
fín mé feasda do mhacsa do ghairm dhióm: déana mé mar áon dod luchd thúarasduil.
20 Agus deirigh sé, agus do chuáidh sé dionnsuighe a athaar. Agus ar mbeith fós
a gcíanúadh dhó do chonnaire a athair é, agus do ghabh truáighe mhór dhó é, agus
ag rith dhó, do chrom sé fá na bhrághuid, agus do phóg sé é.
21 Agus a
dubhairt an mac ris, A athair, do pheacaigh méa naghuidh neimhe, agus ad
fhiadhnuisisi, agus ní fiu mé feasda do mhacsa do ghairim dhiom.
22 Agus a
dubhhairt an tathair ré na shearbhoghantaibh, Tabhruidh an chuluidhein is fearr
libh, agus cuireidh uime í; agus cuiridh fainne air a láimh, agus bróga air a
chosaibh:
23 Agus tuguidh libh agus marbhuidh, an láogh bíadhta; agus
caitheam biadh, agus bíom go súgach:
24 Oir fuáir mo mhac ann so bás, agus do
aithbhéodhuigh sé: agus do chúaidh sé a mugha, agus friíth é. Ar a naddhbhar,
sindo thionnsgnadar bheith go sugach.
25 Achd do bhí an mac búdh seine aige
air an machaire amuich: agus ar dteachd a ngar don tigh dho, do chúaluidh sé an
céol agus na damhsaidhe.
26 Agus ar ngairm aóin do na scarbhfhoghantuibh
chuige dhó, dfiáfruidh sé dhe créd iad na neithesi?
27 Agus a dubhairt
seision ris, Do dhearbhráthairsi thánic: agus do mharbh hathair anláogh bíadhta,
ar son go bhfuair sé slán a ris é.
28 Agus do ghabh fearg eision, agus nior
bháill leis dul a sdeach: uimesin tháinic a athair amach, agus do ghoir sé
chuige é.
29 Achd ar bhfreaga dhosan a dubhairt sé ris a athair, Féuch, a
táimsi ag déanamh agus nior sháruigh mé haithne a riamh: gídheadh ní thug tú fin
an mheannáin dhamh ariamh, ionnus go mbéinn go súgach rém cháirdibh:
30 Achd
an tan tháinic an macsa agad, do shlug do mhaóin a bhfochair mheirdreach, do
mharbh tú an láogh bíadhta dho.
31 Achd a dubhairt seision ris,a mhic, atá
tusa do gnáth am fhochair, agus na huile neithe is leamsa, is leachdsa iad.
32 Achd do budh cóir dhúinn sugachas, agus forbháilteachas do dhéanamh; tré go
raibh an dearbhathairsi agadsa tar éis bháis, agus gur aithbhéodhuigh sé; agus
go ndeach aidh sé a mugha, agus gur fríth a ris e.
Caibidil XVI
Inntleacht an fheadhmannaigh éugcorach, 19 agus dioghla an tsaidhbhir,
dhoithchiollach, bholgach.
1 Agus a dubhairt sé fós ré na dheisciobluibh,
Do bhí duine saidhbhir áirighe ann, aga raibh sdíobhard; agus do rinneadh
casasoid ris air, gur dhíomháil sé a mhaóin.
2 Agus ar na ghairm chuige dho,a
dubhairt sé ris, Créd é so do chluinim ort?
3 Agus a dubhairt an sdíobhard
ris féin, Créd do dhéana mé? óir atá mo thighearna ag buáin na sdíobhardachda
dhióm; ní héidiir leam roghmhar do dheanamh: agus is nair leam déirc iarruidh.
4 Atá a fhios agam créd do dhéana mé, ionnas, an tan cuirfightear as an
sdíobhardachd me, go ngéubhuidh síad chucha mé dá dtighthibh féin.
5 Agus ar
ngairm gach aóin leith dar dhligh a thighearna fiacha, a dubhairt sé ris an gcéd
fhear,Gá mhéad a dhligheas mo thighearna dhíot?
6 Agus a seision, Céd miosúr
ola. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhina, agus suidh go lúath,
agus sgríobh a deich agus dá fhithchead.
7 Agus a dubhairt sé na dhiáigh sin
ré duine eile, Créd dhlightear dhiotsa? Agus a dubhairt seision, Céad míosúr
cruithneachda. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhinn, agus
sgriobh ceithre fithchid.
8 Agus do mhol an tighearna sdíobhard na héugcóra,
do bhrigh go ndearuidh sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoghailsi ná clann
an tsolais iona gcinél féin.
9 Agus a deirinsi ribh, Déanuidh cáirde dhibh
féin lé sáidhbhreas na héagcóra; ionnus an tráth bhías uireasbhuibh oruibh, go
nglacfuidh sibh ann a lóisdinibh siorruidhe.
10 An tí atá ionnruic sa ní is
lúgha ata sé ionnruic a móran; agus gidh bé atá éagcórach sa ní is lugha atá se
éagcórach a mórán mar an gcéadna.
11 Ar a nadhbharsin muna rabhabhairse
fírinneacch ann sa tsaidhbhreas bhréagach, cia tháobhtas an saidhbhreas
fírinneach ribh?
12 Agus muna frioth ionnruic sibh a gcuid duine eile, cia
bhearadh dhaóibh an ní is libh féin?
13 Ní héidir le searbhfoghantuidhe ar
bith seirbhis do dhéanamh do dhá thighearna: óir biáiddh fúath aige do neach
aca, agus grádh don dara fear; nó ceangalfuidh sé do dhuine aca, agus do bhéara
sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir libh seirbhís do dhéanamh do dhía agus
do Mhammon.
14 Agus do Chúaladar fós, na Phairisnigh sanntacha, na neithesi
uile: agus do rinniodar fonomhad faóision.
15 Agus a dubhairt seision ríu, Is
sibhsi an dream sháorus sibh féin a bhfíadhnuisi na ndaoine; achd is aithnid do
Dia bhur griodhethe: óir an ní atá fá mhóirchion a bhfiádhnuisi na ndaóine atá
sé gráineamhnil a bhfiádhnuisi Dé.
16 Do bhí an reachd agus na faighe ann go
teachd Eóin: ó shin a leith atá rioghachd Dé dhá shiosgéuluhadh, agus atá gach
uile dhuine ag déanamh foiréigin air.
17 Achd as usa neamh agus talamh do
dhul thort, ná áonphunc don dligheaddh do thuitim.
18 Gibh bé neach léigeas a
bhean, agus phósus bean eile, do ní sé adhaltrannas: agus gidh bé bhéir an
bheansin do leigeadh ó a do ní sé adhaltrannas.
19 Achd do bhí duine
saidhbhir áirgighe ann, agus is é bá héadach dhó purpuir agus sioda, agus do
théigheaddh sé chum bídh go roshóghamhuil gach laói:
20 Achd do bhí duine
bochd áirgighe ann, dar Lás, do bhí na luidhe agá gheatasan, lán do
chréachduibh,
21 Agus ler mhían é féin do shásadh leis an sbruileach do
thuiteadh do bhórd an duine saidbhir: agus do thigdís na madruidhe,agus do
ligheas chréachda.
22 Agus tárla, go bhfuair an duine bochd bás, agus gur
iomchradar na haingil go huchd Abramham é: agus mar an gcéadna fuáir an duine
saidhbhir bás, agus do hadhluiceadh é;
23 Agus ar mbeith dhó a nifearn a
bpíanuibh do thóg sé a shúile súas, agus do chunnairc sé Abraham a bhfád Uadh,
agus Lasarus ann a uchd.
24 Agus ar néimhghe dhósan an tansin a dubhairt sé,A
athair Abraham, déana tócaire oram,agus cuir Lásarus do thumadh barr amheóir a
nuisge,agus dfúaradh mo theangtha: óir ataim dom roiphíanadh an sa lasairsi.
25 Achd a dubhairt Abraham, A mhic, cuimhnigh gur ghlac tusaneithe maithe le
linn do bheith béo,agus Lásarus mar an gceadna droch neithe:achd atá sólas
aigesion a nois dá fhágháil,agus atá tusa dod phíanadh.
26 Agus do bhárr
orrtha so uile, atá fodhomhain mhór ar na cur eadruinne agus sibhsi: ionnas nach
Eidir leis na daóinibh lé budh mían é dul as so chugaibhsi: na teachd as sin,
chuguinne.
27 Agus a dubhairt seision, Maseadh, íarruim ort a athair, eision
do chur go tigh matharsa:
28 Oir atáid cúigear dearbhrathar agam; do
thabhairt sgéul dóibh, ionnus nach dtiocfaidh siadsan mar an gcéadna ann sa
nionadsa na péine.
29 A deir Abraham ris, Atáid Maóisi agus na fáighe aca;
éisdeadh síad riusan.
30 Achd a dubhairt seísion, Ní hamhluidh atá, a athair
Abraham: achd dá ndeachd duine ó na marbhuibh chuca, do dhéaindis aithrighe.
31 Agus a dubhairt sé ris, Muna néisdidh siad ré Maóisi agus ris na fáighibh,dá
néirgheadh duine ó mharbhuibh féin,ni chredidís dó.
Caibidil XVII
Nach bhfuil Dia na fhéicheamh ag aón dúine, 22 agus go tiocfaidh Críosd a nam
nach saóiltheor.
1 Agus a dubhairt sé ris na deisciobluibh, Ní héidir
nach dtíocfuid sgannalacha!: achd is trúagh don tí, tré a dtigid said!
2 Do
bfearr dhó cloch mhuilinn do chur fá na mhuinéul, agus a theilgean ann sa
bhfairrge, ná áon don mhuinntir bhigsi sgannlachadh.
3 Tabhraidh bhur naire
dhíbh féin: Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é; agus má
ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó.
4 Agus má pheacaigheann sé ad
aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag
rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó.
5 Agus a dubhradar na
heasbuil ris, A Thighearna, méuduigh ar gcreideamh.
6 Agus a dubhairt an
Tighearna, Dá mbeith oiread ghráinne musdaird do chreideamh aguibh, déaradh sibh
ris a gcrann sicaminso, Eirigh as do fhréamhach, agus curthar an sa bhfairge
thú; agus do umhlochadh sé dhaóibh.
7 Agus cía aguibh, agá bhfuil
searbhfhoghantuidhe a treabhadh no a coimhéd treada, lé a naibéoradh sé ar an
mball, an tan do thiocfadh sé ón bhfearann, Imthigh agus suidh sios ar an bord?
8 Achd a né nach aibéora sé ris, Ullmhuigh an ní íosas mé ar mo shuiper, agus
cuir do chrios thort, agus fritheóil damhsa, no go nithe mé agus go nibhe mé;
agus tar éisi sin ithsi agus ibh?
9 An mbía buidheachas aige ar a
tsearbhfhoghantuidhe úd do bhrigh go ndearna sé na neithe do haithneadh dhe? Ní
shaóilim gormbía.
10 Augs is mar sin dáoibhsi, an tan do dhéantaói gach uile
ní dár haithniughadh dhíbh, abruidh, Is searbhfhoghantuidhe neamhtharbhacha
sinn: óir do rinneamar an ni do bhi dfíachaibh oruinn do dhéanamh.
11 Agus
tárla, ag dul súas dó go Hierúsalém, gur ghabh sé sé tré lár na Samária agus na
Galilé.
12 Agus an tráth do chuáidh sé a sdeach go baile áirighe, tárladar
deithneabhar fir lóbhar air, do sheas a bhfad úadh:
13 Agus do árduigheadar a
nguth, ag rádh, A Iósa, a Mhaighisdir, déana trócaire oruinn.
14 Agus an tan
do chunnairc sé íad, a dubhairt sé riu, Imthighidh foillsighidh sibh féin do na
sagartuibh. Agus tárla, ag imtheachd doibhsion, gur glanadh íad.
15 Achd fear
aca, mar do chuinnairc sé é féin ar na shlánughadh, dfill sé air, ag moladh Dé
do ghuth mhór,
16 Agus do thuit sé ar a aghuidh agá chosaibhsean, ag breith
bhuidheachais ris: agus budh Samaritánach an fearso.
17 Agus ar bhfreagra
Diósa a dubhairt sé, A né nach bhfuilid deithneabhar ar na nglanadh? agus a
náonbhar cáit a bhfuilid?
18 Níor frith ag filleadh do thabhairt gloíre do
Dhía, achd an coigcrigheachso.
19 Agus a dubhairt sé ris, Eirigh, imthigh
romhad: do shlánuigh do chreideamh thú.
20 Agus an tan dfiafruigh na
Phairisinigh dhe, Cía an tráth thiocfadh riogháchd Dé, do fhreagair sé iád agus
a dubhairt sé, Ní thiocfa rioghachd Dé récoimhéd.
21 Agus ní aibheóruid said,
Féuch ann so! nó, féuch ann súd! oír, féuch, atá ríoghachd Dé aguibh an bhus
measg.
22 Agus a dubhairt sé ré na dheisciobluibh, Tiocfuidh a naimsir, an a
mbia míangus oruibh áon do laéthibh Mhic an duine dfaicsin, agus ní fhaicfithí.
23 Agus a déarúid said ribh, Féuch ann so; nó, féuch ann so: achd ná himthigh,
agus na leanuidh iád.
24 Oír amhuil agus mar dheallruigheas an tinnteach,
shoillsigheas ó náird go chéile fáoi neamh, is mar sín bhiás Mac an duine mart
an gcéndna ann a lá féin.
25 Achd is éigin dó ar tús mórán dfulang, agus a
dhiultadh ón chineadhsa.
26 Agus mar do tharla a laéthibh Náoi, is mar sin
fós bhiás a laéthibh Mhic an duine.
27 Do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag posadh,
agus ag tabhairt chum posda, gus an lá ann a ndeachaidh Náoi do náirc, agus
táinic an dile, agus do sgris sí iád uile.
28 Agus ar a nós gcéadna mar
tharla a laéthibh Lot; do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag ceannach, ag reic, ag
plantugheadh, ag tógbhail tighthe;
29 Achd an lá ann a ndeachaidh Lot amach
as Sodom do fearadh teine agus ruibh ó neamh, agus do sgrios sé iúd uile.
30
Is da réir so bhias ar an lá ann a bhfoillseochthar Mac an duine.
31 Ann sa
lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé
chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an
gcéadna.
32 Cuimhnighe ar mhnáoi Lot.
33 Gidh bé neach iárrfas a anam féin
do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é.
34
A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon
aca, agus fúighfighthear an fear eile.
35 Beid diás ban ag bróinteórachd a
náoinfheachd; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bhean.
36
Beid diás fear ar an machaire; géubhthar lé háon aca, agus fuigfighthear an fear
eile.
37 Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna?
Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós
chruinneochthar na hiolair.
Caibidil XVIII
Fúair an
bhaintreabhach a gnodhuighe le iarratus dhúthruchtach, 9 agus an Puibliocanach
le urnuighe uirisiol.
1 Agus a dubhairt sé fós cosamhlachd riú, gur ab
éigin urnuighthe dhéanamh do ghnáth, agus gan a bheith leisgeamhuil.
2 Ag
rádh, Do bhí breitheamh áirighe a gcathraigh áirghe, air nach raibh eagla Dé,
agus ag nach raibh onoír do dhuine:
3 Agus do bhí baintreabhach áirighe ann
sa chathruighsin noch tháinic chuige, ag rádh, Cóirigh mé air measgcaruid.
4
Agus niór bháill leision ar feadh tamuill: achd tar éis sin a dubhairt sé ris
féin, Ce nach bhfuil eagla Dé oram, agus nach bhfuil onóir agam do dhuine;
5
Gidheadh do bhrígh go mbuaidhreann an bhaintreabhachsa mé dioghóla mé í, do chum
nach dtiocfadh sé fá dheireadh dom bhuaidhreadh.
6 Agus a dubhairt an
Tighearna, Eisdidh créd a deir breitheamh na héagcora.
7 A né nach déana Diá
dioghaltas ar son a dháoine toghtha féin, éimhgheas air do lá agus doidhche, ge
atá foighid aige na ttimcheall?
8 A deirim ribh go ndéana sé dioghaltas ar a
son go lúath. Achd cheanna an tan thiocfas Mac an duine, an bhfuighe sé
creideamh ar an dtalamh?
9 Agus fós ré dreim do sháoil iád féin bheith na
bhfiréain, agus do tharcasinigh cách eile, a dubhairt sé an chosamhlachdsa:
10 Do chúadár días do dháoinibh súas don teampall do dhéanamh urnuighe; áon aca
na Phairisíneach, agus araile na phúibliocánach.
11 Ar seasamh don
Phairisíneach do bhí sé guidhe mar so leis féin, A Dhiá, beirim buidheachas
riot, nach bhfuilim mar atáid dáoine eile, a luchd fuáduigh, éugcórach,
adhaltrannach, nó fós mar an bpuibliocánachsa.
12 Troisgim fá dhó ann sa
tseachdmhuin, do bheirim deachmhuidh as gach ní dhá sealbhuighim.
13 Agus ar
seasamh don phuíbliocán, a bhfád úadh, nior bháill leis fiú a shúl do thogháil
suás chum neimhe, achd do bhuaileadh sé a uchd, ag rádh, A Dhía déana trócaire
oramsa an peachthacht.
14 A deirim ribh, go dtáinic an tési a núas dá thigh
féin na fhiréanach ni is mó na fear úd: óir gidh bé ísligheas é féin
áirdeochthar é.
15 Agus fós tugadar chuige náoidheanain, ionnus go mbeanfadh
sé ríu; agus an tan do chuncadar na deísciobuil so, do imdheargadar íad.
16
Achd ar ngairm na leanabh Díosa chuige, a dubhairt sé, Fuilngidh na leinbh do
theachd chugamsa, agus ná toirmeasguidh íad: óir is lé na leitheid so rioghachd
Dé.
17 A deirim ribh go fírinneach, Gidh bé nach géubha chuige rioghachd Dé
mar náoidheanán nach racha sé go bráth a sdeach innte.
18 Agus a dfafruigh
úachdarán áirighe dhe, ag rádh, A Mhaighisdir mhaith, créd do dhéana mé lé a
sealbhócha mé an bheatha mharthanach?
19 Agus a dubhairt Iósa ris, Créd fá
ngoireann tú máith dhiomsa? ní bhfuil éinnrach maith, achd Día, amaháin.
20
Atá éolos na naitheantadh agad, Ná déana adhaltranas, Ná déana dunmharbhadh, Na
déana goid, Ná déana fiadhnuisi bhréige, Onóiruigh hathair agus do mhathair.
21 Agus a dubhairt seision, Do choimhéid mé na neithesi uile óm óige.
22 Agus
ar na cclos so Díosa, a dubhairt sé ris, Atá éinni fós duireasbhuidh ort: reac a
bhfuil agad, agus roinn ar na bochduibh, agus bíaidh cisde ar neamh agad: agus
tárr, lean misi.
23 Agus ar na chloinnsin so dhósan, do ghlac tuirse mhór é:
óir do bhí sé roshaidhbhir.
24 Agus an tan do chunnairc Iósa go ráibh sé lán
do dhobrón, a dubhairt sé, Créd é a dheacrachd do na dáoinibh sáidhbhre dul a
sdeach a rioghachd Dé!
25 Oír is usa camhall do dhul tri chró snáthuide ná do
dhuine shaidhbhir dul a sdeach a rioghachd Dé.
26 Agus a dubhrádar an dream
do chúalaidh so, Máseadh cía as éidir do shlánughadh?
27 Achd a dubhairt
seision, Na neithe ata dó dhéanta ag na dáoinibh atáid so dhéanta ag Dia.
28
Agus a dubhairt Peadar, Féuch, do fhágamairne na huile neithe, agus do leanamair
thusa.
29 Agus a dubhairt seision riú. A deirimsi ribh go firinneach, Nach
bhfuil éinneach do fhág a thigh, ná á athair ná a mhathtair, ná a
dhearbhraithreacha, ná a bhean phósda, ná a chlann, ar son rioghachda Dé.
30
Nach nglacfa sé mórán ní sa mhó ann sa naimsirso, agus an bheatha mharthanach an
sa tsáoghal atá ag teachd.
31 Agus ar mbreith an dá fhear déag leis Diósa, a
dubhairt sé riu, Féuch, téaghmáoid súas go Hiárusalem, agus críochnóchthar a
dtimcheall Mhic an duine na huile neithe atá sgriobhtha ag na fáighibh.
32
Oír do bhéarthar do na Cineadhachaibh é, agus do dhéuntar fonnomhad faoi, agus
maisleóchthar é, agus géubhthar do shelighibh air:
33 Agus ar na sgiúrsadh
dhóibh muifid achd éireóchaidh sé a ris an treas lá.
34 Agus niór
thuigeadarsan éin ní dhíobh so: agus do bhádar na briáthrasa foluighthe uátha,
agus níor aithnigheadar na neithe a dubhradh ann.
35 Agus tárla, an tan do
dhrnid sé ré Ierico, gur shuidh dall áirighe chois na sligheadh ag iarruidh
déirce:
36 Agus an tan do chúaluidh sé an slúagh ag gabháil thairis,
dfiafruidh sé créd é so.
37 Agus dinniseadar dhó, gur ab é Iósa Nasardha do
bhí gabháil thairis.
38 Agus do éigh seision ag rádh, A Iósa, a mhic Daibhi
dénna trócaire oram.
39 Agus an dream do bhí roimhe do imdheargadar é, ionnus
go mbíadh se na thochd: achd is moide do éighmheadh seision sin, A mhic Dáibhi,
déana trócaire oram.
40 Agus ar seasamh Díosa, do aithim sé a thabhairt
chuige: agus an tan do dhruid sé ris, dfiafruidh sé dhe,
41 Ag rádh, Créd is
mián leachd misi do dhéana dhuit? Agus a dubhairt seision, A Thighearna, mo
radharc aiseag dhamh.
42 Agus a dubhairt Iósa ris, Bíodh do radharc agad: do
shlánuigh do chreideamh thú.
43 Agus do fúair sé a radharc ar an mball, agus
do lean sé eisean, ag tabhairt glóire do Dhiá: agus an tan do chunnaire an pobal
uile so, tugadar moladh do Dhía.
Caibidil XIX
Díthchoill Shachéus ar Criosd dfhaicsin, 45 agus Críosd ag iomáin luchd an
mhio-mhodh as an teampaill.
1 Agus ar ndol a sdeach go Iérico Diosa do
ghabh sé thríthe.
2 Agus, féuch, do bhí duine áirighe ann dár bhainm Sachéus,
do bhi na úachdarán air na publiocáin, agus do bhí sé saidhbhir.
3 Agus do
bhí fonn air fhaicsin cia hé Iósa; agus níor bhéidir ris ón tslúagh, tré go
raibh sér ísiol do phearsainn.
4 Agus ag rith roimhe dhó, do chuáidh sé súas
a gcrann sicamor ionnus go bhfaicfeadh sé é: óir do bhi fáoi an tslighsin do
ghabháil.
5 Agus an tan tháinic Iósa chum na háitesin, ar bhféachain súas dó,
chúnnairc sé eision, agus a dubhairt sé ris, A Shachéus, tuirrling go deifreach;
óir is ad thigh is éigin damhsa comhnuidhe dhéanamh a niu.
6 Agus ag
deifriúghadh dhósan, do thuirrling sé, agus do ghabh sé chuige é go
luáthgháireach.
7 Agus an tan do chunncadar cách uile so, do rinniodar
munbhar, ag rádh, Go ndeáchaigh sé a sdeach air áoidheachd dionnsuighe
peacthaich.
8 Agus ag seasamh do Shachéus, a dubhairt sé ris an Tighearna;
Féuch, a Thighearna, do bheirim leath mo mháoine do na bochdaibh; agus má mbeall
mé duine air bith a néinní, do bheirim dhó a cheithre oirid.
9 Agus a
dubhairt Iósa ris, A niugh thárla sláinte don tighsi, do bhrígh do bhfuil
seisean fós na mhac ag Abraham.
10 Oír tháinic Mac an duine diárruidh agus do
shlánughadh an ní do chúaidh a mugha.
11 Agus ag éisdeachd dóibhsean leis so,
do chuir sé leis agus a dubhairt sé cosamhlachd, tré go raibh sé láimh ré
Hiarúsalem, agus gur sháoileadarsan nach fada go bhfoillseochtháoi rioghachd Dé.
12 Ar a nadhbharsin a dubhairt se, Do chúaidh duine uasal áirighe a régión
imchían do ghabháil rioghachda dhó féin, agus dfilleadh air a ais.
13 Agus ar
ngairm a dhéichneabhar searbhfhoghantuighe dhó, tug sé deich bpunta dhóibh, agus
a dubahirt sé riú, Déunuidh gnothuigh nó go dtig mé.
14 Achd do bhí fúath ag
luchd a chaithreach dhó, agus do chuireadar teachdaireachd na dhiáigh, ag rádh,
Ní hail linn é so do ríoghadh oruinn.
15 Agus tárla, an tan do fhill sé, ar
ngabháil na rioghachda chuige, gur nithin sé na searbhfhoghantaighe úd da dtug
sé an tairgead, do ghairm chuige, ionnus go mbiadh a fhios aige créud do
ghnodhuigh gách áon aca.
16 Agus táinic án céadduine, ag rádh A thighearna,
do ghnodhuigh do phiosa deich bpiosa.
17 Agus a dubhaiort seision ris, Is
maith sin, a shearbhfhoghantuighe mhait: óir do bhí tú firinneach ar bheagán,
bíodh cumhachda agad ar dheich gcaithreachaibh.
18 Agus táinic an dara fear,
ag rádh, A thighearna, do rinne do phíosa cúig piosa.
19 Agus a dubhairt ris
an tesi, Bisi mar an gcéadna ós cionn cuig gcaithreach.
20 Agus táinic fear
eile chuige, ag rádh, A thighearna, féuch, do phiosa do bhí agamsa a ttaisgidh a
naipcin:
21 Oír do bhi heaglasa oram, tré gnr duine foghruáma thú: tógbhuidh
tú súas an ui nár chuir tú siós, agus beanuidh tí an ní nar shiólchuir tú.
22
A dubhairtsion ris, As do bhéul féin do bheir imbreith ort, a
dhriochshearbhfhoghantaigh. Do bhí a fhios agad gur dhuine forghrúama misi,
thogbhus súas an ni nach ar chuir mé siós, agus bheanas an ni nach ar shíochuir
me:
23 Ar a nadhbharsin créd fá nar chuir tusa mo chuid airgid ann sa mbane,
agus ar dteachd damhsa do thóigeubhuinn é maille lé biseach?
24 Agus a
dubhairt sé ris an muinntir do bhi na seasamh, Tóguidh úadh an piósa, agus
tabhruidh don té úd agá bhfuilid na deich bpiósa é.
25 (Agus a dubhradarsan
ris, A thighearna, atáid deich bpiosa aige.)
26 Oír a deirin ribh, Gur ab do
gach áon agá bhfuil do bhéarthar; agus an té ag nach bhfuil, beanfuighear dhe
fós an ní atá aige.
27 Tabhruidh libh ann so, na naimhde úd agamsa, le nar
bháill misi do rioghagh ós a gceann, agus marbhaidh am fiadhnuisi iad.
28
Agus ar na rádh so, do chúaidh sé rompa, ag dul súas go Hiarasaleim.
29 Agus
tárla, an tan do dhruid sé lé Betpháge agus ré Betánia, láimh ris a tsliabh da
ngoirthear slíabh na Noluidhe, gur chuir sé dias da dheisciobluibh úadh,
30
Ag rádh, Imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair; ar ndul a sdeach ann dáoibh
do gheabhtháoi searrach ceangailte, ar na shuidh áon nduine riamh: sgáoilidh,
agus tabhruidh libh é.
31 Agus dá bhfiafruidhe éin neach dhibh, Créd fa
sgáoiltí é? is mar so a déartháoi ris, Ar son go bhfuil féidhm ag an Tighearna
air.
32 Agus ar nimtheachd do na teachairidhibh, fúaradar mar a dubhairt sé
riu.
33 Agus ar sgáoileadh an tsearraigh dhóibhsion, a dubhradar a
thighearnuidhe riu, Créd fá sgáoiltí an searrach?
34 Agus a dubhradarsan, Tré
go bhfuil féidhim ad an Tighearna air.
35 Agus rugadar léo é chum Iósa: agus
ar dteilgean a mbrat ar a tséarrach, do chuireadar Iósa air.
36 Agus ag
imtheachd dósan, do leathnuigheadar a néadhuighe ar a tslighe.
37 Agus an tan
do dhruid sé a bhogus, ré casaigh shléibhe na Noluidheadh, do thionnsgain an
chuideacha dheisciobal uile go lúathgháireach Dia do mholadh do ghuth mhór ar
son gach uile subhailcighe dá bhfacadur;
38 Ag rádh, Is beannaighe an Rí thig
a nainm an Tighearna: sióthcháin ar neamh, agus glóir an sna bárduibh.
39
Agus a dubhradar Phairisinigh áirighe do tslúagh ris, A Maighisdir, tabhuir
achmhusán dod dhéiscioblaibh.
40 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu,
A deirim ribh, má thochduid so, go néighfid na clocha féin.
41 Agus mar do
dhruid sé a radharc na caithreach, do ghuil se air a son,
42 Ag rádh, O dá
naitheantá, ann sa lá agad féin fós, na neithe bheanas réd shiothcháin! achd
atáid síad a nois foluighthe ód shúilibh.
43 Oír tiocfuid láethe ort, ann a
dteilgfid do naimhde diog ad thimcheall, agus iona dtimchiollfaid, agus iona
gcuibhreochaid thú gach éantáobh.
44 Agus do dhéanuid comhchothrom ris an
dtalamh thú, agus do chlann ionnad a stigh; agus ní fhúigfid cloch ar miuin
cloiche ionnad; tré nar aithin tú aimsear thfiosruighthe.
45 Agus ar ndol a
sdeach don teampall dhó, do thionnsgain sé an dream do bhi ag reic, do
thionnsgain cé an dream do bhi ag reic agus ag ceannach ann, do chur amach;
46 Ag rádh ríu, Atá sgriobhtha, Mo thighse is tigh urnuighe é; achd cheana do
rinneabhairsi tuimighthe bhiothamhnach dhe.
47 Agus do bhíodh sé teagasg gach
lá ann sa teampall. Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe agus
cinn an phobuil eisíon do mharbhadh,
48 Gidheadh ni raibh a fhios aca créd do
dhéunaidis: óir do bhi an pobal uile ro-aireach air éisdeachd risean.
Caibidil XX
Attimcheall ághdarras Chriosd, 9 an fhineamhain, 27 agus án
Eiseirghe.
1 Agus tárla, áon do na láethibh sin, an tan do theagaisg
séision an pubal ann sa teampall, agus do sheanmoir sé an soisgéul, go dtangadar
úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe maille ris na sinnsearuibh chuige.
2
Agus do labhradar ris, ag rádh, Innis dúinne, cia an tughdarrás as a ndéanann tú
na neithesi? Nó cia thug an tughdarrás so dhuit?
3 Agus ar bhfreagra Díosa a
dubhairt sé ríu, Fiafrochaidh misi fós aonfhocal amháin dibhse; agus tabhruidh
freagra oram:
4 Baisdeadh Eóin, ann ó neamh do bhi se, nó ó dháoinibh?
5
Agus do bhádarsan ag tagra eatarra féin, ag rádh, Má dermíd, O neamh; déara
seisean, Créd fá nar chreideabhairsi dhó?
6 Achd má deirmid, O dháoinibh;
géubhuidh an pobal uile do chlochaibh orainn: oír is deimhin léo gur fáigh Eóin.
7 Agus do fhreagradar, nach raibh a fhios aca féiu gá hás dó.
8 Agus a
dubhairt Iósa ríu, Ní mó innéosas misi dhíbhsi cía an túghdarrás as a ndéunuim
na neithesi.
9 Agus do thionnsgain sé an chosamhlachdsa do rádh ris an
bpobal; Do chuir duine áirighe fíneamhuin, agus tug sé amach do sgológuibh í,
agus do bhi sé féin a gcoigcrích air feadh aimsire faide.
10 Agus na am féin
do chuir sé a shearbhfhoghantuighe chum na sgológ, ionnus go dtiobhraidis ní do
thoradh na fíneamhna dhó: achd do ghabhadar na sgológa air, agus do chuireadar
folamh uátha é.
11 Agus do chuir sé searbhfhoghantuighe eile úadh a rís: achd
ar ngabháil air sin leis, agus ar dtabhairt easonóra dhó, do chureadar folamh
uátha é.
12 Agus na cheann sin do chuir sé an treas úadh: achd do
chuireadarsan amach an tésin leis, ar na lot.
13 Achd a dubhairt tighearna na
fíneamhna, Cred do dhéana mé? cuirfidh mé mó mhac grádhach féin chuca: do béidir
an tan do chifid é go dtiobhraidís onóir dhó.
14 Agus ar na fhaicsin do na
sgológuibh, do labhradar eatarra féin, ag rádh, A sé so an toighre, tigidh,
marbham é, ionnus go mbíadh a noighreachd aguinn féin.
15 Agus ar na
theilgean don táobh amach don fhíneamhain, do mharbhadar é. Ar a nadhbharsin
créd do dhéanas tlghearna na fíneamhna riú súd?
16 Tiocfuidh sé agus
sgriosfuidh sé na sgológa úd, agus do bhéura sé an fhíneamhuin do dháoinibh
eile. Agus an tan do chúaladarsan so, a dubhradar, Nár liege Día sin.
17 Achd
ar bhféachain dósan órrtha, a dubhairt sé: Máseadh créd é an ní so atá
sgriobhtha, An chloch do dhiultadar na sáoir is di so do rinneadh ceann an
chuáinne?
18 Gidh bé duine thuitfeas ar an gcloich úd, do dhéantar greamanna
dhe; agus gidh bé duine ar a dtuitfidh sí, do dhéana sí luaithreadh dhe.
19
Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgriobuidhe láinha do chur annsan
air a núair sin féin; achd do bhi eagla an phobuil orrtha: óir do aithneadar gur
ab na naghuidh fein a dubhairt sé an chosamblachdso.
20 Agus ag tabhairt aire
ris, do chuireadar luchd bratha, do léigfeadh orrtha féin a bheith na bhfiréin,
ionnus go ngreameóchaidis air a chomhrádh, do chum a thabhartha do chumhachd
agus dughdarrás a nuáchdaráin.
21 Agus dfíafraigheadar dhe, ag rádh, á
Mhaighisdir, atá a fhios againne gur ceart labhras tú agus theagaisgeas tú, agus
nach bhfuil cion agad ar phearsain áonduine, achd go dteagasgann tú slighe Dé do
réir na fírinne:
22 An ceaduightheach dhúinne cíos do thábhairt do Shéasar,
nó gan a thabhairt?
23 Achd tug seisean a meabhail dá aire, agus a dubhairt
sé riú, Créd fá gcurtháoi cathughadh oram?
24 Taisbéanaigh dhamh pighinn. Cia
ar leis a níomháigh agus an sgríbhinn atá uirthe? Agus ar bhfreagra dhoibhsion a
dubhradar, Lé Séasar,
25 Achd a dubhairt seision riu, Ar a nadhbharsin
tabhruidh do Shéasar na neithe is lé Séasar, agus na neithe is lé Día do Dhía.
26 Agus níor fhéadadar greamughadh air a bhriathra a bhfíadhnuisi an phobuil:
agus ag déanamh iongantais ann a fhreagarthuibhsion, do thochdadar.
27 Agus
ar dteachd do dhruing do na Saduceachiabh chuige, (noch shéanas a neiséirghe do
bheith ann;) dfíafruigheadar dhe,
28 Ag rádh, A Mhaighisdir, do sgríobh
Máoisi dhúinn, Dá bhfaghadh dearbhráthar dhúine ar bith bás, agá mbía bean
phósda, agus go bhfuigheadh sé bás gan chloinn, go ngéubhadh a dhearbhráthair
chuige a bhean, agus go tóigéubhadh se sliochd dá dhearbhrathair.
29 Ar a
nadhbharsin do bhádar móirsheisior dearbhrathar ann: agus ar ngabháil mná chuige
don chédghear, fúair sé bás gan chloinn.
30 Agus do ghabh an dara
dearbhrathair chuige an bhean, agus fuair seision leis bás gan chloinn.
31
Agus do ghabh an treas dearbhráthair chuige í; agas mar an gcéadna an
móirsheisior: agus nier fhágbhadar clann, agus fúaradar bás.
32 Agus a
ndiaigh cháich aile fúair an bhean bás mar an gcéadna.
33 Ar a nadhbharsin an
sa neiséirghe cía aca súd dá madh bean í? óir do bhi si ag an mhóirsheisior na
mnaoi.
34 Agus ag freagra a dubhairt Iósa ríu, Pósaid clann an tsáoghailsi
mná, agus do bheirthear dfearuibh íad:
35 Achd cheana an dream
mheasfuidhthear gur fiú íad an sáoghal úd, agus eiséirghe ó na marbhuibh
dfagháil, ni phósaid mná, agus ní thugthar dfearuibh íad:
36 Oír ní héidir
léo bás dtagháil ní sa mhó: Oír atáid síad mar na haingle; agus na gcloinn ag
Día, ar mbeith na gcloinn ag a neiséirghe.
37 Achd go néiréochadh na mairbh,
dfoillsigh Máoise lcis ag an dos, an tan do ghoireas sé don Tighearna Día
Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob.
38 Oír ní hé Día na marbh é, achd na
mbéo: óir atáid síad uile na mbeathaigh dhósan.
39 Agus ar bhfreagra do
dhruing do na sgríobuidhibh a dubhradar, A Mhaighisdir, is maith a dubhairt tú
sin.
40 Agus níor lamhadar ó sin súas ní ar bith fhíafruighe dhe.
41 Agus
a dubhairt sé ríu, Cionnas a déirid síad gur mac do Dháibhi Criosd?
42 Agus a
deir Dáibhi féin a leabhar na Salm, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa,
Suidh ar mo láimh dheis,
43 No go gcuire mé do námhuid na sdól fád chosaibh?
44 Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhi Tighearna dhe, agus cíonnas is mac dhó é?
45 Agus a néisdeachd an phobuil nile a dubhairt sé ré na dheisciobluibh féin,
46 Tabhruidh aire dháoibh féin ó na sgríobuidhibh, le nab aill siobhal a
róhuidhibh fada, agus lé nab ionmhuin failtighe ar na marguidhibh, agus na
cédionuid suighthe ann sna coimhthionóluibh, agus na céadchuibhrinn ann sna
féasduidhibh;
47 Noch shluigeas tighthe na mbaintreabhach, agus sin fós ar
sgáth bheith go fada ag urnuighe: do gheabhuid so an dainnadh is truime.
Caibidil XXI
Mile chlúthach na baintreabhaigh, 6 Sgrios Ierusalem, 25 agus
deireadh an Domahin.
1 Agus ag féuchain dó, do chunnairc sé na dáoine
saidhbhre ag cur a dtiodhreadh a náit coimhéuda an chisde.
2 Agus do
chunnairc sé fós baintreabh bochd áirighe ag cur dhá leith fheóir ann.
3 Agus
a dubhairt sé, A deirim ribh go firinneach, gur ab mó do chuir an bhainibhach
bhochdsa ann cách uile:
4 Oir is do niomarcuidh atá aca, thugheadar so uile
tiodhlaice do Dhía: achd do chuir sisi da bochdachd féin a beatha uile ann.
5
Agus a dubhairt sé ré druing áirigh, do bhi ag labhairt ar an dteampall, tré go
raibh sé ar na dheaghmhaisiughadh do chlochaibh áille agus do thiodhluicthibh,
6 Iádson do chíthise, tiocfuid láethe ann, nách bhfuigfighthear cloch air
chloich dhíobh, nach sgáoilfighthear ó chéile,
7 Agus dfíafruigheadar dhe, ag
rádh, A Mhaighisdir, cía a núair bhéid na neithesi? agus créd é an comhthartha
bhías ann an tan do dhéantar íad so?
8 Achd a dúbhairt seision, Féachaidh
nach meallfuighthear sibh: óir tiocfuid mórán am ainmsi, ag rádh, Is misi é;
agus do dhruid a naimsir linn: ar a nadhbharsin ná leanuidh íad.
9 Agus an
tan do chluinfidhe cogtha agus búaidheartha, ná bíodh eagla oruibh: óir is éigin
íad so do theachd air tús; achd ní deireadh é fós.
10 A dubhairt sé ríu an
tansin, Eireochaidh cineadh a naghuidh cinidh, agus rioghachd a naghaidh
rioghachda:
11 Agus béid creatha móra talmhan a mórán dáitibh, agus gorta,
agus plágha; agus neithe uathbhásacha agus comharthuighe móra ó neamh.
12
Achd rompa so uile, cuirfid said lámha ionnuibhsi, agus gérleanfaid sibh, dá
bhar dtabhairt do na coimhthionolaibh, agus do na príosúnuibh, da bhur mbreith
chum righthe agus chum úachdarán ar son manmasa.
13 Achd teigeamhuidh so
dháoibhse mar fhíadhnuisi.
14 Ar a nadhbharsin daingnidhidh ann bhar
gcroidhthibh, gan a smúaintiughadh roimhe láimh cionnas do fhreagóradh sibh an
bhar son fein:
15 Oír do bheara misi béul dáoibh agus eagna, nach budh héidir
lé bhur neasgcáirdidh uile labhairt ná cur na haghuidh.
16 Agus
braithfidhthear sibh fós ó bhar naithreachaibh agus ó bhar maithreachaibh, agus
ó bhar ndearbhráithreachaibh, agus ó bhar ngáoltuibh, agus ó bhar gcáirdibh;
agus do bhéaruid fá deara cuidh dhibh do chur chum báis.
17 Agus biaídh fuáth
ag gach uile dhuine dháoibh ar son manmasa.
18 Achd ni racha rúainne do
ghruaig bhar gcinn a múgha.
19 Sealbhuighidh bhar nanmanna féin lé bhar
bhfoighid.
20 Agus an tan do chífí Iérusalem ar na timchealladh ó
shlúaghuibh, bíodh a fhios aguibh an tansin gur ab fogas a fásughadh.
21 An
sin an dream bhías a ttír Iúdáighe teitheadh said fá na sléibhtibh; agus an
luchd bhías ann a lar, imthigheadh said aisde; agus an dream bhías ar na
machairidhibh ná héirgheadh síad a sdeach innte.
22 Oír a said so láeithe an
dioghaltuis, ionnus go gcoimhlionfuidhthe na huile neithe atá sgríobhtha.
23
Agus budh trúagh do ná mnáibh bhías torrach, agus ag oileamhuinn ann sna
láethibh úd! oír bíaidh riachdanas romhór ann sa dúithche, agus fearg ris an
bpobalsa.
24 Agus tuitfid lé faobhar an chloidhimh, agus béarthar a
mbraighdeanas íad chum na nuile chinidheach: agus bhíadh Iarúsalém ar na
saltairt fáoi a Cineadhachaibh, nó go gcoimhlíontar aimsearacha na Geinidheach.
25 Agus béid comharthuighe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuigh, agus ann sna
réultannuibh: agus combrúghadh na gcinidheach ar an dtalamh, tré úathbhás; ag
buirfigh don fhairge agus do na tonnuibh;
26 Agus racha a nanam as na
dáoinibh tré eagla, agus tré bheith ag feitheamh ris na neithibh thiocfas ar an
domhan: oír croithathear cumhachda neimhe.
27 Agus ann sin do chifid Mac an
duine ag teachd a néull maille lé cumhachda agus lé glóir mhóir.
28 Agus an
tan thionnsgóntar na neithesi do dhéanamh, féachuidh súas, agus togbhaidh bhár
gcinn; óir is fogus dáoibh bhar bhfúasgladh.
29 Agus a dubhairt sé an
chosamhlachdsa ríu; Féachaigh an crann fige, agus na huile chrann;
30 An tan
sgeithid a nduilleabhar, air na fhaicsin dáoibhsi aitheantáoi úaibh féin gur
fogus an samhradh ann sin.
31 Is mar sin dáoibhsi, an tan do chífí na
neithesi déanta, bíodh a fhíos aguibh gur ab fogus atá rioghachd Dé.
32 A
deirim ribh go fírinneach, Nach racha an dínisi thort, nó go ndéantar na
neithesi uile.
33 Rachaidh neamh agus talamh thort: achd ní rachaid mó
bhriathrasa thort go bráth.
34 Achd tabhruidh bhur naire dhíbh féin, deagla
go mbíadh sibh tromchroidh theach úair ar bith í chráos, agus ó mheisge, agus ó
rochúramuibh na beathasa, agus go dtiochfadh an lá úd go hobann oraibh.
35
Oir tiocfa sé mar dhul ar na huile dháoine dá náitrigheann ar úachdar na talmhan
uile.
36 Ar a nadhbharsin déanuidh faire, ag guidho gach uile uair, ionnus go
rucasfuigh gur fiú sibh dul as ó na neithibhsi uile atá chum teachda, agus go
seasmhóchadh sibh a bhfiadhnuisi Mhic an duine.
37 Agus do bhíodh sé teagasg
sa ló ann sa teampeall; achd ann san noidhche ar nimtheachd dó amach, do
chomhnuigheadh sé ar a tslíabh dá ngoirthear slíabh na Noluidheadh.
38 Agus
do thigeadh an pobal uile chuige go moch air maidin, déisdeachd ris ann sa
teampall.
Caibidil XXII
Chaith an deamhan ar Iudas
chum failliughadh ar Chriosd. 54 Do shéan Peadar é. 66 Achd dadaimh sé féin gur
ab Mac Dé é.
1 Agus do dhruid féasda a naráin gan laibhín riu, dá
ngoirthear an Cháisg:
2 Agus do bhí úachdarain na sagart agus na sgríobuidhe
ag íarruidh cionnus do mhuirfidís eision; oir do bhí eagla an phobuil orrtha.
3 Achd do chúaidh Satan a Níudas dar chomhainm Iscáiriot, do bhí no nuibhir an
dá fhear dhéag.
4 Agus ar nimtheachd amach dhé, do labhair sé ris na
hárdsagartaibh agus ris na húachdaranuibh, cionnas do bhraithfeadh sé eision
dhóibh.
5 Agus do gabh lúathgháire íadsan, agus do rinneadar cunnradh ris
airgead do thabhairt dó.
6 Agus do gheall seision sin, agus díarr sé faill ar
eision do bhrath dhóibh ab tan nach mbíadh an pobal a láthair.
7 Achd táinic
lá a naráin gan laíbhín, ann ar bhéigin an tuan cásg do mharbhadh.
8 Agus do
chuir Iósa Peadar and Eóin úadh, ag radh, Imthigh, agus ullmhuighidh dhuinn an
túan cásg, do chum go níosamáois é.
9 Achd a dubhradarsin ris, Cía a náit ann
ar toil leachd sinn dá ullmhughadh?
10 Agus a dubhairt sé ríu, Féuch, tar éis
dul a sdeach sa chathraigh dháoibh, teigeamhuidh duine áirghe oruibh, ag iomchar
shoighthigh uisge; leanaidh é don tigh iona racha sé a sdeach.
11 Agus
abruidh ré fear an tighe, A deir an Maighisdir riot, Cáit a bhfuil an Ióisdín,
iona níosa mé an cháisg maille rem dheisciobhluibh?
12 Agus taisbéanuigh
seision dáoibh séomra mór uachtrach deaghmhaisioch: ullmhuighidh ann sin é.
13 Agus ar nimtheachd dóibhsion, fuaradar mar a dubhairt seision riu: agus
dullmhuigheadar an cháisg.
14 Agus an tráth tháinic an tam, do shuidh sé
síos, agus a dhá dheisciobal deg maille ris.
15 Agus a dubhairt sé ríu, Do
bhí fonn romhór oram an cháisgse do chaitheamh maille ribhsi suil fhuileongas
mé:
16 Oír a deirim ribh, Nach íosa mé dhe ní as mó, nó go gcoimhlíontar é a
ríoghachd Dé.
17 Agus ar ngabháil an chupáin chuige, ar mbreith buidheachais
dó, a dubhairt sé, Glacaidh so, agus roinnidh eadruibh féin é.
18 Oír a
deirim ribh, Nach iobhta mé do thoradh na fineamhna, no go dtíg rioghachd Dé.
19 Agus ar ngabháil a nárain chuíge, ar mbreith huidheachais dó, do bhris, agus
tug sé dhóibhsean é, ag rádh, A sé so mo chorpsa do bhearthar áir bhur sonsa:
déanuidh so mar chuimhne oramsa.
20 Agus mar an gcéadna an cupán fós tar éis
suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núa ann mfhuilsi, dhóirtear ar bhar
sonsa.
21 Achd, féuch, lámh an té bhraitheas misi am fhochair ar an mbórd.
22 Agus imthigidh Mac an duine go deimhin, do réir mar do hórduigheadh: gidheadh
is mairg don duine úd lé mbraithtear é!
23 Agus do thionnsgnadarsan a
fhíafruigh eatarra féin, cía aca bhíadh ar tí so dheanamh.
24 Agus fós
déirghidh imreasain eatarra, cía aca measfuighthe bheith ní as mó.
25 Achd a
dubhairt seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh seision ríu, Atá tíghearnas ag
righthibh na Geinidheach orrtha; agus an dream agá bhfuil cumhachda orrtha
goirthear dáoine flaitheamhla dhíobh.
26 Achd ní mar sin dáoibhse: achd an té
as mó eadruibh, bhíodh sé mar an té is lugha; agus an té is áired eadruibh, mar
an té do ní miniosdralachd.
27 Oír cía aca is mó, an té shuigheas ar an
mbórd, nó an tí friothólamh? a né nach é an té shuigheas ag bidh? achd atáimsi
eadruibhse mar an té do ní friotholamh.
28 Agus is sibhsi dfan am fhochairsi
ann mo chathuighthibh.
29 Ar a nadhbharsín órduighim dháoibhsi rioghachd, mar
do órduigh Máthair féin damhsa;
30 Ionnus go níosdáoi agus go níobhtháoi ar
mó bhórdsa ann mo rioghachd féin, agus go suighfí ar chaithíreachaibh ag breith
bhreithe ar dhá threibh dhéug Isráel.
31 Agus a dubhairt an Tighearna, A
Shímóin, a Síomóin, féuch, díarr Sátan sibhsi, le bhar gcáthadh mar
chruithneachd:
32 Agus do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach
dtráoithfeadh do chreideamh: agus air bhfilleadh duitse, neartuigh do
dhearbhraithreacha.
33 Agus a dubhairt seision ris; A Thighearna atáim ullamh
air bhul leachdsa, chum príosúin, agus chum báis leis.
34 Achd a dubhairt
séision, A deirim riot, a Pheadair, nach goirfe an coileach a níu, nó go séanna
tú trí húaire go bhfuil aithne agad oramsa.
35 Agus a dubhairt sé ríu, An tan
do chuir mé úaim sibh fan sparán, ná mála, ná bróga, an raibh uireasbhuigh éin
neithe oruibh? Agus a dubhrádarsan, Ní raibh.
36 Ar a nadhbharsin a dubhairt
sé ríu, Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparán tógbhadh sé é, agus a mhála mar
an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh sé
cloidheamh.
37 Oir a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atá sgriobhtha do
choimhlíonadh ionnamsa, Agus atá sé ar na chomháireamh a measg na ndáoine
coirthéach: óir na neithe úd atá am thaoibhse atá deireadh aca:
38 Achd a
dubhradarsan, A Thighearna, féuch, dhá chloidheamh ann so. Achd a dubhaier
seision ríu, Is lór sin.
39 Agus ar nimtheachd amach dhó, do chúaidh sé, do
réir a ghnáthuighthe, go slíabh na Noluidheadh; agus fós do leanadar a
dheisciobuil é.
40 Agus an tán tháinic sé chum na háite, a dubhairt sé ríu,
Déanunidh urnuighe ionnus nach dteigeamhadh sibh a ccáthughadh.
41 Agus do
tairrngeadh eision úatha a dtimcheall urchair cloiche, agus agá léigean air a
ghlúinibh, do rinne sé urnuighe,
42 Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir
an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar.
43 Achd do taisbéanadh dhó aingeal ó neamh dá chomhfhurtachd.
44 Agus ar
mbeith a nanbhuain mhóir dhósan do rinne sé urnuighe ní as díthchiolluighe: agus
do bhí a allas mar bhráona mora fola ag tuitim ar talamh.
45 Agus an tan
déirigh sé ó umuighe, tháinic sé chum a dheisciobal, agus fuair sé na gcodladh
íad tré thuirsi,
46 Agus a dubhairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirghidh agus
déanuidh urnuighe, do chum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh.
47 Agus ag
labhairt dó fós, féuch an slúagh, agus an té dá ngoirthí Iúdas, áon don dá fhear
déag, ag gabháil rompa, agus do dhruid sé ré Hiosa do thabhairt póige dhó.
48
Agus a dubhairt Iósa ris, A Iúdais, an lé poig bhraithbeas tú Mac an duine?
49 Agus an tan do chunncadar an dream do bhí ná thimcheallsan an ní do bhí ag
teach, a dubhradar ris, A Thighcarna, an mbuáilfeam lé cloidheamh?
50 Agus do
bhuáil fear dhíobh searbhfhoghantuidhe a nárdshagairt, agus do bhean sé a chlúas
dheas de.
51 Achd do fhreagair Iósa agus a dubhairt, Fuilngidh go soithe so.
Agus ar mbuáin ré na chluáis súd, do shlánuigh sé é.
52 Agus a dubhairt Iósa
ris na hardsagartaibh, agus úachdaráuibh an teampuill, agus na seinnsearaibh,
tháinic chuige, An dtangabhair amach, le cloidhimhthibh agus le batuidhibh,
amhuil chum bhiothainhnuigh?
53 An tan do bhí me gach lá agaibh sa teampall,
níor shineabhair lámha dhamh: achd a sí so bhar nuáirsi, agus cumhachda an
dorchaduis.
54 Achd ar mbreith airsion, rugadar léo é, go tigh an
ardshagairt. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é.
55 Agus an tráth do lasadar
teine ar lár na halla, agus so shuigheadar na timchioll a bhfochair a chéile, do
shuidh Peadar catarra.
56 Agus an tan do chunnairc cailín áirighe é na
shuidhe ag an teinidh, ar bhfeachain go gér dhí air, a duabhaiet sí, Do bhi an
fearso fós na fhochair súd.
57 Agus do shéan seision é, ag rádh, A bhean,
níor bhaithnidh damh é.
58 Agus beagán na dhiáigh sin ar na fhaicsin do neach
eile, a dubhairt sé, Agus is díobh súd thusa fós. Achd a dubhairt Peadar, A
dhuine, ní díobh misi.
59 Agus a dtimcheall áonuáire amháin na dhiáigh sin,
do dhearbhuigh neach áirighe ele, ag rádh, Go firinneach do bhí an tési leis na
fhochair súd: óir is Galiléeach é.
60 Achd a dubhairt Peadar, A dhaine, ní
bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus ar an mball, an feadh do bhí sé ag
labhairt, do ghoir an coileach.
61 Agus ar gcasadh don Tighearna, dféuch sé
ar Pheadar. Agus do chumhnigh Peadar ar chomrádh an Tighearna, cionnas a
dubhairt sé ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí huáire.
62
Agus ar ndol amach do Pheadar, do ghuil sé go gér.
63 Agus na dáoine do
chuinnigh Iósa do rinneadar fonómhad fáoi, dá bhúaladh;
64 Agus an tan do
fholuigheadar é, do bhuáileadar a aghuidh, agus dfiafruidheadar dhe, ag rádh,
Déana fáigheadóireachd, cía bhúail thú?
65 Agus a dubhradar mórán do neithibh
eile na aghaidh dhá mhaslughadh.
66 Agus mar déirigh an lá, do chrinnigheadar
sinnsir an phobuil, agus na hárdsagairt, agus na sgríobuidhe a bhfochair a
chéile, agus tugadar eision chum a gcomhairle féin,
67 Ag rádh, An tusa
Críosd? innis dúinne. Agus a dubhairt seision riu, Má innisim dháoibh, ní
chreidfidhe mé:
68 Agus fós ma fhiafruighim í dhíbh, ní thiobhartháoi freagra
oram, agus ní léighfi uáibh mé.
69 Sam aimsir aig teachd biáidh Mac an duine
na shuighe ar deis chumhachd Dé.
70 Agus a dubhradar uile ris, mar sin an
túsa Mac Dé? Agus a dubhairt seision riú, A deirthisi gur ab mé.
71 Achd a
dubhradarsan, Créd é an riachdanus fiadhnuisi atá oruinn feasda? óir do
chúalamar féin as a bhéul féin é.
Caibidil XXIII
Criosd, 11 ar na thaircaisniughadh re Iorúaidh, 24 agus ar na chéasadh lé
Piolit, 34 do ghuidh sé arson maitheamhnas dá naimhdibh.
1 Agus ar
néirghe dá ccoimhthional uile, rugadar chum Pioláid é.
2 Agus do
thionnsgnadar cúis do chuir air, ag radh, Fúramar an fearsa ag iompódh ar
gcinidh, agus ag toirmeasg cíosa do thabhairt do Shéasar, ag rádh gur ab é féin
Críosd an Rí.
3 Agus a dfíafruidh Pioláid dhe, ag rádh, An tusa Rí na
Níudaighe? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin.
4
Agus a dubhairt Píoláid ris na hárdsagartuibh agus ris an tslúagh, Ní fhaghaimsi
cúis ar bith air a bhfearso.
5 Achd do theannadarsan orrtham ag rádh,
Buáidhridh sé an pobal, ag teagasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag teasgasg ar
feadh thíre Iúdaighe uile, ag tosughadh ón Ghalilé go soithe so.
6 Agus mar
do chúaluidh Píoláit teachd thar an Ngalilé, dfiarfruidh sé dhe nar Ghaliléeach
é.
7 Agus an tan daithin sé gur ab fá thumhachduibh Iornáth do bhí sé, do
chuir sé ar ais é chum Iorúaidh, do bhí Níarusalém ann sna láethibh sin.
8
Agus ar bhfaicsin Iósa Díoruáidh, do ghabh lúathgháire mhór é: óir do bhí fonn
air ré fada eision dfaicsin, do bhrigh go gcúaluidh sé mórán air; agus do bhí
dóchas aige go bhfaicfeadh sé comhtharra éigin ar na dhéanamh leis.
9 Agus
dfíafruidh sé mórán do cheasdannuibh dhe; achd ní thug seision freagra ar bith
air.
10 Agus do sheasadar na hárdsagairt agus na sgrióbuidhe ag déanamh
casáoide air go dithchiollach.
11 Achd tug Ioruáidh maille ré na luchd
coguidh tarcuisne air, agus do rinneadar fonómhad fáoi chúireadar chum Píoláid a
rís é.
12 Agus an lásin féin, do rinneadh Ioruaith agus Píoláid na gcáirdibh
dhá cheile: óir do bhádar na naimhdibh agá chéile roimhe sin.
13 Agus ar
ngairm na nárdsagart agus núachdarán, agus an phobuil do Phioláid,
14 A
dubhairt sé riu, Tugabhair chugamsa an duinesi, mar neach iompóidheas an pobal:
agus, féuch, ar gceasdughadh ris damsha ann bhar bhfiadhnuisi féin, ní fhúair me
coir ar bith ar an duine do na neithibh agá ndéantáoisi casáoid air:
15 Agus
fós, ní fhúair, Ioruáidh: óir do chuir mé chuige sibh; agus, féuch, ní
dhearnuidh níar bith leis do thuillfeadh bás.
16 Ar a nadhbharsin ar na
smachdughadh, léighfidh mé uáim é.
17 Oír dob éigean dí neach éigin do
léigean amach dhóibh ann sa bhféasda.
18 Achd do éigh an choimthionol uile,
ag rádh, Beir uáinn an fearsa, agus sgáoil dúinne Barabbas:
19 Do bhí ar na
chur a bpriosún tré cheannairc áirighe, agus trí mharbhadh, do rinneadh ann sa
chathraigh.
20 Ar a nadhbharsin, do labhair Píoláid rín a rís, ar mbeith
fonnmhar dhó ar Iósa léigean úadh.
21 Achd do éimhgheadarsan, ag rádh, Croch
é, croch é.
22 Agus a dubhairt sé rín an treas uáir, Achd, créud é an tolc do
rinne sé? ní fhuair mísi cúis bhais ar bith air: ar a nadhbharsin ar na
smachdughadh, leigfidh mé amach é.
23 Achd do sheasadarsan go cruáidh ná
aghuidh lé gothannuibh móra, ag íarruidh eisiondo chrochadh. Agus do
bhuaidheadar a ngóthasan agus gótha úachdarán na sagart.
24 Agus rug Píoláid
do bhreith an ní díarradarsan do dhéanamh.
25 Agus do léig sé amach chuca an
té do teilgeadh a bpriosún ar son cheannairce agus marbhtha, noch do íarradar;
agus tug sé Iósa dhá dtoilsion.
26 Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith
ar Shiréanach áirighe, dar bhainm Simon, do bhí ag teachd ón túaith, do
chuireadar an chroch air, dá hiomchara ndíaigh Iósa.
27 Agus do lean
cuideachda mhór don phobal, agus do na mnáibh é, do bhí fós ag gul agus dá
cháoineadhsan.
28 Agus ar bhfilleadh chuca a dubhairt Iósa, A ingheana
Ierusaléim, ná guilidh ar mo shonsa, achd guilidh ar bhar son féin, agus ar son
bhar gcloinne.
29 Oír, féuch, tiochfuid na láethe, iona naibéoruid said, Is
beannuighthe na mná seasga, agus na bronna nach ar thuismidh, agus na cíocha
nach dtug bainne úatha.
30 Ann sin thionnsganaid a rádh ris na sléibhtibh,
Tuitigh oruinn; agus ris na cnocaibh, Folnighe sinn.
31 Oír má níd síad na
neithesi ris an crann úr, créd do dhéantar ris an ccríon?
32 Agus fós tugadh
días eile meirleach da ccur chum báis na fhochairsion.
33 Agus an tan
tanagadar do nionad dá ngoirthear Ait na cloigne, do chrochadar ann sin é féin,
agus na meirligh, fear air a dheis, agus fear eile air a láimh chlé.
34 Agus
a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid
said. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.
35 Agus do
sheas an pobal ag fhéachain air. Agus do rinneadar na húachdaráin leis fonómhad
fáoi maille ríusán, ag rádh, Dfóir sé ar dháoinibh eile; foireadh sé air féin,
mas é so Criosd, do thogh Día.
36 Agus fós do rinneadar na saighdiuirigh
fonómhad fáoi, ag drud ris, agus ag tairgsin bhinéigre dhó,
37 Agus ag rádh,
Mas tusa rí na Níuduigheadh, fóir ort féin.
38 Agus fós do bhí
sgríbhneóireachd sgríobhtha ós a chionn do litreachabh Gréigis, agus Laidní,
agus Eabhrias, A SE SO RI NA NIUDUIGHEADH.
39 Achd do bhí áon do na
meirleachaibh do crochadh dá mhaslughadh, ag rádh, Mas tú Críosd, fóir ort féin
agus oruinne.
40 Agus ar bhfreagra don fhear eile, do spreag sé é, ag rádh, A
né nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fa áondhamnadh ris?
41 Achd sinne go
deimhin go ceart; (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd
ní dhearna an tési olc ar bith.
42 Agus a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna,
cuimhnigh oransa an tan thiochas tú ad rioghachd féin.
43 Agus a dubhairt
Iósa ris, A deirim riot go firinneach, Go mbia tú am fhochair a niu a bpárrthas.
44 Agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair, agus do rinneadh dorchadas ar
an dtalamh uile gus a náomheadh húair.
45 Agus do dhorchuigheadh an ghrían
agus do briseadh brat roinnte an teampuill ann a lár.
46 Agus ar néigheamh
Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé, A Athair, táobham mo spiorad ann do
lamhaibhsi: agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad ás.
47 Agus an tráth do chunnaire an caiptíu an ni do rinneadh, tug sé glóir do
Dhía, ag rádh, Go firinneach budh firéan an duinesi.
48 Agus an pobal uile
tháinic a náoinfheachd dá fhéachainsion, a núair do chunncadar na neithe do
rinneadh ann, ag búaladh a nochda, do fhilleadar air a nais.
49 Agus do
sheasadar a dháoine aitheanta, a bhfád úadh, agus na mná do lean é ón Ghalilé,
ag féachain ar na neithibhsi.
50 Agus, féuch, tháinic fear dar bhainm Ióseph;
do bhí na chomhairleach, na dhuine mhaith, agus na fhírean:
51 Nach a
áontaigh dhá gcomhairle ná dá ngníomh súd; ó Arimatéa cathair do thír Iúduighe:
agá raibh suil fós ré rioghachd Dé.
52 Ar ndul dó so chum Pioláid, díarr sé
corp Iósa.
53 Agus ar na bhúain a núas dó, do chuir sé linéadach na
thimcheall, agus do chuir sé a dtúama do bhí ar na thochailt a gcarraic é, ann
nach ar cuireadh áonduine roimhesion a ríamh.
54 Agus do bé sin lá a
nullmhuighthe, agus do bhí an tsabbóid ag druid ríu.
55 Agus fós na mná, do
lean é, agus tháinic leis ón Ghalilé, do chunncadar an túama, agus cionnas do
bhí a chórpsan ar na chur.
56 Agus ar bhfilleadh dhóibh dullmhuigheadar
spíosruidhe deaghbhaluidh agus uinnímentighe; agus do chomhuuidheadar lá na
sábhoide do réir na háithne.
Caibidil XXIV
Soisgeul
subhach na naingeal do na mnáibh, um eiseirghe Chriosd, 36 Noch do thaisbein é
féin dá Absduluibh, 51 agus chúaidh súas ar neamh.
1 Agus an céadlá don
tseachdmhuin, tangadar go romhoch ar maidin, chum an túama, ag tabhairt léo na
neitheadh deaghbhaluidh dullmhuigheadar, agus mná áirighe eile maille ríu.
2
Agus fúaradar an chloch ar na hiomlat ón túama.
3 Agus ar ndul a sdeach
dhóibh, ní fhúaradar corp an Tighearna Iósa.
4 Agus tárla, gur ghabh úathbhás
íad fán ní sin, agus féuch, do sheasadar días fear na naice a néaduighibh
dealruightheacha:
5 Agus ar na ngabháil eagla dóibsion, agus ar gcromadh a
naighthe chum na talmhan, a dubhradarsan ríu, Créud fa níartháoi eidir na
marbhuibh an lé atá beo?
6 Ní bhfuil sé ann so, achd déirigh sé: cuimhnighidh
mar a dubhairt sé féin ribh an feadh do bhí sé fós ann sa Ghalilé
7 Ag rádh,
Is éigin Mac an duine do thabhairt a lámhuibh dháoine peacthach, agus a
chrochadh, agus a eiséirghe an treas lá.
8 Agus do chuimhnigheadarsan ar a
bhriathraibhsion,
9 Agus ar bhfilleadh ón túama, dfoillsigheadar na neithesi
uile don éineasbal dég, agus do cach eile uile.
10 Achd a si Muire Mhaghalén,
agus Iónna, afus Muire mathair Shéumais, agus na mná eile do bhí maille ríu,
dinnis na neithesi do na heasbuil.
11 Agus do cheasadarsan a mbríathra mar
éadruime cheille, agus nior chreideadar dhóibh.
12 Agus ar néirghe do
Pheadar, do rioth sé chum an túama; agus an tan a dféuch sé a sdeach, do
chunnairc sé an linéadach na luighe leis féin, agus dimthigh sé, ag déanamh
iongantais leis féin fán ngíomhsa.
13 Agus, féuch, do chúadar días diobhsan
an lásin féin go baile atá trí fithchid sdáide ó Iérusalém, dar ab ainm Emmáus.
14 Agus do bhádar ag labhairt eatarra féin ar na neithibhsi uile tarla ann.
15 Agus tárla, ar mbeith ag comhrádh dhóibh agus ag ceasdúghadh ré chéile, go
dtáinic Iósa féin, agus gur shiubháil sé léo.
16 Achd do cungmhadh a
súilesion, ionnus nach aitheonchaidís é.
17 Agus a dubhairt sé ríu, Créd íad
na comhraitesi air a bhfuiltí ag teachd cadruibh féin, ag siobhal dibh, agus
sibh go bronach?
18 Agus ar bhfeagra do neach díobh, dar bhainm Cléophas, a
dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad áonar ad choigcrigheach a Niarusalém, agus
gan fios na neitheann do rinneadh innte ann sna láethibhsi agad?
19 Agus a
dubhairt seision ríu, Créd iad na neithe? Agus a dubhradarsan ris, Na neither
tháobh Iósa Nasardha, do bhí na fhaigh chumhachdach a ngniómh agus a mbreithir a
bfiadhnuisi Dé, agus an phobuil uile:
20 Cionnas tugadar na hárdsagairt, agus
ar núachdarainne é chum breithe bháis do bhreith air, agus do chrochadar é.
21 Achd do bhí ar súilne gur bheision an té dfuaisgéoladh Isráel: agus leith
amuich dhíobh so uile, a sé níu an treas lá ó rinneadh na neithesi.
22 Agus
mar an gcéadna, mná áirighe dhínn féin tháinic go moch chum a túama, do
chuireadar úathbhás oruinn;
23 Agus mar nach bhfuaradar a chorpsan, tangadar,
ag rádh, go bhfacadar féin fós taidhbhsi aingeal, a deir go bhfuil sé na
bheathaigh.
24 Agus do chuadar dream áirighe dhá rabh maille rinne chum an
túama, agus fuaradar mar a dubhradar na mná: achd ní fhacadar eision.
25 Agus
a dubhairt seision riu, O a dhaoine amadánach agus mallchroidhtheach chum
creidmhe dá gach éinni dar labhradar na fáighe!
26 A né nar bhéigin do
Chríosd na neithesi dfulang, agus dul a sdeach ann a ghlóir féin?
27 Agus ar
dtionnsgnadh ó Mháoisi agus ó na faighibh uile, do eidirmhínigh sé dhoibh ann
sna huile sgriopturaibh na neither bhi dhá tháobh féin.
28 Agus do
dhruideadar ris an mbaile, ann a rabhadar ag dul: agus do léig seision air go
rachadh sé ní is faide.
29 Achd do choimhéignigheadarsan é, ag rádh, Fan
aguinne, óir atá sé na thrath nona, agus is deireadh láoi atá ann. Agus do
chúaidh se a sdeach dfuireach aca.
30 Agus tárla, an tan do chuidh sé chum bí
na bhfochair, ar mbreith ar a narán; go rug sé buidheachas, agus ar na
bhriseadh, tug sé dhóibhsion é.
31 Agus so hosgladh a súilesion, agus
daithnidheadar eision; agus do tóghbadh as a namharc é.
32 Agus a
dubhradarsan eatarra féin, A né nach rabhadar ar gcroidhthe ar lasadh ionnuinn,
an feadh do bhí sé ag labhairt rinn ar a tslighe, agus an tan do osguil sé
dhuinn na sgrioptúiridh?
33 Agus ar néirghe dhoibh ar a núairsin féin,
dfilleadar go Híarusalém, agus fúaradar an téinfhear deúg cruinn a bhfochair a
chéile, agus an dream do bhí maille ríu,
34 Ag rádh, Déirigh an Tighearna go
firinneach, agus taisbéanadh do Shíomón é.
35 Agus dinnisiodarsan na neither
do rinneadh ar a tslighe, agus mar do aithnidheadar é a mbriseadh a naráin.
36 Agus agá labhairt so dhóibhsion, do sheas Iósa féin ann a lár, agus a
dubhairt sé ríu, Siocháin maille ribh.
37 Achd ar mbeith dhóibhsion ar crith
agus lán deagla, do sháoileadar gur spiorad do chunncadar.
38 Agus a dubhairt
seision ríu; Créd fá bhduilti ar bhar mbúaidhreadh, agus créd fá a néirghid
smúaintighe ann bhar gcroidhthibh?
39 Feuchaidh mó lámha agus mó chosa, óir
is misi féin atá ann: glacaidh, agus féuchaidh mé; oír ní bhfuil féoil na cnámha
ag spioruid, mar do chithi agamsa.
40 Agus an tan a dubhairt sé na neithesi
do thaisbéin sé dhóibh a lámha agus a chosa.
41 Achd ar mbeith míchreidmheach
dhóibhsion fós tré gháirdeachas, agus ag déanamh iongantais, a dubhairt seision
ríu, An bhfuil bíadh ar bith agaibh ann so?
42 Agus tugadarsan do cuid díasg
rósduighe, agus cuid do chír mheala.
43 Agus ar na nglacadh dhósan, dúaidh sé
na bhfiafhnuisision íad.
44 Agus a dubhairt sé ríu, Ag so na briathar do
labhair mé ribh, a núair do bhí mé fós bhar bhfochair, gur ab éigin na huile
neithe atá sgríobhtha a reachd Mháoisi, agus ann sna fáighibh, agus ann sna
salmuibh, am thimcheallsa do choimhlíonadh.
45 Ann sin dosguil sé a ttuisge,
ionnus go dtuigfidís na sgrioptúir,
46 Agus a dubhairt sé ríu, Gur mar so do
bhi sé sgríobhtha, agus gur mar so dob éigin do Chríosd fulang, agus éiseirghe ó
mharbhuibh an treas lá:
47 Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do
dheanmóir an ainm do na huile chinidheachuibh, ag tionnsguadh ó Iérusalém.
48
Agus is sibhsi fiadhnuiseadha na neitheannsa.
49 Agus, féuch, cuirfidh misi
gallamhun Mathar féin chugaibh: achd fanoidh a gcathair Iárusalém, no go
gcuirthear cumhachda a núas umuibh.
50 Agus rug sé amach go soithe Betánia
íad, agus ar dtóghbháil a lámh, do bheannuigh sé íad.
51 Agus tárla, ar
mbeith dá mbeannughadh dho, gur sgaradh ríu é, agus gur tóghadh súas ar neamh é.
52 Agus ar na onóruighadh dhóibhsean, dfilleadar go Híarusalém maille le
gáirdeachus mór:
53 Agus do bhídis do ghnáth ann sa teampoll, ag moladh agus
ag beanughadh Dé. Amen.